Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Pósadh Íosác

1. Bhí Abrahám ina sheanduine, anonn go maith sna blianta, agus bhí beannacht an Tiarna air ina chúrsaí go léir.

2. Dúirt Abrahám leis an sinsear ar shearbhóntaí a theaghlaigh, an té a bhí i bhfeighil a raibh de mhaoin aige: “Cuir do lámh faoi mo cheathrú

3. agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc

4. ach, ina ionad sin, dul ag triall ar mo thír dhúchais agus ar mo mhuintir féin chun bean a fháil do mo mhac Íosác.”

5. D'fhreagair an searbhónta é: “B'fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom chun na dúiche seo; ansin cad a dhéanfainn? An gcaithfinn ansin do mhac a bhreith ar ais chun na tíre as ar tháinig tú?”

6. “Ná beir mo mhac ansiúd ar ais ar aon chúinse, féach!” arsa Abrahám.

7. “An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m'athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.

8. Muran toil leis an mbean tú a leanúint, beidh tú saor ón mionn seo liomsa; ach ná beir mo mhac leat ar ais ansiúd.”

9. Chuir an searbhónta a lámh faoi cheathrú Abrahám, a thiarna, dá bhrí sin agus thug sé mionn dó go ndéanfadh sé an méid sin.

10. Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór.

11. Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.

12. Agus dúirt sé: “A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, bí faram inniu, iarraim ort, agus bí cineálta le mo mháistir Abrahám.

13. Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce.

14. An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”

15. Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór.

16. Ógbhean le barr sceimhe a ba ea í agus maighdean nach raibh cuid ag fear di. Chuaigh sí síos chun an tobair, líon a crúsca agus tháinig aníos.

17. Rith an searbhónta ina treo ansin agus dúirt: “Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca le do thoil.”

18. “Bíodh deoch agat, a thiarna,” ar sí á fhreagairt agus lig sí an crúsca anuas ar a géag gan mhoill agus thug deoch dó.

19. Tar éis di an deoch a thabhairt do, dúirt sí: “Tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith go n‑óla siad a sáith.”

20. Scaoil sí a raibh d'uisce ina crúsca isteach san umar ansin go deifreach agus rith léi go dtí an tobar arís ag triall ar uisce, agus tharraing sí dóthain a chamall go léir.

21. Bhí sé siúd gan focal as ag faire uirthi, féachaint an raibh bail ón Tiarna ar a aistear nó nach raibh.

22. Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.

23. “Cé hé do athair?” ar sé. “Abair, le do thoil! Agus an bhfuil slí i dteach d'athar dúinn chun an oíche a chaitheamh ann?”

24. D'fhreagair sí é: “Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,” ar sí,

25. agus lean sí uirthi: “Tá raidhse tuí agus foráiste againn agus áit lóistín.”

26. Shléacht an fear ansin agus d'adhair sé an Tiarna

27. á rá: “Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!”

28. Rith an ógbhean léi ansin agus d'inis gach ar tharla do theaghlach a máthar.

29. Bhí deartháir ag Ribeacá arbh ainm dó Lábán, agus bhrostaigh seisean amach chun an tobair mar a raibh an fear.

30. A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: “A leithéid seo ar sé liom,” chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar.

31. “Tar isteach,” ar sé, “tusa a bheannaigh an Tiarna; cad a ba áil leat i do sheasamh anseo amuigh? óir tá an teach i gcóir duit agus áit do do chamaill.”

32. Chuaigh an fear isteach; scoir Lábán na camaill agus thug dó tuí agus foráiste do na camaill agus uisce chun a chosa agus cosa a chompánach a ionladh.

33. Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: “Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.” “Abair leat,” arsa [Lábán].

34. “Searbhónta Abrahám mise,” ar sé.

35. “Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.

36. Sárá, bean mo mháistir, rug sí mac dó ina seanaois; thug sé a bhfuil aige dósan.

37. Chuir mo mháistir mise faoi bhrí na mionn á rá: ‘Ní bhfaighidh tú bean do mo mhac ó iníonacha na gCanánach, a bhfuil cónaí orm ina measc.

38. Ach ina ionad sin, rachaidh tú go teach m'athar agus go dtí mo mhuintir féin agus bean a fháil do mo mhac.’

39. Dúirt mé le mo mháistir: ‘B'fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom.’

40. Ach d'fhreagair sé: ‘An Tiarna, a siúlaim ina fhianaise, seolfaidh sé a aingeal farat d'fhonn go n‑éireodh do bhóthar leat agus gheobhaidh tú bean do mo mhac ó mo mhuintir agus ó theach m'athar.

41. Mar seo a bheidh tú saor ó dheasca mo mhionna: rachaidh tú go dtí mo mhuintir; agus má dhiúltaíonn siad duit í, beidh tú saor ó dheasca mo mhionna.’ ”

42. “Tháinig mé inniu dá réir sin go dtí an tobar agus dúirt mé: ‘A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, taispeáin dom an bhfuil do bhail á cur agat ar an ród ar a dtriallaim.

43. Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh:

44. Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith - gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.’

45. Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ‘Tabhair dom deoch le do thoil,’ arsa mise léi.

46. Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.’ D'ól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis.

47. Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.

48. Ansin shléacht mé agus d'adhair mé an Tiarna, agus mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac.

49. Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí - ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.”

50. D'fhreagair Lábán agus Batúél: “Ón Tiarna é seo! ní féidir linne sea ná ní hea a rá leat.

51. Sin í Ribeacá os do chomhair. Tóg leat í agus imigh agus bíodh sí mar bhean ag mac do mháistir, faoi mar a dúirt an Tiarna.”

52. Arna chlos sin do shearbhónta Abrahám, shléacht sé go talamh agus d'adhair sé an Tiarna.

53. Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith.

54. Bhí bia agus deoch aige féin agus ag a chomhluadar agus chaitheadar an oíche ansiúd. Ar n‑éirí dóibh ar maidin dúirt sé: “Scaoiligí ar ais chun mo mháistir mé.”

55. Dúirt an deartháir agus an mháthair: “Fanadh an ógbhean farainn tamall, deich lá ar a laghad; ní miste di imeacht ansin.”

56. “Ná cuirigí moill orm,” ar sé leo, “mar is é an Tiarna a chuir bail ar m'aistear. Scaoiligí liom ag triall ar mo mháistir.”

57. “Glaofaimid ar an ógbhean,” ar siad, “agus cuirfimid ceist uirthi.”

58. Agus ghlaodar ar Ribeacá agus chuireadar ceist uirthi: “An rachaidh tú leis an bhfear seo?” “Déanfaidh mé,” ar sí.

59. Scaoileadar chun siúil dá bhrí sin Ribeacá a ndeirfiúr agus a buime, agus searbhónta Abrahám agus a chuid fear.

60. Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi:“A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort!Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht!Go raibh seilbh ag do shíolAr gheataí a naimhde.”

61. Ansin d'éirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus d'imigh.

62. Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann.

63. Le fuineadh an lae chuaigh Íosác amach ag siúl sna bánta; d'ardaigh sé a shúile agus d'fhéach uaidh agus chonaic camaill chuige.

64. Agus d'ardaigh Ribeacá a súile agus nuair a chonaic sí Íosác tháinig anuas dá camall

65. agus dúirt leis an searbhónta: “Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?” “Siúd é mo mháistir,” arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é.

66. D'inis an searbhónta do Íosác gach a raibh déanta aige.

67. Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di.

68. Fuair Íosác sólás ar an gcuma sin tar éis bhás a mháthar.