Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Leigheas ar an tSabóid

1. Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim.

2. Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.

3. Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne - daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce.

4. Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).

5. Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid.

6. Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?”

7. “A dhuine uasail,” arsa an t‑easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.”

8. Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.”

9. Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.

10. Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.”

11. D'fhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’ ”

12. D'fhiafraigh siad de ansin: “Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?”

13. Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit.

14. Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.”

15. D'imigh an duine agus d'inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é.

16. Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.

17. Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.”

18. Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.

19. Thug Íosa freagra:“Amen, Amen, a deirim libh,ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féinmura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.Cibé nithe a dhéanann an tAthair,déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.

20. Óir tá cion ag an Athair ar an Macagus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seoi dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.

21. Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbhagus iad a dhéanamh beo,mar an gcéanna déanann an Mac beoan mhuintir is toil leis;

22. mar ní thugann an tAthair breith ar aon duineach thug sé an uile bhreith dá Mhac,

23. i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,mar a thugann siad don Athair.An té nach dtugann onóir don Mhacní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

24. Amen, Amen, a deirim libh,an té a éisteann le mo bhriathar,agus a chreideann an té a chuir uaidh mé,tá an bheatha shíoraí aige;ní thagann sé chun breithiúnais,ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

25. Amen, Amen, a deirim libh,tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana -nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Déagus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.

26. Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin,thug sé don Mhac mar an gcéannabeatha a bheith ann féin aige,

27. agus thug sé údarás dóbreithiúnas a dhéanamhde bhrí gurb é Mac an Duine é.

28. Ná déanaigí ionadh den mhéid sin,óir tá an uair ag teacht,a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaíglór Mhac Dé,

29. agus tiocfaidh siad amach -iad seo a rinne an mhaithchun aiséirí na beatha,agus iad seo a rinne an t‑olcchun aiséirí an bhreithiúnais.

30. Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnasagus is cóir í mo bhreith,óir ní hí mo thoil féin a shantaímach toil an té a chuir uaidh mé.

31. Dá dtabharfainn fianaise orm féinní bheadh m'fhianaise iontaofa.

32. Tá neach eile ann a thugann fianaise orm,agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaisea thugann sé orm.

33. Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoinagus thug sé fianaise ar an bhfírinne.

34. Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine,ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh.

35. Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd,agus níor mhiste libhse ar feadh tamailláthas a fháil ina sholas.

36. Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin.Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích,na hoibreacha sin féin a dhéanaim,tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.

37. An tAthair féin a chuir uaidh mé,thug sé fianaise orm.Níor chuala sibh riamh a ghuthná ní fhaca sibh a dheilbh,

38. agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh,mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.

39. Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadhmar gur dóigh libh go bhfuilan bheatha shíoraí agaibh iontu:agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,

40. ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.

41. Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.

42. Ach tá aithne agam oraibh,nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh.

43. Tháinig mise in ainm m'Athar,agus ní ghlacann sibh mé;má thagann duine eile ina ainm féin,glacfaidh sibh eisean.

44. Conas a b'fhéidir daoibh creidiúint,agus glóir á glacadh agaibh óna chéilegan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.

45. Ná measaigí go bhfuilimchun sibh a chúisiúi láthair an Athar;tá duine do bhur gcuisiú -Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as.

46. Dá gcreidfeadh sibh Maois,chreidfeadh sibh mise,óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean.

47. Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean,conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa?