Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Féile na dTaibearnacal

1. Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis.

2. Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achmaireacht.

3. Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh.

4. Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin tú féin don saol.”

5. Óir níor chreid fiú a bhráithre ann.

6. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig m'uain-sé go fóill; ach tá bhur n‑uain-sé i gcónaí ullamh.

7. Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.

8. Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m'uain-sé comhlíonta go fóill.”

9. Ar rá na nithe sin leo, d'fhan sé sa Ghailíl.

10. Ach nuair a bhí a bhráithreacha imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim.

11. Bhí na Giúdaigh dá réir sin á lorg lá na féile agus deiridís:

12. “Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu á rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”

13. Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh.

14. Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc.

15. Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”

16. D'fhreagair Íosa ansin:“An teagasc seo a thugaim,” ar sé,“ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.

17. Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh,aithneoidh sé an ó Dhia an teagascnó an uaim féin atá mé ag labhairt.

18. An té a labhraíonn uaidh féin,bíonn a ghlóir féin á lorg aige.An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é,tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.

19. Nár thug Maois an dlí daoibh?agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí.Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?”

20. D'fhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?”

21. D'fhreagair Íosa: “Aon obair amháin a rinne mé,” ar sé, “agus tá ionadh oraibh go léir.

22. Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh - ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha - agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid.

23. Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?

24. Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.”

Cad as an Meisias?

25. Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis?

26. Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?

27. Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d'aon duine cad as dó.”

28. Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall:“Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé,“agus is eol daoibh cad as dom;agus ní uaim féin a tháinig mé;ach is fíor é an té a chuir uaidh mé,agus níl aithne agaibhse air.

29. Ach tá aithne agamsa airmar is uaidh a tháinig méagus is eisean a chuir uaidh mé.”

30. Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.

Críost le hImeacht

31. Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?”

32. Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail.

33. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin:“Beidh mé faraibh tamall beag fós,ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.

34. Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé,agus an áit ina bhfuilimse ní féidir daoibhse teacht ann.”

35. Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?

36. Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilimse, ní féidir daoibhse teacht ann’?”

An tUisce Beo

37. Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha:“Má tá tart ar aon duine,” ar sé,“tagadh sé chugamsa agus óladh sé!

38. An té a chreideann ionamsa,faoi mar a deir an scrioptúr,rithfidh as a chroí istigh sruthanna d'uisce beo.”

39. Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.

40. Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.”

41. Deireadh tuilleadh acu: “Is é an Críost é seo,” ach deireadh cuid eile acu: “An as an nGailíl atá an Críost ag teacht?

42. Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”

43. D'éirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua.

44. Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.

45. Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siadsan leo: “Cad chuige nár thug sibh libh é?”

46. D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”

47. D'fhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibhse comh maith?

48. Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann?

49. Ach an slua seo nach eol dóibh an dlí, tá mallacht orthu.”

50. Níocodaemas - an té a tháinig chuige roimhe sin agus gur dhuine acu é - dúirt sé leo:

51. “An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?”

52. D'fhreagair siad agus dúirt leis: “An amhlaidh is Gailíleach tusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n‑éiríonn fáidh ón nGailíl.”

53. [Ansin chuaigh gach duine abhaile.