Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XVII

Urnuid Iosa dhá Athar, ag iarruidh, 11 aóndacht, 17 firinne, 20 agus búanshonas da dhaóinibh féin uile.

1. Do labhair Iósa na neithesi, agus ag tógbháil a shúl chum neime dhó a dubhairt sé, A Athair tháinig a nuáir, tabhair glóir dod Mhac féin, ionnus dtíubhradh do Mhac glóir dhuitse mar an gcéadna:

2. Amhail as do thug tú cúmhachda dhósan air gach uile fheóil, do chum go dtiobhradh sé an bheatha mharrthanach do gach uile dhuine dhá dtug tú dhó.

3. Agus as sí so an beatha mharrthanach, go naithneóchaid síad thusa an táoin Día fírinneach, agus Iósa Críosd, do chuir tú úait,

4. Tug misi glóir dhuitsi ar a talamh: do chríochnuigh mé an obair thug tú dhamh té a dhéanamh.

5. Agus tabhairsi a Athair, a nois, glóir dhamhsa ad fhochair féin maille ris an nglóir do bhí agam ad fhochair suil do cruthuigheadh an sáoghal.

6. Dfoillsigh mé thainm do na dáoinibh thug tú dhamh as a tsáoghal: ba leachdsa íad, agus thug tú dhamhsa íad; agus do choimhéadadar do bhriathar.

7. A nois daithnigheadar gur ab uáidsi atáid na huile neithe, dhá dtug tu dhamhsa.

8. Oír tug misi dhóibh na bríathra thug tusa dhamh; agus do ghabhadar chuca íad, agus daithnigheadar go deimhin gur ab uátsi tháinig misi, agus do chreideadar gur tusa chuir uáit mé.

9. Ar a son atáimsi ag guidhe: ní ar son an tsáoghail do ním guidhe, achd ar son na muinntire thug tusa dhamh; óir is leachdsa íad.

10. Agus as leachdsa na huile neithe is leamsa, agus as leamsa na neithe as leachdsa; agus atáim ar mo ghlórughadh iontasan.

11. Agus ní bhfuilim feasda sa tsáoghal gidheadh atáid so sa tsáoghal, agus atáimsi ag teachd chugadsa. A Athair Náomhtha, coimhéid ann thainm féin an mhuinntir thug tú dhamhsa, ionnus go mbeidís na náon, mar atámáoidne.

12. An feadh do bhí misi na bhfarradh sa tsáoghal, do choimhéd mé íad ad ainmsi: do choimhéd mé an mhuinntir thug tusa dhamh, agus ní dheachuidh áonduine aca a mugha, achd mac na mallachd; ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir.

13. Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.

14. Tug misi do bhríátharsa dhóibh; agus don tsáoghal íad, mar nach bhfuilimsi don tsáoghal.

15. Ní íarruim go mbéurfa íad as an tsáoghal, achd go gcoimhédfá íad air olc.

16. Ní don tsáoghal íad, mar nach don tsáoghal misi.

17. Náomhuigh íad léd fhírinne: as í do bhríatharsa an fhírinne.

18. Amhail as do chuir tusa misi chum a tsáoghail, is mar sin do chuir misi íadsan chum a tsáoghail.

19. Agus is ar a sonsan náomhaimsi mé féin, ionnus go mbéidísean mar an gcéadna ar na náomhadh sa bhfírinne.

20. Ní ar a sonsan amháin do ním guidhe, achd mar an gcéudna ar son na ndaóine chreidfios ionnam tre na mbreithirsean;

21. Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Athair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeadh an sáoghal gur tusa do chuir uáit mé.

22. Agus tug misi dhóibhsean an ghlóir thug tusa dhamhsa: ionnus go mbeidís na náon, mar atámaoidne ar náon:

23. Misi ionntasan, agus tusa ionnamsa, ionnus go mbeidís go hiomlán na náon; agus ionnus go mbíadh a fhios ag an tsáoghal gur tusa do chuir uáit mé, agus gur ghrádhuigh tú íadsan, mar do ghrádhuigh tú misi.

24. A Athair, is áill leam, an dream úd thug tú dhamh, do bheith am fhochair mar a bhfuilim; ionnus go bhfaicfidís mo ghlóir, noch thug tusa dhamh: óir do ghrádhuigh tú mé suil do chrúthuigheadh an domhan.

25. A Athair chomhthruim, níor aithin an sáoghal thusa, achd daithin misi thú, agus daithnigheadar so gur tusa do chuir uáit mé.

26. Agus dfoillsigh mé thainmsi dhóibh, agus foillséochaidh mé é: ionnus an grádh lér ghrádhuigh tú misi go mbíadh sé ionntasan, agus misi ionnta.