Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XIII

Ainticríosd, agus a luchd seachmhadh a nádhradh na níodhol.

1. Agus do sheas mé air ghaineamh na mara, agus do chonnairc mé ainmhidhe ag éirighe as an bhfairrge, air a rabhadar seachd gcinn agus deich nadhárca, agus deich gcorónacha ar a adhárcuibh, agus ainm blaisphéime air a cheannuibh.

2. Agus bá cosmhuil an tainmhidhe do chonnairc mé ré liopard, agus bá cosmhuil a chosá ré cosuibh mhathghamhuin mhóir, agus bá cosmhuil a bhéul ré béul leomhain: agus tug an dragún a neart féin, agus a chathaóir, agus cúmhachda móra dhó.

3. Agus do chonnairc mé ceann dá cheannuibh amhuil do bhíadh cneadh bháis air; agus do leigheasadh a chneadh bháis: agus do ghabh iongnadh an talamh uile a ndiáigh a nainmhidhe.

4. Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda don nainmhidhe, agus tugadar onóir don ainmhidhe, ag rádh, Cía as cosmhuil ris a nianmhidhe? Cía fhéudus cogadh dhéunamh ris?

5. Agus tugadh béul do labhrus neithe mora agus blaisphéimigh; agus tugadh cúmhachda dhó cogadh dhéunamh air feadh dhá mhíos agus dá fhichead.

6. Agus do fhosguil sé a bhéul chum Dé mhaslughadh; chum a anma mhaslughadh, agus a thabernacail, agus na druinge áireabhas air neamh.

7. Agus tugadh dhó cogadh dhéunamh ris na náomhuibh, agus buáidh do bhreith orrtha: agus tugadh cúmhachda dhó ós cionn gach uile thréibhe, agus theanguidh, agus chinidh.

8. Uime sin do bhéuruidh na huile dhaóine áitreabhas an talamh onóir dhó, an luchd nach bhfuilid a nanmanna sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin do marbhadh ó thosach an domhain.

9. Gidh bé agá bhfuil clúas, éisdeadh sé.

10. Cía bé bhéuras neach ris a mbruid rachuidh sé féin a mbruid: cía bé mharbhas ré cloídheamh is éigean é féin do mharbhadh ré cloídheamh. Is ann so atá foighid agus creideamh na náomh.

11. Agus do chonnairc mé ainmhidhe eile ag éirghe as an dtalamh; air a rabhadar dhá adháirc cosmhuil ré hadhárcuibh uáin, achd do labhradh se mar dhragún.

12. Agus do rinne sé gach ní dár bhféidir ris an gcéud ainmidhe dhéunamh dhá lathair, agus tug sé air an dtalamh agus air an druing áitreabhas ann onóir do thabhairt don chéud áinmhidhe, agár leigheasadh a chneadh bháis.

13. Agus do rinne sé miorbhuile móra, ionnus go dtug sé fó deara teine theachd a núas ó neamh chum na talmhan a bhfíadhnuise na ndaóineadh.

14. Agus do mheall sé an luchd áitreabhas an talamh do bhrígh na miorbhuileadh tugadh dhó ré a ndéunamh láthair a nainmhidhe; ag rádh ris an luchd áitreabhas an talamh, Iomháigh a dhéunamh don náinmhidhe, air a raibh an buille cloidhimh, agus do bhí béo.

15. Agus tugadh cúmhachda dhó, sbíorad do thabhairt díomháigh a náinmhidhe, ionnus go laibhéoradh iomháigh a nainmhidhe, agus go dtiubhradh fó deara an mhéidnach dtiubhradh onóir díomhaigh a nainmhidhe, do mharbhadh.

16. Agus tug sé air a nuile dhuine, eidir bheag agus mhór, eidir shaidhbhir agus dhaidhbhir, eidir sháor agus dáor, comhartha do ghabháil chuca na láimh dheis, nó a gcláruibh a néudan:

17. Agus nach bíadh cúmas ag éinneach réic nó ceannach, achd amháin ag an tí ar a mbíadh an comhartha, nó ainm a nainmhidhe, nó úibhir a anma.

18. Ann so atá a néagna. An tí agá bhfuil inntleachd áirmheadh sé úibhir a nainmhidhe: óir as úibhir dhuine é; agus a sé as uibhir dhó Sé chéud trí fichid agus a sé.