Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Brollach

1. Bhí an Briathar ann i dtús báireagus bhí an Briathar in éineacht le Dia,agus ba Dhia an Briathar.

2. Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.

3. Rinneadh an uile ní trídagus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.

4. Is ann a bhí an bheathaagus ba é solas na ndaoine an bheatha.

5. Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,ach níor ghabh an dorchadas é.

6. Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia,agus Eoin a ba ainm dó.

7. Tháinig sé ag déanamh fianaisechun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolaischun go gcreidfeadh cách tríd.

8. Níorbh é féin an solasach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.

9. An solas fírinneacha shoilsíonn gach aon duine,bhí sé ag teacht ar an saol.

10. Bhí sé ar an saolagus is tríd a rinneadh an saol,agus níor aithin an saol é.

11. Chun a chuid féin a tháinigagus níor ghlac a mhuintir é.

12. Ach an uile dhuine a ghlac é,thug sé de cheart dóibhgo ndéanfaí clann Dé díobh,dóibh seo a chreideann ina ainm,

13. an mhuintir nach as folanna a rugadh iadná as toil feola,ná as toil fir ach ó Dhia.

14. Agus rinneadh feoil den Bhriatharagus chónaigh sé inár measc,agus chonacamar-na a ghlóir,a ghlóir mar Aonghin ón Athair,lán de ghrásta agus d'fhírinne.

15. Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobhagus glaonn in ard a ghutha:“É seo an té a ndúirt mé faoi:‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”

16. Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht,sea, grásta ar ghrásta.

17. Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.

18. Ní fhaca aon duine riamh Dia.An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,eisean a d'aithris.

Fianaise Eoin

19. Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:

20. “Cé hé thusa?” D'admhaigh sé agus níor shéan agus d'admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.”

21. D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”

22. Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”

23. Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”

24. Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí,

25. agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”

26. Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,

27. an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”

28. I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.

29. Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

30. Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’

31. Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí d'Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.”

32. Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air.

33. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’

34. Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”

Deisceabail á nGlaoch

35. Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail.

36. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”

37. Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa.

38. D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”

39. “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d'fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.

40. Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar.

41. Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias” - is é sín le rá an tUngthach.

42. Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig.

43. Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.”

44. Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib.

45. Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”

46. Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.

47. Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”

48. “Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”

49. D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”

50. D'fhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.

51. Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”