Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XI

Ath-dhúsgadh Lasaruis ó mharbhuibh, 49 agus tairrghire Chaiphas an ainbhfios dó.

1. Agus do bhó óglach áirighe tinn, dar bhainm Lásarus, ó Bhetánia, baile Mhuire agus Mhartá a deirbhsheathrach.

2. (Agus do bí an Muire do ong an Tighearna lé huinnement, agus do thiormuigh a chosa lé na grúaig, dar dhearbhrathair Lásarus do bhí tinn.

3. Uime sin do chuireadar a dheirbhsheathracha fios chuigesion, ag rádh, A Thighearna, féuch, atá an té as ionmhuin leachd tinn.

4. Agus ar na chloisdin sin Díosa, a dubhairt sé, Ní bhfuil an téagruás so chum báis, achd chum glóire Dé, do chum go bhfuigheadh Mac Dé glóir dhá tháoibh.

5. Agus dob ionmhuin lé Híos Martá, agus a deirbhshíur, agus Lásarus.

6. Uime sin mar do chúaluidh sé go raibh sé éugcrúaidh, dfan sé fós dhá lá na chomhnuidhe ann sa náit a raibh sé.

7. Agus tar éisi sin a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh, Déunam a ris go tir Iúdaidhe.

8. A dubhradar a dheisciobail ris, A Mhaighisdir, a nois diárradar na Iúdaidhe gabháil do clochuibh ort; agus an bhfuil tú ag dul a rís ann?

9. Do fhreagair Iósa, An né nach bhfuil dhá uáir dhég sa ló? Má shiobhlann duine ann sa ló, ní fhagham sé tuisleadh, oír do chí sé solus an tsáoghailsi.

10. Gidheadh má shiobhlánn duine sa noidhche, do gheibh sé tuisleadh óir ni bhfuil solus ann.

11. A dubhairt sé na neitheses, agus na dhiáighsin a dúbhairt sé riú, Atá ar gcara Lásarus na chodladh; achd atáimse ag dul, dá dhúsachd as a chodladh.

12. Ann sin a dubhradar a dheisciobail, A Thighearna, má tá sé na choladh, biáidh sé slán.

13. Gidheadh as a dtimcheall a bháis do labhuir Iósa: achd do sháoileadarsan gur a dtimcheall a shúain chodalta do labhair sé.

14. Uime sin a dubhairt Iósa an tan sin ós áird riú, Fúair Lásarus bás.

15. Agus atá lúathghair oram air bhur sonsa, (do chum go gcreidfeadh sibh) nach raibh mé a lathair ann sin; achd déanam chuige.

16. Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh.

17. Uime sin tháinig Iósa, agus fúair sé é ar gcaitheamh cheithre lá cheana ann sa túama.

18. Agus do bhí Betánia a bhfogus Díarusalém, a ttimcheall chuig sdáide dég:

19. Agus tangadar mórán do na Iúdaidhibh chum Martá agus Muire, dá gcomhfhurtachd fá na ndearbhráthair.

20. Agus mar do chúalaidh Martá, go raibh Iosa ag teachd, do chúaidh sin a airchis: achd do fhan Muire na súidhe a sdigh.

21. Uime sin a dubhairt Marta ré Iósa, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuigheadh mo dhearbhráthairsi bás.

22. Achd atá a dheimhin agam, a nois mar an gcéadna, gidh bé ní íarrfus tú ar Dhía, go ttiobhra Día dhuit é.

23. A dubhairt Iósa ria, Eiréochuidh do dhearbhráthair a rís.

24. A dubhairt Martá ris, Atá a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiseirghe an lá déigheanach.

25. A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé:

26. Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?

27. A dubhairt sis iris, Aseadh, a Thighearna: do chréid mé gur tusa Críosd, Mac Dé, tháinic air an tsáoghalso.

28. Agus an tan a dubhairt sí so, dimthigh si, agus dó ghoir sí a deirbhshiúr Muire a nuáigneas, ag rádh, Tháinic an Maíghisdir, agus atá sé dod iarruidhsi.

29. An tan dó chúaluidh sisi sin, déirígh si go tapaidh, agus tháinig sí chuige.

30. (Oír ní tháinig Iósa fá namsin don bhaile, achd do bhí sé ann sá náit ann a dtárla Martá dho.

31. Uime sin na Iúdaidhe de bhí a bhfochair Mhuire a stigh, dá comhfhurtachd, an tan do chunncadar, ag éirghe go tapuidh í agus ag dul amach, do leanadar í, ag rádh, Atá sí ag dul chum an túama do cháoineadh ann.

32. An tan tháinig Muire sa náit a raibh Iósa, agus do chunnairc sí é, do theilg si í féin fá na chosaibh, agus a dubhairt sí ris, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuígheadh mo dhearbhráthairsi bás.

33. Ar a nadhbharsin an tan do chunnairc Iósa ag gul í, agus na Iúdaidhe tháinig le ag gul mar an gceadna, do rinne sé osna ann a spioraid, agus do bhúaidhir sé é féin,

34. A dubhairt sé, Gá háit ar chuireabhair é? A dubhradar ris, a Thighearna, tárr, agus féuch.

35. Do ghuil Iósa.

36. Uime sin a dubhradar na Iúdaidhe, Féuch cionnus do ghrádhuigh sé é!

37. A dubhradar cuid díobh, A né nach bhféudfadh an fear so, dosgail súile an doill, a thabhairt fá deara mar an gcéadna, nach bhfuigheadh an fearso bás?

38. Uíme sin tháinig Iósa agus é a rís ag osnaidhe ann féin, chum an túama. Agus dob uáimh é, agus cloch ar na cur ós a chionn.

39. A dubhairt Iósa, Tóghuidh an chloch. A dubhairt Martá, derbhshíur an duine mhairbh, ris, A Thighearna, atá drochbhaladh a nois air: óir atá ceithre lá ó fúair sé bás.

40. A dubhairt Iósa ría, Nach dubhairt mé riot, má chreideann tú, go bhfaicfe tú glóir Dé?

41. Uime sin do thógbhadar an chloch don áit a raibh an duine marbh curtha. Agus do thóg Iósa a shúile súas, agus a dubhairt sé, A Athair, do bheirim buidheachus duit do bhrígh gur éisd tú rium.

42. Agus atá a dheimhin agam go gcluin tú mé do ghnáth: achd ar son an phobail atá na seasamh am thimcheall a dubhairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa chuir uáit mé.

43. Agus tar éis so do rádh dhó, a dubhairt sé do ghuth ard, A Lásaruís, tárr amach.

44. Agus tháinig an duine marbh amach, agus a lámha agus a chosa ceanguilte ris an bháiséadach: agus a aghaidh ceanguilte ré naipcin. A dubhairt Iósa ríu, sgáoilídh é, agus leigidh dhó imtheachd.

45. Uime sin mórán do na Iúduighibh tháinig chum Muire, mar do chuncadar na neither do rinne Iósa, do chreideadar ann.

46. Agus do imthigheadar cuid aca chum na Bpairisíneach, agus dinniseadar dhóibh na neithe do rinne Iósa.

47. Ar a nadhbharsin do chruinnigheadar uáchdaráin na sagart agus na Phairisínigh comhairle, agus a dubhradar, Créd do dhéanam? óir as iomdha míorbhuile do ní an fear so.

48. Má fhuilngemíd é mar só, creidfidh na huile dháoine ann; agus tiocfaid na Rómhánuigh agus sgriosfuid síad ar náit agus ar gcineadh.

49. Ann sin fear áirighe dhíobhsan, Cáiphas, ar mbeith dhó na árdshagart an bhlíadhnuinsin, a dubhairt sé ríu, Ní thuigthísi ní ar bith,

50. Agus ní smuáintighthí gur ab oireamhnach, go bhfuigheadh áonduine amháin bás ar son an phobuil, agus gan an cineadh uile do sgrios.

51. Gidheadh ní úadh féín a dubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na árdsagart an bhlíadhuinsin, do thairrghir sé go bhfuigheadh Iósa bás ar son an chinidh;

52. Agus ní ar son an chinidhsin amhain, achd fós do chum go gcruinneochadh sé a cceann a chéile clan Dé do bhí ar na leathnughadh.

53. Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh.

54. Ar a nadhbharsin níor shiobhail Iósa ó sin súas go follus a measg na Níudaidheadh; achd do chuáidh sé asa sin don tír do bhí a bhfogus don fhásach, go cathruigh ré a ráidhtear Ephrem, agus do chomhnuidh sé ann sin a bhfochair a dheisciobal.

55. Agus do bhí cáisg na Níuduidheadh a bhfogas dóibh: agus do imthigheadar mórán as a tírsin súas go Híarusalém roimh cháisg, da nglanadh féin.

56. Uime sin díarradar Iósa, agus do labhradar eatarra féin, na seasamh annsa teampoll, Créd chithear dháoibhse, tré nach dtig sé chum an fhéusda?

57. Agus tugadar na hárdsagairt agus na Phairisínigh áithne, gidh bé ar bith do geabhadh a fhios gá háit a raibh sé, a innisin, do chum go mbéuraidís air.