Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bean Lán de Stuaim

1. Bhí bean darbh ainm Iúidit, agus ní gan fhios di a tharla eachtraí na haimsire sin. Maráraí ab ainm dá hathair - Maráraí mac Ócs, mac Iósaef, mac Uizíéil, mac Eilcíá, mac Anainias, mac Ghideon, mac Rofaím, mac Aichítiúb, mac Eilíá, mac Cheilcís, mac Eilíáb, mac Natanael, mac Shalaimíéil, mac Sharasadaí, mac Iosrael.

2. Bhí sí pósta le Manaise, fear dá treibh agus dá muintir féin, ach cailleadh é i bhfómhar na heorna.

3. Is amhlaidh a bhí sé amuigh sa ghort ag déanamh maoirseachta ar cheangal na bpunann, agus ghoin an brothall a cheann. Thug sé an leaba air féin agus níor tháinig sé aisti beo. I mBéitiúilia, a bhaile dúchais, a cailleadh é, agus i reilig a shinsear, idir Dótán agus Balamón, a cuireadh é.

4. Trí bliana agus ceithre mhí roimhe seo a tharla sin, agus an fad sin, saol na baintrí a bhí á chaitheamh ag Iúidit sa bhaile ina teach féin.

5. Bhí seomra breise tógtha aici ar dhíon an tí di féin. Chaitheadh sí sacéadach faoina coim, agus éide bhaintrí thairis.

6. D'fhan sí ar troscadh ó cailleadh a fear, ach amháin lá na sabóide agus an lá roimhe, féile na nuaghealaí agus an lá roimpi sin, agus laethanta deabhóide nó gairdis a chomóradh náisiún Iosrael le chéile.

7. B'álainn an bhean ina pearsa í, bean a thógfadh do shúil. Chomh maith, bhí aici fós an méid a d'fhág a fear, Manaise, aici - ór agus airgead, buachaillí agus cailíní aimsire, ba agus talamh.

8. Agus bhí an dea-theist uirthi i mbéal gach aon duine, mar fíoruamhan Dé ba stiúir bheatha dhi.

9. Chuala Iúidit i dtaobh ar tharla - an ganntanas uisce agus an lagmhisneach a thug ar mhuintir an bhaile labhairt mar sin go searbh leis an maor, agus an freagra a thug Uizíá orthu, gur gheall sé dóibh faoi bhrí na mionn go dtabharfadh sé an baile suas do na hAsaírigh i gceann cúig lá.

10. Chuir sí an seirbhíseach mná a bhí i bhfeighil a cuid gnóthaí aici ag triall ar Uizíá agus Chaibris agus Chairmis, ag iarraidh orthu teacht chuici.

11. “Éistigí, sibhse atá os cionn phobal Bhéitiúilia,” ar sise leo nuair a bhíodar tagtha. “Ba lag an mhaise daoibh a ndúirt sibh leis an bpobal inniu, agus an margadh sin a rinne sibh le Dia gur gheall sibh an baile a thabhairt suas dár naimhde mura dtiocfaidh an Tiarna i gcabhair arís orainn laistigh den áirithe sin laethanta.

12. Cé sibhse, an dóigh libh, agus a rá gur thug sibh dúshlán Dé mar sin inniu, agus go bhfuil sibh do bhur gcur féin in airde os a chionn agus clann an duine ag féachaint oraibh?

13. Ag cur trialach ar an Tiarna uilechumhachtach atá sibh; ach beidh sibh aineolach go deo.

14. Ní éireoidh libh doimhneas croí an duine a thomhas, ná breith a thabhairt ar na smaointe atá ina cheann; conas mar sin a thiocfaidh sibh suas leis an Dia a rinne na rudaí seo go léir, nó eolas a chur ar a aigne, nó a mhachnamh a thuiscint? Faire, faire, a dheartháireacha: ná bígí ag cur feirge ar an Tiarna bhur nDia!

15. Tharlódh nár thoil leis teacht i gcabhair orainn laistigh de na cúig laethanta, ach tá ar a chumas aige sinn a chumhdach aon fhad laethanta is maith leis, nó, chomh maith, sinn a dhíothú os comhair ár naimhde.

16. Ach ná bígíse ag tabhairt bannaí ar rúin ár nDé, mar ní féidir cur ar Dhia mar a chuirfeá ar dhuine, ná rud a leagan amach dó mar a dhéanfá le mac an duine.

17. Fanaimis mar sin le slánú uaidh, agus iarraimis air cabhrú linn; tabharfaidh sé aird ar ár nguth, más toil leis é.

18. Tar éis an tsaoil, lenár linn-ne agus inniu féin, níl aon treibh ná teaghlach ná sráidbhaile ná cathair dár gcuidne a chuaigh ag adhradh déithe de dhéantús daoine.

19. Dhéantaí a leithéid sin fadó, agus sin a thug an claíomh agus an chreach ar ár sinsir, agus a thug anuas chun raice roimh a naimhde iad.

20. Ach ní aithnímidne aon dia ach eisean; nach dtugann sin dóchas dúinn nach súil dhúnta a thabharfaidh sé orainn ná ar aon duine dár gcine?

21. “Agus rud eile: má ghabhtar sinne, tiocfaidh an scrios céanna ar Iúdáia uile, agus slad ar an Teampall naofa. Sinne a chaithfidh freagairt [lenár bhfuil] as an truailliú sin.

22. Bíodh go mbeimid inár sclábhaithe in áit éigin i gcéin i measc na nginte, orainn a éileoidh Dia éiric ár mbráithre a bheidh marbh, agus ár dtíre a bheidh faoi chois, agus ár n‑oidhreachta a bheidh bánaithe. Núis agus náire a fheicfidh ár máistrí ionainn.

23. Ní aon dea-mhéin a thuillfidh ár sclábhaíocht dúinn mar sin ach an aithis. Sin mar a réiteoidh an Tiarna, ár nDia, é.”

24. “Anois, a dheartháireacha liom, tugaimis dea-shampla don chuid eile, mar is orainne a bhraitheann a mbeo - sea, agus an Teampall naofa, idir áras agus altóir, chomh maith leo.

25. Ar shlí, cuis chun bheith buíoch don Tiarna, ár nDia, is ea ár gcás. Táimid faoi thriail aige anois. Ach nár chuir sé triail ar ár n‑aithreacha chomh maith?

26. Cuimhnigí ar a ndearna sé d'Abrahám agus na trialacha a chuir sé ar Íosác, agus ar tharla do Iacób i Measpatáim na Síre agus é i bhfeighil caorach a uncail, Lábán.

27. Dílse a gcroí a bhí á promhadh aige agus an céasadh sin á chur orthu aige. Mar sin linne: ní díoltas an cruatan seo atá á chur orainn ag an Tiarna, ach ceacht á mhuineadh aige do mhuintir a pháirte.”

28. Uizíá a d'fhreagair í. “As dea-chroí amach a tháinig gach focal dá bhfuil ráite agat,” ar seisean. “Ní fhéadfadh aon duine é a bhréagnú.

29. Ná ní inniu a tháinig an chiall amach ionat; riamh ó laethanta d'óige d'aithníodh an pobal ar fad an tuiscint a bhí agat, agus an croí geal ina theannta.

30. Ach bhí na daoine spallta leis an tart, an dtuigeann tú, agus chuireadar iallach orainn déanamh mar a bhí ráite againn leo, fiú, mionn a thabhairt, mionn nach bhféadfaimid dul siar air anois.

31. Guigh ar ár son, ó tá an chráifeacht ionat. Tá seans go gcuirfidh an Tiarna tuile bháistí chugainn a líonfaidh na sistéil dúinn agus go mbeidh deireadh lenár laigíocht.”

32. “Éistigí liom anois,” arsa Iúidit leo. “Táimse chun gníomh a dhéanamh a bheidh á insint d'aos óg ár gcine ó ghluin go glúin.

33. Bígíse ag an ngeata anocht. Rachadsa amach agus mo bhanseirbhíseach le mo chois. Ghlac sibhse rún an baile a ghéilleadh dár naimhde tar éis an áirithe sin laethanta; ní bheidh na laethanta sin istigh nuair a dhéanfaidh an Tiarna beart d'Iosrael tríomsa.

34. Ná fiafraígí díom cad táim chun a dhéanamh; ní inseoidh mé daoibh cad tá ar siúl agam go dtí go mbeidh sé déanta.”

35. “Seo leat faoi shíocháin,” arsa Uizíá agus maoir an bhaile léi, “agus go soirbhí an Tiarna Dia duit an scéim díoltais seo ar ár naimhde.”

36. Ní dúradh a thuilleadh. D'fhágadar an seomra agus abhaile leo go dtí a ngnóthaí féin.