Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XVIII

Do thaisben Críosd ach beagan dá chumhachd 6 tan bhí sé a laimh, 36 do bhrígh nach don tsáoghala sa rígheacht.

1. An tan a dubhairt Iósa na neithesi, do chuáidh sé féin maille ré na dheiscioblaibh tar sruth Chédron, mar a raibh garrdha, an a ndeachuidh seision, agus a dheisciobail.

2. Agus do bhí fios na háite sin, agus Iúdas fós, noch do bhraith eisean: óir so tigdís Iósa agus a dheisciobail a néainfheachd go minic sa náitsin.

3. Uime sin nuáir do ghlac Iúdas buidhean agus oifigidh ó na hárdsagurtuibh agus ó na Phairisíneachuibh, tháinig sé do ionad sin é lainndéiribh agus lé tóirsibhibh agus lé harmuibh.

4. Ann sin ar na aithne Díosa na huile neithe do theigéumhadh dhó féin, do chuáidh sé amach, agus a dubhairt sé riú, Cía atá sibh íarruidh?

5. Do fhreagradar é, Iósa Nasardha. A dubhairt Iósa ríu, As misi é. Agus do bhí Iúdas, noch do bhraith é, na sheasamh na bhfochuir.

6. Ann sin mar is táosga a dubhairt sé ríu, Is misi é, do chúadar ar a gcúl, agus do thuiteadar air talamh.

7. Uime sin dfiáfruigh sé dhióbh a rís, Cía atá sibh íarruidh. Agus a dubhradarsan, Iósa Nasardha.

8. Do fhreaguir Iósa, Dinnis mé dhaóibh gur misi é: Ar a nadhbharsin más misi íarrthaói, léigidh dhóibh so imtheachd:

9. Ionnus go gcoimhlionfuidhe an bhríathar, a dubhairt seisean, Níor léig mé éunduine a mugha dhá dtug tú dhamh.

10. Ann sin Síomon Peadar, agá raibh cloidheamh do tharruing sé amach é, agus do bhuáil sé oglach an árdshaguirt, agus do ghearr sé a chlúas dheas de. Agus as é do bainm don óglach Malcus.

11. Uime sin a dubhairt Iósa ré Peadar, Cuir do chloídheamh an a thruáill: an né nach íobha misi, an cupán tug Mathair dhamh?

12. Ann sin rug an bhuidhean agus an caiptín agus oifigidh na Níuduidheadh ar Iósa, agus do cheangladar é,

13. Agus rugadar a lathair Annas ar tús é; (óir do bé athair mhná Chaipháis é, noch dob árdsagart an bhliadhain sin.)

14. Agus do bé Caiphas an té, thug comhairle do na Iúdaidhibh, gur tharbhach éunduine amháin dfagháil bháis ar son an phobail.

15. Agus do lean Siomón Peadar, agus deisciobal eile Iósa: agus dob aithnidh don árdshagurt an deisciobal sin, ar a nadhbharsin do chúaidh sé a steach lé Híosa go cúirt an árdshaguirt.

16. Achd do sheas Peadar ag an dorus leith a muigh. Ar a nadhbharsin do chuáidh an deisciobail eile sin, noch dobh aithnidh don árdshagart, agus do labhair sé ris an mbandoirrseóir, agus tug se Peadar a steach.

17. Ann sin a dubhairt an bhandoirrseóir ré Peadar, Nach do dheisciobluibh an fhirsi thusa leis? A dubhairt seision, Ní headh.

18. Agus do bhádar na searbhfhoghantuidhe agus na hoifigidh na seasamh ag an dteinigh, óir do bhí an ainmsír fúar, agus do bhádar dá ngoradh féin: Agus do sheas Peadar mar an gcéudna, da ghoradh na measg.

19. Ann sin do chuir an tárdsagurt ceisd ar Iósa a dtáobh a dheisciobail, agus a theaguisg.

20. Do fhreaguir Iósa é, Do labhair misi ós áird ris a tsáoghal; do theagaisg mé do ghnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinnighid na Iúdaighe uile a gceann a chéile; agus níor labhair mé éinní a bhfolach.

21. Créud fa bhfiafruigheann tú dhíomsa? fiafruigh don mhuinntir do chúaluidh mé, créd a dubhairt mé ríu: féuch, atá a fhíos aca so créd a dubhairt mé.

22. Agus an tan dubhairt sé na neithesi, dó bhuáil óglach do na máoruibh do bhí na sheasamh a láthair bas ar Iósa, ag rádh, An mar sin fhreagrus tú an tárdsagart?

23. Do fhreaguir Iósa é, más olc a dubhairt mé, déanna fínne a dtáoibh an uilc: achd más maith, créd fá mbuáileann tú mé?

24. Ar a nadhbharsin do chuir Annas ceanguilte chum Caipháis a nárdsagairt é.

25. Agus do bhí Siomón Peadar na sheasamh agus dá ghoradh féin. Uime sin a dubhradarsan ris, Nach dá dheisciobluibh súd thusa leis? Do shéan seisean, agus a dubhairt sé, Ní headh.

26. A dubhairt fear do mhuinntir a nárdshaguirt, brathair don té dár ghéarr Peadar a chlúas, Nach bhfacaidh mé féin thú ann sa gharrdha na fhochuir?

27. Ann sin do shéan Peadar a rís: agus ar an mball do ghoir an coileach.

28. Ná dhiáigh sin beirid siad Iósa léo ó Chaiphás go tigh na cúirte: agus do bhí mhaidin ann; agus ní dheachadar géin do chúirt a sdeach, ionnus nach dtruáillfidhe íad; achd go níosfaidís úan na cásg.

29. Ar a nadhbharsin do chúaidh Pioláid a mach chucasan, agus a dubhairt sé, Créd í an chúis chuirthi ar a nduinesi?

30. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, Muna mbiadh sé na fhear déanta uilc, ní thiobhramáoisne chugadsa é.

31. Ann sin a dubhairt Pioláid ríu, Beiridh féin libh é, agus beiridh breath na aghaidh do réir bhur ndlighe féin. Uime sin a dubhradar na Iúduidhe ris, Ní dleisdeanach dhúinne áonduine mharbhadh:

32. Ionnus go gcoimhlíonfuidhe an bhríathar, a dubhairt Iósa, ag taisbéunadh créd í an ghné bháis do gheabhadh sé.

33. Ar a nadhbharsin do imthigh Pioláid a rís do chúirt, agus do ghoir sé Iósa, agus a dubhairt sé ris, An tusa Rí na Níudaidheadh?

34. Do fhreaguir Iósa é, An uáit féin a deir tú sin, nó nar inneasadar dáoine eile dhuit é am thimcheallsa?

35. Do fhreaguir Pioláid, An don chineadh Iúdaidhe misi? Do chineadh féin agus na hárdsagairt tug chugamsa thú; créd do rinne tú?

36. Do fhreaguir Iósa, Ní don tsáoghalsa mo ríoghachdsa: dá madh don tsáoghalsa mo ríoghachd, gan chunntabhairt do dhéanaidís mo mhuinntir cathughadh, ionnus nach dtiobhartháoi do na Iúduidhibh mé: achd a nois ní as so mo rioghachdsa.

37. Ar a nadhbharsin a dubhairt Pioláid ris, Má seadh an rí thú? Do fhreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is chuige tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndéanuinn fínné don fhírinne. Gach uile dhuine atá ar tháobh na fírinne éisdidh sé mo ghuthsa.

38. A dubhairt Píoláid ris, Cidh is firinne ann?Agus aga rádh so, do chúaidh se amach a rís chum na Níudaidheadh, agus a dubhairt sé ríu, Ní fhaghuimsi cúis ar bith air.

39. Achd atá gnáth aguibhsi, go sgáoilfinn dúine éigin dáoibh fá cháisg: ar a nadhbharsin an áill libh go sgáoilinn chugaibh Rí na Níudaidheadh?

40. Ann sin do thógbhadarsan uil gáir a rís, ag rádh, Ní hé so, achd Barabbás. Agus do badh biothamhnach an Barabbás so.