Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Díneá, an iníon a rug Léá do Iacób, ghabh sí amach ar thuairisc mhná na dúiche sin.

2. Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d'fuadaigh í agus d'éignigh í, agus choill a clú.

3. Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta.

4. Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: “Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.”

5. Chuala Iacób conas mar a coilleadh clú a iníne Díneá, ach bhí a chlann faoi na bánta lena airnéis agus ní dúirt Iacób focal nó gur fhilleadar.

6. Chuaigh Hamór athair Sheicim amach chun labhairt le Iacób.

7. Clann mhac Iacóib, nuair a d'fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi.

8. “Tá anam mo mhic Seicim lán de mhian bhur n‑iníne,” arsa Hamór leo, “lig dó í a phósadh, impím oraibh.

9. Déanaigí cleamhnais linn: tugaigí dúinne bhur n‑iníonacha, agus tógaigí ár n‑iníonacha chugaibh féin.

10. Fanaigí linn agus beidh an tír faoi bhur réir le cónaí ann, nó le gabháil trid, nó le sealbhú.”

11. Dúirt Seicim le hathair agus le deartháireacha an chailín: “Má thuillim bhur ndea-mhéin, tabharfaidh mé daoibh aon ní a iarrfaidh sibh.

12. Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.”

13. Ansin thug clann mhac Iosrael freagra ar Sheicim agus ar a athair Hamór, freagra cealgach mar gur thruailligh sé a ndeirfiúr Díneá.

14. “Ní féidir linn a leithéid a dhéanamh,” ar siad leo, “ár ndeirfiúr a thabhairt le pósadh d'fhear nach bhfuil timpeallghearrtha, mar ba aithis duinn é.

15. Réiteoimid libh ar aon choinníoll amháin - sibh a theacht ar aon dul linne agus gach fireannach agaibh a thimpeallghearradh.

16. Ansin tabharfaimid ar n‑iníonacha daoibh, agus tógfaimid bhur n‑iníonacha chugainn féin, agus déanfaimid cónaí in bhur measc agus déanfaidh aon chine amháin dínn araon.

17. Ach mura n‑éisteann sibh linn, agus timpeallghearradh a ghlacadh, ansin tógfaimid ár n‑iníon agus imeoimid linn.”

18. Thaitin a gcuid cainte le Hamór agus le mac Hamór, Seicim.

19. Ní dhearna an t‑ógfhear aon mhoill ach an rud úd a dhéanamh, mar ba mhór a ghean d'iníon Iacóib. Ba é leis an té ba mhó onóir i dteaglach a athar ar fad é.

20. Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach:

21. “Tá na fir seo muinteartha linn,” ar siad, “cuiridís fúthu sa tír seo farainn, agus bíodh cead a gcos acu ann, mar féach tá an tír fairsing go leor dóibh. Glacaimis a n‑iníonacha le pósadh agus tugaimis ár n‑iníonacha doibhsean.

22. Ach ní bheidh na fir seo sásta cur fúthu farainn agus a bheith in aon phobal amháin linne ach ar an gcoinníoll seo amháin: go ndéanfar timpeallghearradh ar gach fireannach inár measc, a ndála féin.

23. A stoc, a maoin, agus a n‑eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?”

24. Ghéill gach duine a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach do Hamór agus dá mhac Seicim; rinneadh timpeallghearradh ar gach fireannach a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach.

25. Ar an tríú lá agus iad siúd tinn fós, thóg beirt mhac Iacóib, Simeon agus Léiví, deartháireacha Dhíneá, a gclaímhte agus isteach leo sa chathair gan fhios agus mharaíodar na fireannaigh go léir.

26. Mharaíodar Hamór agus a mhac Seicim le faobhar claímh; thógadar Díneá as teach Sheicim agus d'imíodar leo.

27. Tháinig clann Iacóib ar an ár agus chreachadar an chathair, mar gur truaillíodh a ndeirfiúr.

28. Thug siad leo a dtréada agus a dtáinte, agus a n‑asail, agus a raibh le fáil sa chathair agus faoin tuath.

29. A maoin go léir, a miondaoine agus a mná go léir, a raibh sna tithe, ghabhadar iad go léir agus d'fhuadaíodar leo iad mar chreach.

30. Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: “Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m'ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m'aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.”

31. Is é freagra a bhí acu air: “An íde striapaí atá le tabhairt ar ár ndeirfiúr?”