Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Breith Íosác

1. Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.

2. Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac d'Abrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó.

3. Íosác an t‑ainm a thug Abrahám ar an mac a rugadh dó, an mac a rug Sárá dó.

4. Rinne Abrahám timpeallghearradh ar a mhac Íosác nuair a bhí sé ocht lá d'aois faoi mar a d'ordaigh Dia dó.

5. Bhí Abrahám céad bliain d'aois nuair a rugadh a mhac Íosác dó.

6. Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”

7. Lean sí uirthi:“Cé déarfadh le hAbrahámgo dtabharfadh Sárá cíoch do chlann!Ach tá mac tugtha agam dó ina sheanaois.”

Hágár agus Ísmeáél á gCur Chun Siúil

8. D'fhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol.

9. Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí d'Abrahám, ag súgradh [lena mac Íosác].

10. Dúirt sí le hAbrahám: “Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác.”

11. Ghoill an chaint sin go mór ar Abrahám de bharr a mhic,

12. ach dúirt Dia leis: “Ná bíodh ceist an ógánaigh agus na daoirsí ag goilliúint ort; cibé rud a deir Sárá leat a dhéanamh, déan rud uirthi, mar is trí Íosác a mhairfidh d'ainm i do shíol.

13. Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.”

14. D'éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d'ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D'imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.

15. Nuair nach raibh braon uisce fagtha sa tseithe chuir sí an leanbh uaithi faoi thor.

16. Ansin d'imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora.

17. Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d'fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.

18. Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.”

19. Ansin d'oscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus d'imigh agus líon an tseithe d'uisce agus thug deoch don leanbh.

20. Agus bhí Dia leis an leanbh agus d'fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.

21. I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte.

Tobar Bhéar Seaba

22. Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: “Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú.

23. Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.” “Déanfad,” arsa Abrahám, “mionnaim sin duit.”

24. Agus rinne Abrahám gearán le hAibímeilic i dtaobh tobair a ghabh searbhóntaí Aibímeilic le láimh láidir.

25. “Ní eol dom,” arsa Aibímeilic, “cé rinne é seo.

26. Níor luaigh tú féin aon ní liom faoi, ná níor chuala mise focal faoi go dtí inniu.”

27. Thug Abrahám caoirigh agus eallach leis ansin agus bhronn ar Aibímeilic iad agus rinneadar conradh le chéile.

28. Chuir Abrahám seacht bhfóisc den tréad i leataobh.

29. “Cad is ciall leis na seacht bhfóisc seo á gcur i leataobh agat?” a d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám.

30. D'fhreagair seisean: “Ní foláir duit na seacht bhfóisc seo a ghlacadh ó mo láimh mar fhianaise gur mise a thochail an tobar seo.”

31. Uime sin a tugadh Béar Seaba (Tobar an Mhionna) ar an áit mar gur mhionnaíodar araon ann.

32. Nuair a bhí an conradh déanta acu i mBéar Seaba dá réir sin, chuir Aibímeilic agus Fíocol, an taoiseach airm, chun siúil agus d'fhilleadar ar thír na bhFilistíneach.

33. Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí.

34. Agus d'fhan Abrahám tamall fada i dtír na bhFilistíneach.