Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'inis mé an méid sin daoibh,ionas nach nglacfaidh sibh scannal.

2. Dúnfar amach as na sionagóga sibh;tá an t‑am ag teacht, fiú amháin,nuair a shílfidh an té a mharóidh sibhgur ag déanamh réir Dé a bhíonn.

3. Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh]de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.

4. D'inis mé an méid sin daoibhionas go mbeadh cuimhne agaibh,nuair a thiocfaidh an t‑am dó,gur inis mé daoibh é.Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thusmar bhí mé in bhur bhfochair.

An Spiorad Naomh

5. “Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé,agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom,‘Cá bhfuil tú ag dul?’

6. Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh,líon bhur gcroí de bhrón.

7. Insím an fhírinne daoibh, áfach:is é bhur leas mise a imeacht,mar mura n‑imeoidh mé,ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh;ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.

8. Agus nuair a thiocfaidh sé,áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aigei dtaobh an pheaca,agus i dtaobh an chirt,agus i dtaobh an bhreithiúnais.

9. I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam;

10. i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;

11. i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreithtugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.

12. Tá mórán eile le rá agam libh,ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;

13. ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.Óir ní as féin a labhróidh;labhróidh sé na nithe a chuala sé,agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.

14. Tabharfaidh sé glóir domsa,óir is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.

15. An uile ní dá bhfuil ag m'Athair, is liomsa é.Uime sin a dúirt mé:‘Is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.’

Íosa le Teacht Arís

16. “Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó,agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm,mar táim ag triall ar an Athair.”

17. Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?”

18. Dá bhrí sin dúirt siad: “Cad é an ‘tamall beag’ é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.”

19. Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’

20. Amen, Amen, a deirim libh,beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh,ach beidh an saol ag déanamh áthais.Beidh sibhse buartha,ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.

21. Nuair a bhíonn bean ina luí seoil,bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha.Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe,ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh,le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.

22. Agus sibhse mar an gcéanna,tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh,agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais,agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.

23. An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm.Amen, Amen, a deirim libh,má iarrann sibh ní ar bith ar an Athairtabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.

24. Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm.Iarraigí agus gheobhaidh sibh,chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.

25. Labhair mé an méid sin libh i solaoidí.Tá an t‑am ag teacht,nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí,ach inseoidh mé daoibh go soiléirmar gheall ar an Athair.

26. Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin,agus nílim á rá libhgo ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.

27. Óir tá cion ag an Athair féin oraibh,de bhrí go raibh cion agaibh orm,agus gur chreid sibhgur ó Dhia a ghabh mé amach.

28. Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol.Táim ag fágáil an tsaoil arís,agus táim ag triall ar an Athair.”

29. Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.

30. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”

31. D'fhreagair Íosa iad:“An gcreideann sibh anois?

32. Féach, tá an uair ag teacht,agus tá sí ann cheana féin,nuair a scaipfear sibh,gach duine chun a bhaile féin,agus fágfaidh sibh mise i m'aonar.Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

33. Labhair mé na nithe sin libh,chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa.Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh.Tá buaite agamsa ar an saol.”