Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo anois sliocht chlann Naoi, Séam, Hám agus Iáfat. Rugadh clann mhac dóibh tar éis na díleann.

2. Clann Iáfat: Gómar agus Mágóg agus Iáván agus Túbál agus Meisic agus Tíoras.

3. Clann Ghómar: Aisceanaz agus Rífeat agus Togarmá.

4. Clann Iáván: Eilíseá agus Tairsís agus Citím agus Dodáiním.

5. Uathusan a leath na daoine amach ar oileáin na nginte. [Sin iad clann mhac Iáfat] de réir a dtíortha, agus a dteangacha faoi leith, de réir a dtreibheanna agus a gciníocha.

6. Clann mhac Hám: Cúis agus Miosráím agus Pút agus Canán.

7. Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán.

8. Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de.

9. Fiagaí éachtach a ba ea é i láthair an Tiarna, agus uime sin a deir an seanfhocal: “Fiagaí éachtach i láthair an Tiarna mar Niomrod.”

10. Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.

11. Ón tír sin a tháinig Aisiúr a thóg Nínivé agus Rahobot Ír agus Cálach,

12. agus Reisen idir Nínivé agus Cálach; cathair mhór í sin.

13. Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch

14. agus Patrús agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór.

15. Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat,

16. agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh,

17. na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh,

18. na hArvadaigh, na Zamáraigh, agus na Hamátaigh. Ina dhiaidh sin, leath treibheanna na gCanánach amach.

19. Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.

20. Sin iad clann Hám de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha.

21. Rugadh clann chomh maith do Shéam, an té ónar shíolraigh clann Éibir ar fad, agus sinsear a dhearthár Iáfat.

22. Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám.

23. Clann Arám: Úz agus Húl agus Geitir agus Mais.

24. Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir.

25. Agus rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir.

26. Ghin Ioctán Almódád agus Seilif agus Hazarmávat agus Iárach

27. agus Hadórám agus Úzál agus Dicleá,

28. agus Óbál agus Abamáél agus Seabá

29. agus Óifir agus Havalá agus Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir.

30. Bhí cónaí orthu sa dúiche ó Mhéiseá i dtreo Shafar, an tír chnocach lastoir.

31. Sin iad clann mhac Shéam de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha.

32. Sin iad treibheanna chlann Naoi de réir a síol agus a gciníocha. Uathusan a leath na ciníocha ar fud an domhain tar éis na díleann.