Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Taibhrimh Fhorainn

1. Dhá bhliain shlána ina dhiaidh sin, rinneadh taibhreamh d'Fhorann. Bhí sé ina sheasamh ag an Níl.

2. Seo aníos chuige ón Níl seacht mba slíoctha méithe, agus chromadar ar iníor i measc na luachra.

3. Agus seo seacht mba eile gránna loma aníos ón Níl ina ndiaidh; ghabhadar sall agus sheasadar taobh leis na ba eile ar bhruach na Níle.

4. D'ith na ba gránna loma na seacht mba slíoctha méithe. Dhúisigh Forann ansin.

5. Thit a chodladh air arís agus rinneadh taibhreamh eile dó: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin agus gach dias díobh faoi bharr blátha agus toraidh.

6. Agus seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir agus

7. shlugadar na seacht ndiasa a bhí faoi bharr blátha agus toraidh. Dhúisigh Forann; taibhreamh a bhí aige.

8. Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d'inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d'fhéadfadh é a mhiniú d'Fhorann.

9. Ansin labhair an príomhchornaire le Forann: “Ní foláir dom mo chionta a thabhairt chun cuimhne inniu.

10. Bhí fearg ar Fhorann lena shearbhóntaí agus chuir sé mise agus an príomhbháicéir i ngéibheann i dteach chaptaen an gharda.

11. Rinneadh taibhreamh an oíche chéanna dúinn araon, domsa agus dósan, agus bhí a chiall féin do gach duine ina thaibhreamh féin.

12. Bhí Eabhrach óg inár bhfochair, daor le captaen an gharda. D'insíomar ár dtaibhrimh dó agus mhínigh sé ár dtaibhrimh dúinn, agus d'inis sé do gach duine againn ciall a thaibhrimh féin.

13. Tharla dúinn díreach de réir an mhínithe a thug sé dúinn; cuireadh mise ar ais i mo phost, ach crochadh an fear eile.”

14. Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.

15. Dúirt Forann le Iósaef: “Rinneadh taibhreamh dom, agus níl aon duine a d'fhéadfadh é a mhíniú; ach tá sé cloiste agam fútsa, nuair a insítear taibhreamh duit, gur féidir duit é a mhiniú.”

16. D'fhreagair Iósaef Forann: “Níl sin ionam. Is é Dia a thabharfaidh freagra fabhrach ar Fhorann.”

17. Dúirt Forann le Iósaef dá bhrí sin: “Sa taibhreamh dom, seo mé i mo sheasamh ar bhruach na Níle.

18. Seo aníos as an Níl seacht gcinn de bha slíoctha méithe agus chromadar ar iníor i measc na luachra.

19. Seo seacht mba eile aníos ina ndiaidh, truáin loma ghránna, nach bhfaca a leithéid riamh i dtalamh na hÉigipte ar fad.

20. Agus d'alp na ba loma gránna na seacht mba slíoctha méithe.

21. Ach nuair a bhíodar ite acu, níorbh fhéidir le haon duine a rá go rabhadar ite acu, mar bhíodar fós chomh lom is a bhíodar riamh. Ansin dhúisigh mé.

22. Rinneadh taibhreamh eile dom: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin, agus iad faoi bhláth toraidh

23. ach seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha, loiscthe ag an ngaoth anoir.

24. Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D'inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.”

25. Dúirt Iósaef le Forann: “Is mar a chéile iad taibhrimh Fhorainn. D'fhoilsigh Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.

26. Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh céanna ceannann atá i gceist.

27. Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.

28. Tá an cás mar a dúirt mé le Forann; thaispeáin Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.

29. Tiocfaidh seacht mbliana mórfhlúirse ar fud críocha na hÉigipte go léir.

30. Ach tiocfaidh seacht mbliana gorta ina ndiaidh agus ní bheidh cuimhne ar an bhflúirse go léir i gcríocha na hÉigipte; creimfidh an gorta an tír.

31. Beidh an gorta úd a leanfaidh chomh dian sin ar fad nach mbeidh cuimhne ag aon duine ar an bhflúirse a bhí sa tír.

32. Is é cúis gur tháinig an taibhreamh faoi dhó go Forann mar go bhfuil an cúrsa cinnte cheana féin ag Dia, agus tá an-fhonn ar Dhia é a chur i gcrích.

33. Ba chóir d'Fhorann duine críonna ciallmhar a thoghadh agus a chur i bhfeighil thír na hÉigipte.

34. Cuireadh Forann chuige dá bhrí sin agus ceapadh sé feidhmeannaigh os cionn na tíre agus gearradh sé cáin den chúigiú cuid ar thír na hÉigipte le linn seacht mbliana na flúirse.

35. Déanaidís bia go léir na mblianta maithe le teacht a chruinniú agus an t‑arbhar a chur i dtaisce in ainm Fhorainn mar bhia sna cathracha, agus coinnídís é.

36. Beidh an bia sin mar chúl taca ag an tír i gcaitheamh na seacht mbliana gorta atá le luí ar thalamh na hÉigipte. Ní mhillfear ar an gcuma sin an tír de dheasca an ghorta.”

Iósaef faoi Onóir

37. D'aontaigh Forann agus a fheidhmeannaigh go léir lena ndúirt sé.

38. Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: “Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?”

39. Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.

40. Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”

41. “Féach!” arsa Forann le Iósaef, “déanaim rialtóir díot ar chríocha uile na hÉigipte,”

42. agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.

43. Chuir sé ina shuí é sa charbad is fearr aige seachas a charbad féin agus bhíodh na daoine roimhe ag cur na ngártha in airde: “Ar bhur nglúine.” Rinneadh rialtóir de ar chríocha uile na hÉigipte sa tslí sin.

44. “Mise Forann,” arsa Forann le Iósaef, “agus níl cead cos ná lámh ag aon duine ar fud críocha na hÉigipte ach de réir do tholasa.”

45. Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.

46. Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.

47. I gcaitheamh na seacht mbliana flúirse, thug an talamh fómhar fial uaidh,

48. agus chruinnigh sé gach a raibh de bhia i mblianta na flúirse i dtír na hÉigipte agus chuir i dtaisce é sna cathracha; chuir sé an bia ó na dúichí ina dtimpeall i dtaisce i ngach cathair.

49. Agus thaiscigh Iósaef raidhse mhór arbhair mar ghaineamh na trá, go dtí go ndeachaigh de é a thomhas mar go raibh a thoirt thar tomhas.

50. Rugadh beirt mhac do Iósaef roimh bhliain an ghorta: Ásanat iníon Phóitífeara, sagart On, a bhronn air iad.

51. Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; “mar,” ar sé, “thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m'athar.”

52. Thug sé Eafráim ar an dara mac; “mar,” ar sé, “chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.”

53. Na seacht mbliana flúirse a bhí i dtír na Éigipte, thángadar chun críche,

54. agus thosaigh na seacht mbliana gorta ar theacht mar a bhí ráite ag Iósaef. Bhí gorta i ngach tír ach bhí arán ar fáil ar fud thír na Éigipte go léir.

55. Nuair a luigh an gorta ar chríocha na Éigipte go léir, ghlaoigh na daoine ar Fhorann ag iarraidh aráin; agus dúirt Forann leis na hÉigiptigh go léir: “Téigí go Iósaef, agus déanaigí mar a déarfaidh sé libh.”

56. Nuair a leath an gorta ar fud na tíre go léir, d'oscail Iósaef na taiscí go léir, agus dhíol an t‑arbhar leis na hÉigiptigh mar go raibh an gorta dian i dtír na Éigipte.

57. Agus tháinig daoine ó cheithre hairde na cruinne go dtí an Éigipt chun arbhar a cheannach ó Iósaef, mar go raibh an gorta dian ar fud an domhain ar fad.