Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Íosác i nGearár

1. Bhí gorta sa tír - ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám - agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach.

2. Thaispeáin an Tiarna é féin dó agus dúirt: “Ná téigh síos go dtí an Éigipt ach fan sa tír a inseoidh mé duit.

3. Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.

4. Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.

5. Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m'aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.”

6. D'fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin.

7. Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d'fhreagair sé: “Is í mo dheirfiúr í,” mar bhí eagla air a rá: “Is í mo bhean í,” le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe.

8. Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá.

9. Chuir Aibímeilic fios ar Íosác: “Ní foláir nó gurb í do bhean í! Conas mar sin a d'fhéad tú a rá: ‘Is í mo dheirfiúr í’?” “Mar go raibh eagla orm,” arsa Íosác leis, “go marófaí mé ar a son.”

10. “Céard é seo atá déanta agat linn?” arsa Aibímeilic. “B'fhurasta a tharlú go rachadh duine dár muintir chun luí le do bhean agus ansin bheadh coir tugtha sa mhullach agat orainn.”

11. Ansin thug Aibímeilic ordú dá mhuintir go léir: “Aon duine a leagfaidh lámh ar an bhfear seo nó ar a bhean, cuirfear chun báis é.”

12. Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,

13. agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad.

14. Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis.

15. Na toibreacha fíoruisce go léir a thochail daoir a athar le linn Abrahám a athair, chaith na Filistínigh cré isteach iontu agus dhún iad.

16. Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: “Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.”

17. D'fhág Íosác an áit sin agus chuir suas a bhoth i nGleann Ghearár agus chuir faoi ann.

18. Agus thochail Íosác arís na toibreacha fíoruisce a rinne daoir a athar Abrahám, ach a dhún na Filistínigh tar éis bhás Abrahám, agus thug sé na hainmneacha céanna orthu agus a thug a athair.

19. Nuair a thochail daoir Íosác sa ghleann agus go bhfuaireadar tobar fíoruisce,

20. tháinig aoirí Ghearár chun imris le haoirí Íosác á rá: “Linne an t‑uisce.” Thug sé Éisic (Aighneas) dá bhrí sin ar an tobar mar go ndearnadar aighneas leis.

21. Ansin thochail siad tobar eile, agus bhí aighneas eatarthu faoi sin leis, agus thug sé Sitneá (Eascairdeas) air.

22. D'fhág sé an áit sin agus thochail sé tobar eile agus ní raibh aon imreas faoin gceann seo, agus thug sé Rachóbót (Fairsinge) air á rá: “Thug an Tiarna fairsinge dúinn anois agus beidh an rath orainn sa dúiche.”

23. Chuaigh sé as sin go Béar Seaba.

24. Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt:“Mise Dia d'athar Abrahám.Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat.Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol,Ar son mo shearbhónta Abrahám.”

25. Thóg sé altóir don Tiarna ansiúd agus ghlaoigh ar ainm an Tiarna. Chuir sé suas a bhoth ann agus thochail daoir Íosác tobar ann.

Conradh le hAibímeilic

26. Agus tháinig Aibímeilic ar a thuairisc ó Ghearár agus Achuzat a chomhairleoir agus Fíocol a thaoiseach airm in éineacht leis.

27. Dúirt Íosác leo: “Cad a ba áil libh teacht chugam ós fuath libh mé agus gur chuir sibh chun siúil uaibh mé?”

28. D'fhreagraíodar: “Ba léir dúinn go raibh an Tiarna leat, agus dúramar: Bíodh mionn eadrainn, agus déanaimis conradh le chéile, sinne agus tusa,

29. nach ndéanfaidh tusa aon dochar dúinn, faoi mar nach ndearnamarna riamh aon díobháil duit ach bhíomar i gcónaí cineálta leat agus chuireamar chun siúil tú faoi shíocháin. Anois tá beannacht an Tiarna ort.”

30. Rinne sé fleá dóibh ansin agus chaitheadar bia agus deoch.

31. D'éiríodar go moch ar maidin agus ghlacadar mionn a chéile. Ansin d'fhag Íosác slán acu agus d'imíodar uaidh faoi shíocháin.

32. An lá ceannann céanna tháinig daoir Íosác chuige le scéala an tobair a thochail siad. “Thángamar ar uisce,” ar siad.

33. Thug sé Sibeá (Mionn) ar an tobar dá bhrí sin agus tá Béar Seaba ar an gcathair go dtí an lá atá inniu ann.

Mná Éasau

34. Nuair a bhí Éasau daichead bliain phós sé Iúidit iníon Bhéirí an Hiteach, agus Básamat iníon Éalon an Hiteach.

35. Ghoill an bheirt bhan seo ar chroí ar Íosác agus ar Ribeacá.