1. Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n‑inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.
2. Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí;éistigí le hIosrael bhur n‑athair.
3. A Reúbaen, is tú mo chéadghinmo neart, céadtoradh m'fhearúlachta.Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,
4. gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach,mar gur ghabh tú suas chun leaba d'athar,agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!
5. Deartháireacha Simeon agus Léiví,agus chuireadar a ndobhearta i gcrích.
6. Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí;nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar,óir mharaíodar daoine le teann feirgeagus speireadar daimh le barr buile.
7. Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaireagus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta.Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacóbagus scaoileadh orthu in Iosrael.
8. A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú;beidh do lámh ar bhráid do naimhdeagus sléachtfaidh clann mhac d'athar duit.
9. Coileán leoin é Iúdá!Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach;agus cromann sé agus luíonn mar leonnó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?
10. Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdáná más an cheannais ó idir a chosa,go dtaga an té ar leis é,dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
11. Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúinagus searrach a lárach dá stoc.Níonn sé a éide i bhfíonagus a chulaith i bhfuil na gcaor;
12. beidh a shúile dearg le fíonagus a dhéada bán le bainne.
13. Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige;beidh sé ina fhoscadh ag loingeasagus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.
14. Asal tréan é Íosácárina luí i measc cróite caorach;
15. tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe,agus gur thaitneamhach é an dúiche;chrom sé a ghualainn don ualach,agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.
16. Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal,mar cheann de threibheanna Iosrael.
17. Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbótharagus ar an gcosán ina nathair adharcach,a bheireann greim ar speir an chapaillagus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil.
18. Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.
19. Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád,ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu.
20. Is saibhir é arán Áiséaragus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí.
21. Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilíagus oisíní gleoite á mbreith aici.
22. Craobh thorthúil é Iósaef,craobh thorthúil le hais an tobair,agus a géascaí ag síneadh thar an mballa.
23. Thug na saighdeoirí faoi le fíoch,scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air,
24. ach bhris neach tréan a mboghaagus scaradh cuislí a lámh ona chéileag láimh Neach Tréan Iacóib,ag ainm Charraig Iosrael,
25. ag Dia d'athar a chabhraíonn leat,ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú,le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos,le beannachtaí cíoch agus broinne,
26. le beannachtaí arbhair agus bláthanna,le beannachtaí na gcnoc cianaosta,le beannachtaí na sléibhte síoraí;go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef,agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha.
27. Faolchú craosach é Biniáimin;alpann sé a chreach ar maidin,agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.”
28. Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.
29. Ansin thug sé treoracha dóibh. “Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,” ar sé. “Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m'aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach,
30. san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.
31. Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh -
32. san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.”
33. Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d'imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é.