Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XI

Eiseirghe dhá fhiaghnaise na firinne (a nrigheachd agus a neagluis) 15 re seideadh na 7 sduic.

1. Agus tugadh dhamh giolcach cosmhuil ré slait: agus do sheas an taingeal láimh riom, agus a dubhairt, Eiridh, agus tomhais teampoll Dé, agus a naltóir, agus an dream do ní seirbhís ann.

2. Achd teilg amach an chúirt atá don táobh amuigh don teampoll, agus ná tomhais í; óir tugadh í do na Cineadhachuibh: agus do dhéunuid an chathair náomhtha shaltairt fá na gcosuibh ré headh dhá mhíos agus dá fhíchead.

3. Agus do bhéura mé cúmhachd dom dhá fíadhnuisighe, agus béid síad ag faidheadóireachd míle dhá chéud agus trí fichid lá, ar na néudughadh déuduighibh róin.

4. Ag so an dá chrann ola agus an dá choinnleóir, sheasas a bhfiadhnuise Thíghearna na talmhan.

5. Agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, tig teine amach as a mbéul, agus sluigidh sí a naimhde: agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, as amhluidh so ás éigean a mharbhadh,

6. Atá do chúmhachduibh aca so neamh do dhúnadh, ionnas nach mbíadh fearthuin ann a laethibh a bhfáidheadóireachda: agus atá cúmhachda aca ós na huisgidhibh ar a niompógh a bhfuil, agus ar an dtalamh do bhúaladh ré gach uile ghné phláighe, comhminic as áill ríu.

7. Agus an tan chriochnóchuid síad a bhfíadhnuise, do dhéunuidh an tainmhidhe éirgheas ón bpoll dubhaigéin cogadh ríu, agus béuruidh sé buáidh orrtha, agus muirfidh sé íad.

8. Agus béid a gcuirp sínte ar shráidibh na caithreacha moire, dá ngoirthear go spioradálta Sodom agus a Néigipt, sa nionad fós ann ar céusadh ar Dtíghearna.

9. Agus do chífid cuid do na treabhuibh agus do na puibleachuibh agus do na teangthuibh agus do na cineadhachuibh a gcuirp feadh thrí lá go leith, agus ní léigfid a gcuirp do chur a dtúamnighibh.

10. Agus do dhéunuid áitreabhuidh na talmhan gáirdeachas ós a gcionn, agus biáidh lúathgháir orrtha, agus cuirfid tabhartuis chum a chéile; do bhrígh gur phíanadar an dá fháighse áitreabhuigh na talmhan.

11. Achd a gcionn thrí lá go leith do chuáidh Spiorad na béatha ó Dhía ionnta, agus do sheasadar air a gcosuibh; agus do ghabh eagla mhór an dream do chonnairc íad.

12. Agus do chúaladar gúth árd ó néamh, ag rádh ríu, Tigidh a níos ann so. Agus do chúadar súas ar neamh a néull; agus do chonnairc a náimhde íad.

13. Agus ar a nuáirsin féin do bhí críoth mór talmhan ann, agus do thuit an deachmhadh cuid don chathruigh, agus do marbhadh seachd míle pearsa ris an gcríth talmhan sin: agus do ghabh eagla an chuid eile, agus tugadar glóir do Dhía neimhe.

14. Do chuáidh an dara truáighe thoruinn, agus, féuch, tiucfuidh an treas truáighe go háithghearr.

15. Agus do shéid an seachdmhadh aingeal a sdoc; agus do bhádar góthanna móra ar neamh, ag rádh, Is lé ar Dtíghearnainne, agus lé na Chríosd, ríoghachda an dómhuin; agus biáidh seisean na rí go sáoghal na sáoghal.

16. Agus do léigeadar an ceathrar air fhichid seanóir, noch do bhí na suidhe a bhfíadhnuise Dé ann a gcaithíreachuibh, íad féin síos ar a naighthibh, agus tugadar onóir do Dhía,

17. Ag rádh, Beirmíd buidheachas riotsa, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh, noch atá, agus do bhí, agus bhías; óir do ghabh tú chugad do mhórchumhachda féin, agus do ghnodhuigh tú do ríoghachd.

18. Agus do ghabh fearg na cineadhacha, agus táinic thfeargsa, agus aimsir, bhreitheamhnuis na marbh, agus luáidheachda do thabhairt dod shearbhfhoghantuighibh ba faidhibh, agus do na náomhuibh, agus don luchd ar a bhí eagla hanma, eidir bheag agus mhór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talamh.

19. Agus do hosgladh teampoll Dé ar neamh, agus ba léir áirc a chonnartha ann a theampoll: agus do bhí tinnteach, agus gothanna, agus tóirrneach, agus crioth talmhan, agus cloichshneachda mór ann.