Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil VIII

Trócaire Chríosd don mhnáoi ghabhtha a nadhaltrannaus. 39 Agus a breath ar shiol Abraham, 44 agus shiol an aithbhirseóir.

1. Agus dimthigh Iósa chum shléibh na Noluidheadh.

2. Agus táinig sé go moch ar maidín a rís don teampull, agus tangadar an pobal uile chuige; agus ar suidhe dhó, do theagaisg sé íad.

3. Agus tugadar na sgríobuidhe, agus na Phairisínigh bean ar a rugadh a nadhaltrannus chuige; agus ar na cur a lár,

4. A dubhradar rís, A Mhaighisdir, rugadh ar an mnáoisi sa ngníomh féin, ag déanamh adhaltrannais.

5. Agus do aithin Máoisi dhínn sa dligheadh, a leitheidso do bhásughadh lé clóchaibh: ar a nadhbharsin créd a deir tusa?

6. Agus a dubhradar sin dá theasdughadhsan, ionnus go gcuirfidís cúis air. Achd ar gcromadh síos Díosa, do sgríobh sé lé na mhéur ar a talamh.

7. Agus an tan do leanadar ag cur na ceasda sin air, déírigh sé suás, agus a dubhairt sé riú, Gidh bé aguibhsi atá gab pheacadh, caitheadh sé an chéadchloch ría.

8. Agus ar gcromadh siós dó a rís do sgríobh sé ar a talamh.

9. Achd mar do chúalardarsan na neithesi, agus a gcogús dá nagra, do imthigheadar amach a ndiaigh a chéile, ag tosughadh ó na sinnsioraibh gus na dáoinibh déigheanacha: agus do fágadh Iósa na áonar, agus an bhean na seasamh a lar.

10. Agus ar néirghe suás Diósa, an tan nach bhfacuidh sé áonduine achd an bhean, a dubhairt sé ría, A bhean, caír a bhfuilid an mhuinntir úd do chuir cúis ort? nar dhamnuighe éanduine thú?

11. A dubhairt sisim A Thighearna, níor dhamnuighe áonduine. Agus a dubhairt Iósa riá, Ní mó dhamhnuighimsi thú: imthidh romhad, agus na peacuidh feasda.

12. Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.

13. Uime sin a dubhradar na Phairisinigh ris, Atá tú ag deunamh fiadhnuisi dhuit féin; ni bhfuil thfíadhnuisi firinneach.

14. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Gé nimsi finné dhamh féin, atá mfinné fírinneach: do bhrígh go bhfuil a fhios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteighim; achd ní bhfuil a fhios aguibhsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéighim.

15. Do réir na féola bheirtísi breath, ní bheirimsi breath ar áonduine.

16. Agus fós dá mbéarainn breath, as fírinneach mo bhreitheamhnus: oír ní bhfuilim am áonar, achd misi agus an Tathair do chuir uádh mé.

17. Agus atá sgríobhtha an bhur ndlidheadhsa, gur fíor finné deisi.

18. Atáimse ag déanamh finné dom tháobh féin, agus an Tathair do chuír úadh mé do ní sé fíadhnuisi leam.

19. Uime sin a dubhradarsan ris, Gá háit a bhfuil Hathair? Do fhreagair Iósa íad, Ní haithne dháoibhse ceachdar aguinn, misi ná Mathair: dá mbeith éolus aguibh oramsa, do bheith éolus aguibh ar Mathuir mar an gcéadna.

20. Do labhaír Iósa ná bríathrasa a náit choimhéada an chisde, ag teagasg ann sa teampall: agus níor chuir áonduine lámh ann; óir ní thaínig a uáir fós.

21. Na dhiáigh sin do labhuir Iósa ríu a rís, Atáimsi ag imtheáchd, agus íarrfuidhesi mé, agus do ghéubhthaói bás an bhur bpeacadh: mar a dtéighimsi, ní héidir libhsi teachd.

22. Uime sin dubhradar na Iúdaighe, An muirbhfe sé é féin fá a nabair sé, Mar a dtéighimsi, ní héidir libhsi teachd.

23. Agus a dubhairt sé riu, Is a nsíos dáoibhsi; agus as nsúas damhsa: don tsáoghalsa sibhsi, ní don tsaoghalsa mísi.

24. Ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, Go bhfuigheadh sibh bás an bhur bpeacaidhíbh.

25. Uime sin a dubhradar ris, Cía thú féin? agus a dubhairt Iósa ríu, An ní a deirim ribh ó thus.

26. Atá mórán agam ré labhairt agus ré bhreathnughadh bhur dtimcheallsa: achd as fírinneach an té do chuir úadh mé; agus labhruim ris a tsáoghal na neithe do chúaluidh mé úadhsan

27. Achd níor thuigeadar gur a dtimcheall a Nathar do labhuir sé ríu.

28. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, An tan thóigeubhtháoi súas Mac an duine, ann sin aithéontáoi gur misi atá ann, agus nach déunuim éinní uáim féin, achd gur mar do theaguisg an Tathair mé, labhruim na neithesi.

29. Agus atá an té do chuir úadh mé am fhochuir. Níor fhág an Tathair am áonar mé; do bhrigh go ndéunuim do ghnáth na neithe as mían leision.

30. Ar labhairt na neitheadhso dhó, do chréideadar mórán ann.

31. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;

32. Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.

33. Do fhreagradarsan é, Síol Abraham sinne, agus ní dhearnamar seirbhís déunduine ríamh: cionnas a deir tusa, Beithí sáor?

34. Do fhreaguir Iósa íad, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé do ní peacadh as seirbhíseach don pheacadh é.

35. Achd ni chomhnuigheann an seirbhíseach sa tigh go siorruidhe: fanuidh an Mac go síorruidhe.

36. Ar a nadhbharsin má sháorann an Mac sibhsi, beithí sáor dhá ríribh.

37. Atá a fhios agam gur do shíol Abraham sibh; gidheadh íarrtháoi misi mharbhadh, óir ní fhagann mo bhríathar ionad ionnuíbh.

38. Labhruimsi an ní do chunnairc mé ag Mathair: agus do nithísi an ní do chunncabhair ag bhur nathair féin.

39. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, As é Abraham ar nathairne. A dubhairt Iósa ríu. Dá madh clan Dabraham sibh, do dhéunadh sibh oibreacha Abraham.

40. Achd íarrtháoi a nois misi mharbhadh, noch do innis dáoibh a nfírinne, do chúaluidh me ó Dhía: ní dhearna Abraham so.

41. Do níthísi oibreacha bhur nathar féin. Uime sin a dubhradarsan ris, Ní a nadhaltrannus rughadh sinnl atá áon Athuir aguinn, Día.

42. A dubhairt Iósa ríu: Dá madh é Día bhur Nathairsi, gan chunntabhairt do ghráidheóchadh sibh misi: óir is ó Dhía do ghluáis mé agus tháinig mé; agus ní uáim fein tháinig mé, achd eisean do chuir úádh mé.

43. Créd fá nach dtuighthí mo chomhrádhsa? ar son nach bhféudtáoi mo bhríathar déisdeachd.

44. As é an díabhal as athair dháoibh, agus as íad míana bhur nathair as toil libhsi dhéunamh. Do bhi seision na fhear dúnmharbhtha ó thus, agus níor chomhnuidh se sa bhfírinne, óir ní bhfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as athair don bréig.

45. Achd do bhrígh go labhruimsi an fhírinne, ní chreidtí me.

46. Cíá dhibhsi chuireas peacadh am letih? Má a deirim a nfírinne, créd fá nach creidtí dhamh?

47. Gidh bé atá ó Dhía, éisdidh sé briathra Dé: is uime nach éisdtisi, ar son nach ó Dhía sibh.

48. Uime sin dó fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, An né nach maith a deirmíd gur Samaritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnad?

49. Do fhreaguir Iósa, Ní bhfuil deamhan ionnamsa; achd do bheirim onóir dom Athair, agus do bheirthísi eas onóir dhamhsa.

50. Agus ní í mó ghlóir féin íarruimsi: atá neach íarrus agus bheireas breath.

51. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé choimhéudfas mo bhríatharsa, ní fhaicfi sé bás go siorruidhe.

52. Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris, Aithnimíd a nois go bhfuil an díabhal ionnad. Fúair Abraham, agus na fáidhe bás; agus a deir tusa, Gidh bé choimhéudfas mo bhríatharsa, ní bhlaisfe sé bás go síorruidhe.

53. An mó thusa ná ar nathair Abraham, noch fuáir bás? agus fuaradar na faidhe bás: créd an neach do ní tusa dhíot fein?

54. Do fhreagair Iósa, Má bheirimse glóir dhamh féin, ní bhfuil tádhbhachd an mo ghlóir: as é Mathair do bheir glóir dhamh, noch a deirthísi, gur ab é bhur Ndía féin é:

55. Agus ní bhfuil aithe aguibhsi air; gidheadh is aithne dhamhsa é: agus má a deirim, Nach aithne dhamh é, biáidh mé cosmhuil ribhsi bréagach: gidheadh as aithne dhamh é, agus coimhéuduim a bhriathar.

56. Do bhí gáirdeachus mór ar bhur nathairse Abraham fám lása dfaicsin: agus do chunnairc sé é, agus do bhí lúathgháir air.

57. Uime sin a dubhradar na Iúduidhe ris; Ní bhfuil deich mblíadhna agus dá fhichead dáois agad fós, agus an bhfacuidh tú Abraham?

58. A dubhairt Iósa ríu, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhuilimsi ann suil do bhi Abrahám.

59. Uime sin do thógbhadar clocha do chum go gcaithfidis ris íad: achd do fholuigh Iósa é féin, agus do chuáidh sé amach as an teampall, ag dul tré na lár agus do chuáidh sé thárrsa mar sin.