Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Asin ghlaoigh Íosác ar Iacób agus bheannaigh é agus thug an t‑ordú seo dó: “Ná pós bean de mhná na gCanánach.

2. Imigh leat soir go Padan Arám go teach Bhatúél, athair do mháthar, agus tóg ón áit sin duine d'iníonacha Lábán, deartháir do mháthar, mar bhean duit féin.

3. Go mbeannaí Dia Uilechumhachtach thú agus go gcuire sé an rath ort agus sliocht iomadúil i dtreo go ndéana baicle ciníocha díot.

4. Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d'Abrahám.”

5. Chuir Íosác Iacób chun siúil agus d'imigh Iacób go Padan Arám, go Lábán mac Bhatúél an tArámach, deartháir Ribeacá, máthair Iacób agus Éasau.

Pósann Éasau Arís

6. Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: “Ná pós bean de mhná na gCanánach”;

7. agus gur ghéill Iacób dá athair agus dá mháthair agus go ndeachaigh sé go Padan Arám.

8. Tuigeadh dó dá bhrí sin nár thaitin mná na gCanánach le hÍosác a athair,

9. agus chuaigh sé go hÍsmeáél agus phós sé bean eile de bhreis ar na mná a bhí aige, Machalat iníon le hÍsmeáél mac Abrahám, deirfiúr Nabáiót.

Taibhreamh Iacóib

10. D'fhág Iacób Béar Seaba agus thug aghaidh ar Hárán.

11. Tháinig sé go dtí áit áirithe agus chaith sé an oíche ann mar go raibh an ghrian imithe faoi. Thóg sé cloch de na clocha a bhí ansiúd agus chuir faoina cheann í agus luigh síos mar a raibh sé.

12. Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air.

13. Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: “Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d'athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.

14. Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.

15. Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.”

16. Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: “Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.”

17. Bhí eagla air agus dúirt: “Nach uaimhneach an áit é seo! Céard eile é seo ach teach Dé! Is é geata na bhflaitheas é.”

18. D'éirigh Iacób go moch ar maidin dá bhrí sin, agus thóg an chloch a bhí faoina cheann agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin, agus dhoirt ola uirthi.

19. Thug sé Béitéil mar ainm ar an áit; Lúz a bhí mar ainm ar an mbaile roimhe sin.

20. Thug Iacób móid ansin á rá: “Má bhíonn Dia liom agus mé a choimeád slán ar an turas seo ar a dtriallaim, agus bia le hithe a thabhairt dom, agus éadach le caitheamh,

21. i dtreo go bhfillfidh mé slán folláin ar theach m'athar, ansin beidh an Tiarna ina Dhia agam,

22. agus an chloch seo a chuir mé ina seasamh mar ghallán cuimhneacháin, beidh sí ina teach Dé, agus tabharfaidh mé duit deachú dá mbronnann tú orm.”