Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XV

Seachd plágha ó Dhía ar ti dortadh a mach ar an impireachd fhoiregeantach, iodholadhrach, ré seachd nainglibh.

1. Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.

2. Agus do chonnairc me cosamhlachd fhairrge gloinidhe ar na cúmasg ré teine: agus an luchd rug buáidh ar a nainmhidhe, agus ar a iomháigh, agus ar a chómhartha, agus ar úibhir a anma, na seasamh ag an bhfairrge ghloinidhe, agus cláirseacha Dé aca.

3. Agus do chanadar cainntic Mhaóise shearbhfhoghantuigh Dé, agus cainntic a Nuáin, ag rádh, As mór iongantach hoibreachasa, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh; is comhthrom fírinneach do shlighese, a Rí na ccineádhach.

4. Cía air nach biáidh eagla rómhad, a Thíghearna, agus nach dtiubhradh glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naomhtha: óir tiucfuid na huile chineadhacha agus sléuchdfuid ad fíadhnuise; óir atáid do bhreitheamhnuis ar na bhfoillsiughadh.

5. Agus damhairc mé ná dhiáigh sin, agus, féuch, do hosgladh teampoll thabernacuil na fíadhnuise ar neamh:

6. Agus tangadar na seachd naingil amach as an dteampoll, agá rabhadar na seachd bplágha, umá raibh línéudach glan deallruigheach, agus íad ar na gcreasrúghadh ré creasanuibh órrgha a dtimchioll a nochda.

7. Agus tug beathach do na ceithre beathaidhibh do na seachd nainglibh seachd soithighe órrgha líonta dfeirg Dé, mhaireas go sáoghal na sáoghal.

8. Agus do líonadh an teampoll ré deatuigh ó ghlóir Dé, agus ó na chúmhachduibh; agus níor bhféidir déineach dul a steach don teampoll, nó go rabhadar seachd bplágha na seachd naingeal ar na gcríochnughadh.