Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'imigh Iósaef ansin agus dúirt le Forann: “Tá m'athair agus mo dheartháireacha tagtha ó thír Chanán lena dtréada agus lena dtáinte agus lena maoin go léir; tá siad anois i ndúiche Ghoisin.”

2. Bhí cúigear dá dheartháireacha tugtha leis aige agus chuir sé i láthair Fhorainn ansin iad.

3. “Cen ghairm bheatha atá agaibh?” arsa Forann lena dheartháireacha. Agus dúradar le Forann: “Is aoirí do shearbhóntaí dála ár n‑aithreacha romhainn.”

4. Leanadar ar aghaidh agus dúradar le Forann: “Thángamar chun cur fúinn tamall sa tír seo, mar níl aon fhéarach do thréada do shearbhóntaí mar tá an gorta go dian i dtír Chanán; agus anois impímid ort, lig do do shearbhóntaí fanacht tamall i dtír Ghoisin.”

5. Ansin dúirt Forann le Iósaef: “Tá d'athair agus do dheartháireacha tagtha chugat.

6. Sin é talamh na hÉigipte romhat mar a shíneann; cuir d'athair agus do dheartháireacha chun cónaí sa chuid is fearr den talamh. Cuiridis fúthu i dtír Ghoisin, agus más eol duit aon chumasaigh orthu, cuir i bhfeighil mo stoic féin iad.”

7. Ansin thug Iósaef Iacób a athair leis agus chuir i láthair Fhorainn é, agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann.

8. Agus d'fhiafraigh Forann de Iacób: “An iomaí bliain a áiríonn tú de fhad saoil agat?”

9. Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”

10. Agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann agus d'imigh amach ó láthair Fhorainn.

11. Ansin bhunaigh Iósaef a athair agus a dheartháireacha, agus thug seilbh dóibh, i dtír na hÉigipte, sa chuid is fearr den talamh, i ndúiche Ramasaes mar a d'ordaigh Forann.

12. Agus chuir Iósaef cóir chothaithe ar a athair, ar a dheartháireacha, agus ar theaghlach uile a athar de réir líon a muirir.

Bearta Iósaef

13. Ní raibh aon bhia sa tír ar fad mar go raibh an gorta chomh dian sin go raibh tír na hÉigipte agus tír Chanán in anbhainne le hocras.

14. A raibh d'airgead le fáil i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán, chruinnigh Iósaef é mar mhalairt ar an arbhar a bhí á cheannach agus thug an t‑airgead go léir leis go pálás Fhorainn.

15. Agus nuair a bhí an t‑airgead go léir caite i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán tháinig na hÉigiptigh go léir go dtí Iósaef á rá: “Tabhair bia duinn! Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl? Óir tá ár gcuid airgid caite.”

16. D'fhreagair Iósaef: “Tugaigí libh bhur n‑eallach agus tabharfaidh mé bia daoibh mar mhalairt ar bhur n‑eallach má tá bhur gcuid airgid ídithe.”

17. Thugadar a n‑eallach dá réir sin chun Iósaef agus thug Iósaef arán dóibh mar mhalairt ar chapaill, ar tháinte, ar thréada agus ar asail; chothaigh sé le bia iad an bhliain sin mar mhalairt ar a n‑airnéis go léir.

18. Nuair a bhí an bhliain sin thart, thángadar chuige arís an bhliain dar gcionn agus dúradar leis: “Ní cheilfimid ort é, a rí; tá ar gcuid airgid go léir caite; is lenár dtiarna an airnéis go léir; níl fagtha i láthair ár dtiarna ach ár gcorp agus ár dtailte.

19. Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl - sinne agus ár dtailte? Bímis féin agus ár dtailte agat dá bhrí sin mar cheannach ar bhia; beimidne lenár dtailte mar dhaoir ag Forann. Ach tabhair dúinn síol le cur chun nach bhfaighimis bás ach go mairfimis agus nach bhfágfaí an talamh ina fhásach.”

20. Cheannaigh Iósaef talamh uile na hÉigipte ar an tslí sin d'Fhorann; óir dhíol na hÉigiptigh go léir a dtailte mar gur luigh an gorta orthu. Fuair Forann an talamh go léir.

21. Maidir leis an bpobal, rinne sé daoir díobh ó cheann ceann na hÉigipte.

22. Talamh na sagart amháin a d'fhág sé gan ceannach, mar d'fhaigheadh na sagairt liúntas ar leith ó Fhorann agus mhaireadar ar an liúntas a thug Forann dóibh; níor dhíoladar a dtailte dá bhrí sin.

23. Ansin dúirt Iósaef leis an bpobal: “Tá sibh féin agus bhur dtailte, mar a fheiceann sibh, ceannaithe anois agam d'Fhorann. Seo daoibh síol dá bhrí sin le cur sa talamh.

24. Ach nuair a thiocfaidh an fómhar tabharfaidh sibh an cúigiú cuid d'Fhorann agus coimeádfaidh sibh na ceithre coda eile mar shíol do bhur n‑ithir, mar bhia daoibh féin agus do bhur dteaghlaigh, agus mar chothú do bhur miondaoine.”

25. D'fhreagraíodar: “Shábháil tú ár n‑anam; beimid inár ndaoir ag Forann, le do thoil, a thiarna.”

26. Rinne Iósaef reacht faoi thalamh na hÉigipte agus tá sé i bhfeidhm fós sa lá atá inniu ann: an cúigiú a bheith ag Forann. Talamh na sagart amháin nár tháinig i seilbh Fhorainn.

27. D'fhan Iosrael i dtír na hÉigipte i ndúiche Ghoisin, agus fuaireadar seilbh air agus bhí an rath orthu agus chuadar i líonmhaire go mór.

28. Mhair Iacób seacht mbliana déag i dtír na hÉigipte; ba é fad saoil Iacóib agus blianta a ré ná céad agus daichead a seacht mbliana.

29. Nuair a bhí an bás ag druidim le hIosrael, ghlaoigh sé chuige a mhac Iósaef agus dúirt sé leis: “Má fuair mé fabhar i do láthair, cuir, impím ort, do lámh faoi mo cheathrú agus geall go mbeidh tú go dílis fírinneach liom. Ná hadhlaic mé san Éigipt,

30. ach sín sa chré mé le mo shinsir. Tóg ón Éigipt amach mé agus adhlaic mé san aon tuama leo.” D'fhreagair seisean: “Déanfaidh mé mar a dúirt tú.”

31. Ach lean sé air: “Tabhair do mhionn dom,” agus thug sé sin dó. Ansin lig Iosrael é féin siar ar an adhairt.