Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Níocodaemas

1. Bhí ar na Fairísinigh duine darbh ainm Níocodaemas, uachtarán ar na Giúdaigh.

2. Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”

3. D'fhreagair Íosa:“Amen, Amen,” ar sé leis,“mura nginfear duine athuairní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”

4. Dúirt Níocodaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d'fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”

5. D'fhreagair Íosa:“Go deimhin féin a deirim leat,mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad,ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.

6. An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í;an ghin ón Spiorad is spiorad í.

7. Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’

8. Séideann an ghaoth mar is áil léi.Is clos duit a glór,ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí.A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”

9. D'fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.

10. D'fhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!

11. Go deimhin féin a deirim leat,an ní is eol dúinn is air a labhraimid,agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise,ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.

12. Má inis mé nithe talmhaí daoibh,agus nach gcreideann sibh,cén chaoi a chreidfidh sibh,má insím nithe neamhaí daoibh?

13. Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh,ach an té a tháinig anuas ó neamh,Mac an Duine [atá ar neamh].

14. Faoi mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach,sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,

15. i dtreo, gach duine a chreideann ann,go mbeidh an bheatha shíoraí aige.

16. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór singur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann,nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

17. Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saola chuir Dia a Mhac uaidh ar an saolach chun go slánófaí an saol tríd.

18. An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,ach an té nach gcreideann ann,tá daorbhreith tugtha air cheana féin,mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

19. Agus an daorbhreith, is mar seo í:mar gur tháinig an solas isteach sa saol,agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solasde bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.

20. Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

21. Ach an té a dhéanann an fhírinne,tagann sé chun an tsolais,chun go dtaispeáinfí gur i nDiaa rinneadh a ghníomhartha.”

Fianaise Dheiridh Eoin

22. Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d'fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.

23. Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.

24. Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.

25. D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.

26. Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”

27. D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.

28. Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’

29. An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile;ach cara an chéile,atá ina sheasamh ag éisteacht leis,tagann racht áthais air de bharr guth an chéile.An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.

30. Ní foláir dósan méadú, ach domsa laghdú.

31. An té a thagann anuas tá sé os cionn cách.An té atá ón talamh is ón talamh dóagus is dá réir a labhraíonn sé.An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.

32. An rud a chonaic sé agus a chuala sé,déanann sé fianaise air,ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise.

33. An té a ghlacann a fhianaisechuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia.

34. Óir an té a chuir Dia uaidh,labhraíonn sé briathra Dé;mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.

35. Tá grá ag an Athair don Mhacagus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó.

36. An té a chreideann sa Mhactá an bheatha shíoraí aige.Ach an té nach gcreideann sa Mhac,ní fheicfidh sé an bheatha,ach tá fearg Dé socair air.”