Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil X

Tar éis Chríosd eidírdhealughadh do dhéanamh eidir an deagh áodhaire agus an túarusdaluigh, 31 tugadar na Hiuduighe fúadh nimhneach dho.

1. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé nach dtéid a sdeach thríd an dorus go cró na gcáorach, achd théid suás a dtáoibh eile, is gaduidhe é agus biothamhnach.

2. Achd gidh bé théid a sdeach air a dorus, as é áodhaire na gcáorach é.

3. Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoirigh a ghuth: agus goiridh sé a cháoirigh réir a nanmann, agus tréoruighidh sé amach iád.

4. Agus an tan léigheas sé a cháoirigh féin amach, siobhluidh sé rómpa, agus leanuid na cáoirigh é: óir aithnighid siád a ghúth.

5. Agus ní leanfaid siád aódhaire coimthigheach, achd teithfid uádh: do bhrígh nach aithnid dóibh gúth na gcoimhthigheach.

6. Do labhair Iósa an chosamhláchd so riú: Gidheadh níor thuigeadarsan na bríathra á dubháirt sé riú.

7. A dubhairt Iósa riú arís, Go deimhín, deimhin, a deirim ribh, Gur misi dorus na gcáorach.

8. A dtáinig romham uile as gaduidhthe iád agus biothamhnuigh: achd níor éisdeadar na cáoirigh riú.

9. Is misi an dorus, gidh bé neach rachas a steach thríomsa, slaíneochthar é, agus rachuidh sé a steach agus amach, agus do ghéubha sé inbhear.

10. Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.

11. As misi an táodhaire maith: cuiridh an táodhaire maith a anam féin ar son na gcáorach.

12. Achd an túarsdaluigh, agus an té nach bhfuil na áodhaire, agus nach leis féin na cáoirigh, do chí sé an mactíre ag teachd, agus fáguidh sé na cáoirigh, agus teithidh sé: agus fuáduighe an mactíre na cáoirigh, agus scabuighe sé iád.

13. Achd teithidh an túarasdaluigh, ar son gur túarasdaluigh é, agus nach bhfuil suim aige ann sna cáorchuibh.

14. Is misi an táodhaire maith, agus aithnighim mo cháoirigh féin, agus aithnighid mo cháoirigh féin mé.

15. Mar aithnigheas an Tathair misi, agus aithnighimsi an Tathair: agus do bheirim manam ar son na gcáorach.

16. Agus atáid cáoirigh eile agam, nach don chróso: agus caithfidh mé iád sin leis do thabhairt leam, agus ésdfid siád mo ghúth; agus biáidh áonchró amháin, agus áonáodhaire amháin ann.

17. Ar a nadhbharso ghrádhuigheas Mathair misi, ar son go gcuirim manam úaim, do chum go nglacfuinn é arís.

18. Ní bheireann eúnduine úaim é, achd cuirim féin uáim féin é. Atá cúmhachda agam a chur uáim, agus atá cúmhachda agam a ghábháil chugam a rís. Fuáir mé an áithnesi ó Mathair.

19. Ar a nadhbharsin déirigh connspóid a rís eidir na Iúduidhíbh trés na bríathraibhse.

20. Agus a dubhradar mórán díobh, Atá diabhal ann, agus atá sé ar buile; créd fé néisdti ris?

21. A dubhradar cuid eile, Ní bríathra dhuine ion bhfuil díabhal iád so. An bhféudann an díabhal súile na ndáoine dall dosgladh?

22. Agus do bhí sollamain na coisreagadh a Níarusalem, agus do bhí an geimhreadh ann.

23. Agus do bhí Iósa ag siobhal ann sa teampall a bpóirsi Sholuimh.

24. Uime sin do chruinnigheadar na Iúduidhe na thimcheall, agus a dubhradar ris, Gá fad chuinneóchas tú sinn a namharus? Más tú Críosd, innis dúinn é ós áird.

25. Do fhreaguir Iósa iád, Dinniseas dáoibh, agus ní chreidthí mé: na hoibreacha ním a Mathair, do níd siad fínne dhamh.

26. Gidheadh ní chreidtísi, oír ní dom cháorchaibh sibh, mar a dubhairt mé ribh.

27. Do chluinid mo cháoirighsi mo ghúth, agus aithnighim iád, agus leanuid síad me:

28. Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad.

29. Mathair, noch thug dhamhsa íád, as mó é ná na huile; agus ní fhéudann éinneach a bhfuadach as láimh Mathar.

30. Misi agus an Tathair as áon sinn.

31. Uime sin do thógbhadar na Iúduidhe cloche a rís, chum a gcaithte ris.

32. Do fhreagair Iósa iád, Do thaisbéun mé mórán doibreachnibh maithe dháoibh ó Mathair; cía aca obair air son a ngabhtháoi do chlochuibh oram?

33. Do fhreagair na Iúdaidhe é, ag rádh, Ní ar son oibre maithe ghabhmóid do chlochuibh ort; achd ar son blaispheíme; agus air son thusa, agus tú ad dhuine, go ndéunann tú Día dhiót féin.

34. Do fhreaguir Iósa iád; An né nach bhfuil sgríobhtha an bhur ndligheadhsa, A dubhairt misi, As déé sibh?

35. Má a dubhairt sé gur déé na dáoine úd, chum a dtaínig briathar Dé, agus nach éidir an sgriobtúir a sgáoileadh;

36. A nabartháoisi, ris an té do bheannuigh an Tathair, agus do chuir sé úadh air a tsáoghal, Do ní tú blaisphéime; do bhrigh go ndubhairt mé, Gur mé Mac Dé?

37. Muna ndéunaim oibreach Mathar ná creididhsi dhamh.

38. Achd má ním, gé nach ccreidtí dhamhsa, creididh do na hoibreachuibh: ionnus go naithéonadh sibh, agus go gcreidfeadh sibh, go bhfuil an Tathair ionnamsa, agus misi annsan.

39. Uime sin diárradar a rís a ghlacadh: agus dimthigh sé as a lámhuibh.

40. Agus do chúaidh sé a rís tar Iordan don ionad an ar bhaisd Eóin ar tús; agus do chomhnuidh sé ann sin.

41. Agus tángadar mórán chuige, agus a dubhradar, Ní dhearna Eóin míorbhuile ar bith: achd gach uile ní dhá ndubhairt Eóin dá tháobh so, dob fhíor iád.

42. Agus do chreideadar móran an sa nait sin ann.