Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Aguisín

1. Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin arís do na deisceabail ag Muir Thibirias, agus seo mar a thaispeáin:

2. Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail.

3. Dúirt Síomón Peadar leo: “Táimse ag dul ag iascach.” “Rachaimidne leat,” ar siad. D'imigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac.

4. Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é.

5. Dúirt Íosa leo: “Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?” “Níl,” ar siad á fhreagairt.

6. Dúirt sé leo: “Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc.” Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí an oiread sin iasc inti.

7. Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime - mar bhí sé gan é - agus chaith sé é féin isteach san fharraige.

8. Ach tháinig na deisceabail eile sa long mar níorbh fhada ón talamh iad, ach timpeall dhá chéad banlámh; agus tharraing siad an eangach lán d'iasc ina ndiaidh.

9. Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi.

10. Dúirt Íosa leo: “Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois.”

11. Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d'éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.

12. Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é.

13. Tháinig Íosa agus thóg an t‑arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.

14. Is é sin anois an tríú huair a thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail tar éis do aiséirí ó mhairbh.

15. Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Sea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan m'uain a chothú.”

16. Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.”

17. Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”

18. “Amen, Amen, a deirim leat.Nuair a bhí tú níos óige,chuirteá féin do chrios umat,agus shiúltá san áit ba thoil leat;ach nuair a thiocfaidh an aois ort,sínfidh tú amach do lámha,agus cuirfidh duine eile do chrios umat,agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.”

19. Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: “Lean mise.”

20. D'iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: “A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?”

21. Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: “Cad mar gheall air seo?”

22. Dúirt Íosa leis: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise.”

23. Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”

Clabhsúr

24. Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise.

25. Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh á scríobh.