Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil IX

Tuille doghrainn tar óis séideadh an 5 agus an 6 sduic.

1. Agus do shéid an cúigeadh aingeal a sdoc, agus do chonnairc mé réult ag tuitim ó neamh chum na talmhan: agus tugadh dhó eochair an phuill dubhaigéin.

2. Agus do fhosguil sé an poll dubhaigéin; agus do éiridh deatach as an bpoll, amhuil as úamhuigh mhóir theineadh; agus do rinneadh an ghrían agus an taiéur dorcha ó dheatuigh an phuill.

3. Agus tangadar lócusduighe amach as an deatuigh ar an dtalamh: agus tugadh cúmhachda dhóibh, do réir na gcúmhachd atá ag airhreachuibh nimhe na talmhan.

4. Agus a dubhradh ríu, Gan dochar do dhéunamh dféur na talmhan, na do ní glas ar bith, ná do chrann ar bith; achd do na daóinibh amháin ag nach bhfuil séula Dé a gcláruibh a néudan.

5. Agus tugadh dhóibh gan a marbhadh, achd bheith dhá bpíanadh feadh chúig míos: agus a bpían do bheith mar phéin aithir nimhe, an tan chailgeas sí duine.

6. Agus ann sna laethibh sin béid daóine ag íarruidh báis, agus ní bhfuighid é; agus budh mían ríu bás dfagháil, agus teithfidh an bás úatha.

7. Agus bá cosmhuil faicsin na bpíasd sin ré heachuibh ullamh chum catha; agus ar a gceannuibh mar do bhiadh corónacha cosmhuil ré hór, agus a naighthe cosmhuil ré haighthibh daóine.

8. Agus do bhí grúag orrtha cosmhuil ré gruáig bhan, agus bá cosnhuil a bhfiacla ré fiacluibh leomhan.

9. Agus do bhádar lúireacha orrtha, cosmhuil ré lúireachuibh íaruinn; agus fuáim a sgiathán cosmhuil ré fuáim carbad iomad each ag ríoth a gceann chatha.

10. Agus do bhádar earbuil orrtha cosmhuil ré haithréachuíbh nimhe, agus do bhí cailg ann a nearbluíbh: agus a sé bá cúmhachda dhóibh bheith ag gortughadh dháoineadh feadh chúig míos.

11. Agus do bhí rí aca ós a gcionn, aingeal an dubhaigéin, dárob ainm a Neabhrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm dhó Apollion.

12. Do chuáidh áon truáighe amháin thoruinn; agus, féuch, atá dhá thruáighe fós chum teachda na dhiáigh so.

13. Agus do shéid an seiseadh aingeal a sdoc, agus do chúaluidh mé gúth áirighe ó cheithre hadharcuibh na haltóra órrgha noch atá a bhfiadhnuise Dé,

14. Ag rádh ris an seiseadh aingeal agá raibh an sdoc, Sgaóil na ceithre haingil noch atá ceanguilte ag a nabhuinn mhóir Euphrátes.

15. Agus do sgaoileadh na ceithre haingil, noch do bhí ullamh dúair, agus do ló, agus do mhí, agus do blíadhain, chum an treas coda do na daóinibh do mharbhadh.

16. Agus a sé uibhir an mharcshluaigh dhá chéud mile do mhiltibh: óir do chúaluidh mé a nuibhir.

17. Agus as ámhluidh so do chonnairc mé na heích a dtaíbhse, agus an luchd do bhí ar a muin, umá rabhadar lúireacha tinntighe, agus ar dhath na híacinth, agus na ruibhe: agus bá cosmhuil cinn na neach ré ceannuibh leomhan; agus táinic teine agus deatach agus ruibh as a mbéuluibh amach.

18. As ris na trí pláighibhse do marbhadh an treas cuid do na daóinibh, ris an dteíne, agus ris a ndeatuigh, agus ris an ruibh tháinic, as a mbéuluibh amach.

19. Oír is ann a mbéul atá a gcúmhachda, agus ann a nearbluibh: oír is cosmhuil a nearbuill ré haithreachuibh nímhe, agus atáid cinn ar na hearbluibhsin, ré a ndéunuid dóchar.

20. Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal:

21. Agus ní dhearnadar aithrighe ar son a ndúnmharbhtha, ná ar son a bpiséog, ná ar son a sdríopachais, ná ar son a ngaduigheachda.