Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin thug sé faoi deara í a bhreith isteach mar a raibh a ghréithe airgid féin leagtha, agus d'ordaigh dóibh cóir a chur uirthi óna bhia féin, agus óna chuid fíona féin.

2. Ach dúirt Iúidit: “Ní íosfainn é seo le heagla go mba choir dom é; is leor liom na nithe a thug mé liom.”

3. Dúirt Holofarnaes: “Má ídítear do lón, cá bhféadfaimid a thuilleadh mar é a fháil le tabhairt duit? Níl aon duine de do chine anseo farainn.”

4. D'fhreagair Iúidit: “Dar m'anam agus dar mo shláinte, a thiarna liom, ní bheidh a bhfuil de lón agam caite ag do dhaoirseach, nó go mbeidh a chuspóir curtha i gcrích ag an Tiarna trí mo láimhse.”

5. Ansin thug giollaí Holofarnaes isteach sa bhoth í agus chodail sí go meán oíche. I dtreo faire na maidine d'éirigh sí,

6. agus chuir sí teachtaire go Holofarnaes á rá: “Ordaíodh mo thiarna anois cead a thabhairt dá dhaoirseach dul amach agus guí.”

7. Agus thug Holofarnaes ordú dá bhuíon chosanta gan cosc a chur léi. D'fhan sí sa longfort trí lá agus théadh sí amach gach oíche go Gleann Bhéitiúilia, agus dhéanadh í féin a ní sa tobar (sa champa).

8. Ag teacht aníos di, ghuíodh sí chun Tiarna Dia Iosrael lena stiúradh ar an mbealach lena pobal a fhuascailt.

9. D'fhilleadh sí arna híonghlanadh agus d'fhanadh sí sa bhoth nó go gcaitheadh sí a cuid i dtreo an tráthnóna.

Fleá Holofarnaes

10. Ar an gceathrú lá bhí fleá ag Holofarnaes dá ghiollaí féin amháin, gan aon chuireadh a thabhairt d'aon duine dá fheidhmeannaigh.

11. Dúirt sé le Bagóas, an coillteán a bhí i bhfeighil a ghnóthaí pearsanta go léir: “Imigh anois agus áitigh ar an Eabhraíoch atá faoi do chúram teacht agus bia agus deoch a chaitheamh farainn.

12. Ba náire agus ba aithis é dá ligfimis do bhean dá leithéid imeacht gan caidreamh a bheith againn léi; mura meallfaimid í, déanfaidh sí fonóid fúinn.”

13. Ghabh Bagóas amach dá bhrí sin ó láthair Holofarnaes agus chuaigh ag triall ar Iúidit agus dúirt: “Ar mhiste leis an ionailt sciamhach seo teacht chun mo thiarna agus onóir a fháil ina láthair, agus fíon a ól agus scléip a bheith aici inár gcuideachta, agus í féin a iompar inniu mar bhean choimhdeachta de chuid na nAsaíreach i bpálás Nabúcadnazar.”

14. D'fhreagair Iúidit: “Cé hí mise a rá is go ndiúltóinn mo thiarna? Déanfaidh mé gan mhoill, ar ndóigh, cibe ní is áil leis, agus beidh sin mar lúcháir agam go dtí lá mo bháis.”

15. D'éirigh sí dá bhrí sin, agus ghléas sí í féin le barr maise banúla; ghabh a hionailt roimpi amach agus leath os comhair Holofarnaes na seithí boga a fuair sí ó Bhagóas dá gnáthúsáid le go luífeadh sí orthu agus í ag caitheamh bia.

16. Ansin tháinig Iúidit isteach agus luigh síos. Chuir sí draíocht ar chroí Holofarnaes agus suaitheadh ó bhonn é, agus tháinig fonn tréan air luí léi; ón gcéad lá a leag sé súil uirthi, bhí sé ag faire na faille chun cluain a chur uirthi.

17. “Caith siar é,” arsa Holofarnaes léi, “agus bíodh scléip agat farainn!”

18. Dúirt Iúidit leis: “Déanfaidh mé agus fáilte, a thiarna,” ar sise, “mar sháraigh an saol atá agam inniu ar aon lá ó rugadh mé.”

19. Ansin thóg sí a raibh ullamh ag a hionailt di agus chaith sí bia agus deoch ina láthair.

20. Chuir sí áthas croí ar Holofarnaes, agus d'ól sé a lán fíona, i bhfad níos mó ná mar a d'ól sé aon lá riamh ó rugadh é.