Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil III

Ríaghlóirighe eagluisi 1 Sardis, 8 Philadelphia, 15 agus Laodicea ar na gcomháirliúghadh.

1. Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neithe a deir an ti agá bhfuilid seachd Sbiorada Dé, agus na seachd réulta; As aithne dhamh hoibreacha, go bhfuil ainm ort bheith béo, gidheadh atá tú marbh.

2. Bí ad dhúsachd, agus neartuigh an chuid eile, atá ambáoghal báis: oir ni bhfuáir mé hoibreacha iomlán a bhfiadhnuise Dé.

3. Uime sin bíodh na neithe do ghlac agus do chúala tú ar coimhne agad, agus connaimh íad, agus déun aithrighe. Achd cheana muna dhearna tú faire, tiucfa mé ort mar ghaduighe, agus ní bhiáidh fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.

4. Atá beagán danmannuibh fos agad a Sardis nár shlauidh a néuduighe; agus siubhóluid síad má ráon riomsa a néuduighibh gléigheala: óir as fíu sin íad.

5. An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na éudughadh déuduighibh gléigheala; agus ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, agus a bhfíadhnuise a ainglidhibh.

6. An tí agá bhfuil cluas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.

7. Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Bphiladelphia; Ag so na neithe a deir an neach náomhtha, án neach fírinneach, agá bhfuil eochair Dháibhi, an tí osglas, agus ní dhúnann éinneach; an tí dhúnas, agus ní osglann éunduine;

8. As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.

9. Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.

10. Do bhrígh gur choimhéid tú briathar mfoighidesi, do dhéunsa thusa choimhéud ar aimsir an chathuige, noch atá chum teachda ar a tsáoghal uile, chum dearbhtha na druinge áitigheas an talamh.

11. Féuch, tiucfa mé go haithghearr: connaimh an ní atá agud, ionnus nach béuradh éinneadh do choróin uáit.

12. Do dhéuna mé posda a dteampoll mo Dhé don tí bheireas buáidh, agus ní racha sé ní sa mho amach: agus sgríobhthad ainm mo Dhé air, agus ainm chaithreach mó Dhé, Iarusalém núadh, noch thig a núas ó neamh ó mó Dhía: agus mainm núadh féin.

13. A tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.

14. Agus sgríobh chum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neithe a deir Amen, an fhíadhnuise dhíleas fhírinneach, tosach crúthuígheadh Dé;

15. As aithne dhamh hoibreacha, nach bhfuil tú fuar ná teith: do bfearr leam go mbeitheá fuár nó teith.

16. Uime sin do bhrígh go bhfuil tú boigtheith, gan bheíth teith no fuar, atá fúm do sceith amach as mó bhéul.

17. Oír a deir tú, Atáim saidhbhir, agus líonta do mháoin, agus ní bhfuil uireasbhuidh éinneithe oram; agus gan a fhios agad go bhfuil tú dearóil, agus ad thrúaghan, agus bochd, agus dall, agus lomnochd:

18. Do bheirim do chómhairle dhuit ór a cheannach uáimse do dearbhadh a dteine, ionnus go mbeitheá saidhbhir; agus éuduighe geala, chum a gcur iomad, ionnas nach budh léir gráineamhlachd do lomnochduighe; agus ung do shúile ré fobhairt na súl, ionnus go madh lér dhuit.

19. An mhéid is ionmhuin leamsa, cronuighim agus smachduighim íad: uime sin bíodh teasghrádh agad, agus déun aithrighe.

20. Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhuáladh: ma éisdeann einneach rém ghúth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, agus íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.

21. Do bhéur cead don tí bheireas buáidh suidhe maille riom um chatháoir riogha, amhuil fós rug mise buáidh, agus shuighim a bhfochair Mathair ann a chatháoir ríoghasan.

22. An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.