Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XVII

Bhreitheamhus na sdriopuighe móire, noch tharraing tiortha oile go úmhla a hiomhuighe greanta, la na saidhbhrios neirt, agus foghluim.

1. Agus táinic aingeal do na seachd nainglibh agá rabhadar na seachd soithighe, agus do labháir sé riom, ag rádh riom, Gabh a leith; taisbéana mé dhuit dámnughadh na méirrdrigh móire atá na suidhe ár uisgedhibh iomdha:

2. Ré a ndearnadar ríghthe na talmhan sdríopachas, agus agá bhfuilid áitreabhuidh na talmhan ar misge o fhion a sdriopachais.

3. Agus rug sé ris mé fán bhfásach trés an spioruid: agus do chonnairc mé bean na snidhe ar ainmhidhe air dháth na sgárrlaóide, lán danmannuibh blaísphéimighe, ar a rabhadar seachd gcinn agus deich nadhárca.

4. Agus an bhean ar na héudúghadh do phúrpair agus do sgárrlaóid, agus ar na hóradh ré hór agus ré clochuibh morluáidh agus ré péurluighidh, agus do bhí cupán órrgha aice na láimh lán do ghráineamhlachd agus do neamhghloine a sdríopachais.

5. Agus ainm sgríobhtha aglár a héudúin, RUINDIAMHAIR, AN BHABILON MHOR, MATHAIR SDRIOPACHAIS AGUS GHRAINEAMHLACHDA NA TALMHAN.

6. Agus do chonnairc mé an bhean sin air misge dfuil na náomh, agus dfuil mhairtíreach Iósa: agus ar na faicsin damh, do ghabh iongnadh romhor mé.

7. Agus a dúbhairt an taingeal riom, Cred fá ngabhann iongadh thú? foillséochadsa dhuit rúindíamhair na mná, agus a nainmhidhe iomchras í, ar a bhfuil seachd gcinn, agus deich nadharca.

8. An tainmhidhe do chonnairc tú do bhí sé ann, agus ní bhfuil; agus eiréochuidh sé a níos as an bpoll dubhaigéin, agus do gheubhuidh a sgrios: agus budh hiongnadh ris an luchd áitreabhas an talamh, (ag nach bhfuil a nanmanna sgríobhtha a leabhar na beatha o thus an domhain,) an tan do chífid an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bfhuil, agus fós atá.

9. Ann so atá ninntinn aga bhfuil éagna. Na seachd gcinn úd, is seachd gcnuic íad, ar a bhfuil an bhean na suidhe.

10. As seachd ríghthe íad mar an gcédna: do thuiteadar cúigfhear dhíobh, agus mairidh áon, agus atá áon eile gan teachd fós; agus an tan thiucfus se, as goirid chaithfeas sé faireach.

11. Agus an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil, a sé fós an tochdmhadh é, agus as don mhóirsheisear é, agus do gheubhuidh a sgrios.

12. Agus na deich nadhárca do chonnairc tu as deich ríghthe íad, nar ghabh ríoghachd chuca fós, achd gheabhus cúmhachda chuca mar ríoghuibh a náonúair ris a nainmhídhe.

13. Atáid so dhéunchómhairle, agus do bhéuruid a neart agus a gcúmhachda dón nainmhídhe.

14. Cómhruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruidh an Túan buáidh orrtha: óir a sé Tíghearna na dtíghearnadh é, agus Rí na ríghtheadh: agus an luchd atá dhá tháobh atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtógha, agus ionnruic.

15. Agus a dubhairt sé ríom, Na huisgeadha do chonnairc tú, sa nionad na bhfuil an mheírrdreach na suidhe, as puibleacha, agus coimhthionóil, agus cíneadhacha, agus teangtha iad.

16. Agus na deich nadhárca do chonnairc tú air a nainmhídhe, biáidh fúath aca don mheirrdrigh, agus fúigfid fásuighe nochduighe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.

17. Oír do chuir Día na gcroidhthibh a thoil féin do dhéunamh, agus íad féin do bheith déuntoil, agus a ríoghachd do thabhairt don nainmhídhe, go coimhlionfuighthear bríathra Dé.

18. Agus an bean do chonnairc tú a sí an chathair mhór í, agá bhfuil ríoghachd ós ríoghuibh na talmhan.