Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Fhíniúin Fhíor

1. Mise an fhíniúin fhíor,agus is é m'Athair an saothraí.

2. Gach géag ionam nach dtugann toradh,bainfidh sé í;agus gach géag a thugann toradh,bearrfaidh sé í,ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.

3. Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.

4. Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh.Faoi mar nach féidir don ghéagtoradh a thabhairt uaithi féin,mura bhfanann sí san fhíniúin,sin mar nach féidir daoibhse,mura bhfanann sibh ionamsa.

5. Mise an fhíniúin, sibhse na géaga;an té a fhanann ionamsa, agus mise ann,tugann seisean toradh mór uaidh;óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.

6. Cibé nach bhfanfaidh ionamsa,caithfear amach é mar ghéag,agus feofaidh sé;agus tógfar agus caithfear sa tine iad,agus dófar iad.

7. Má fhanann sibh ionamsaagus má fhanann mo bhriathra ionaibh,iarrfaidh sibh cibé ní is mian libhagus déanfar daoibh é.

8. Tugadh glóir do m'Athairsa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh,agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.

9. Faoi mar a thug an tAthair grá domsa,thug mise grá daoibhse chomh maith.Fanaigí i mo ghrá.

10. Má choinníonn sibh m'aitheanta,fanfaidh sibh i mo ghrá,faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar,agus a fhanaim ina ghrá.

11. Dúirt mé na nithe seo libhchun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibhagus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.

12. Is í seo m'aithne:sibh a thabhairt grá dá chéile,faoi mar a thug mé grá daoibh.

13. Níl grá ag aon duine níos mó ná seogo dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.

14. Sibhse mo chairdemá dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

15. Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.Ach thug mé cairde oraibh,óir gach a gcuala ó m'Athair,chuir mé in iúl daoibh é.

16. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,ach mise a rinne sibhse a thoghadh,agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibhagus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm,go dtabharfadh sé daoibh é.

17. Is iad seo m'aitheanta daoibh:sibh a thabhairt grá dá chéile.

An Saol

18. “Má thugann an saol fuath daoibh,bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.

19. Dá mba den saol sibhbheadh cion ag an saol ar a chuid féin.Ach de bhrí nach den saol sibhach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol,uime sin atá fuath ag an saol daoibh.

20. Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh:‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir.Má rinne siad géarleanúint ormsa,déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith.Má choinnigh siad mo bhriatharsa,coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.

21. Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh,ar son m'ainmse,mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.

22. Mura dtiocfainn agus labhairt leo,ní bheadh peaca orthu.Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca.

23. An té ar fuath leis mise,is fuath leis m'Athair chomh maith.

24. Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc,nach ndearna aon duine eile,ní bheadh peaca orthu.Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo,mise agus m'Athair, in éineacht.

25. Ach ionas go gcomhlíonfaí an focalatá scríofa sa dlí acu [é sin]:‘Thug siad fuath dom gan chúis.’

26. Nuair a thiocfaidh an tAbhcóidea chuirfidh mé chugaibh ón Athair,Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair,déanfaidh sé fianaise orm.

27. Déanann sibhse fianaise freisin,mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.