Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XII

Cath choimheaduighe na heagluise absdalta, anadhaidh dheamhan, agus a nadhradh.

1. Agus do taidhbhreadh cómhartha mór iongantach ar neamh; bean ar na héudughadh ris an ngréin, agus an ghealach fá na cosuibh, agus coróin dhá réult deug air a ceann:

2. Agus ar mbeith dhí torrach do éigh sí, ré tineas leinbh, agus do píanadh í do mhían a teirrcheasa do bhreith.

3. Agus do taidhbhreadh comhartha iongantach eile ar neamh: agus féuch dragún mór rúadh, air a rabhadar seachd gcinn, agus deich nadharca, agus seachd gcorónacha ar a cheannuibh.

4. Agus do tharruing a earball an treas cuid do réultuibh nimhe, agus do theilg íad chum na talmhan: agus do sheas an dragún a bhfiadhnuisi na mná do bhí ré hadhuigh a toirrcheasa de bhreith, chum a leinbh do shlugadh dhó ar na bhreith.

5. Agus rug sí mac, riaghlóchus na huile chineadhacha ré slait íarruinn: agus do tógbhadh súas a mac chum Dé, agus chum a chathaóireach.

6. Agus do theith an bheann chum an fhásuigh, mar ar ullmhuigh Día áit dhi, chum a beathuighe ann sin ar feadh mhíle dhá chéud agus thrí fichid lá.

7. Agus do bhí cáth ar neamh: do cháthuigh Michéul agus a aingil ris an dragún; agus do cháthuigh an dragún agus a aingil riusún,

8. Gidheadh ní rugadar buáidh; agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh.

9. Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.

10. Agus do chúala mé gúth mór ar neamh, ag rádh, A nois atá slánughadh, agus neart, agus ríoghachd ar Ndéine, agus cumhachda a Chríosdsan: óir do téilgeadh síos fear éilighthe ar ndearbhraithreach, noch do bhí dhá néiliughadh do ló agus doidhche a bhfíadhnuise ar Ndé.

11. Gidheadh rugadar buáidh air tré fhuil a Nuáin, agus tré bhréithir a fhiadhnuise; agus ní raibh suim aca na nanam féin go bás.

12. Uime sin a fhlaitheamhnasa, bíodh gairdeachas oruibh, agus oruibhse a luchd áitreabhas ionnta. As mairg do aitréibhuigh an talamh agus do nfairrge! Óir táinic an díabhal a nsúas chúguibh, lán do chúthach feirge, ar mbeith a fheasa aige gur ab aithghearr a aimsir.

13. Agus an tan do chonnairc an dragún gur teilgeadh síos ar an dtalamh é, do rinne sé gérleanmhuin air an mnaói rug an leanabh mic.

14. Agus tugadh don mhnaói dhá sgiathán iolair mhóir, chum dul dí ar eitealluigh fán bhfásach, dá hionad féin, sa náit a noiltear í feadh aimsire, agus aimsiorach, agus leith aimsire, ó amharc a naithir nimhe.

15. Agus do theilg a naithir nimhe uisge mar shrúth as a bhéul a ndiáigh na mná, ionnus go dtiubhradh fó deara dhi imtheachd ré fánuigh ris an tsrúth.

16. Achd tug an talamh cábhair don mhnaói, agus dfosguil an talamh a bhéul, agus do shluig sé an srúth do theilg an drágun as a bhéul.

17. Agus do ghábh fearg an dragún ris an mnaói, agus do imthigh sé do dhéunamh coguidh ris an gcuid eile dá síol, choimhéudas aitheanta Dé, agus aga bhfuil fíadhnuise Iósa Críosd.