Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bás Holofarnaes

1. Nuair a chuaigh sé i ndéanaí, bhrostaigh a ghiollaí leo, agus d'iaigh Bagóas an bhoth ó lasmuigh, agus chuir ar shiúl ó láthair a thiarna an mhuintir a bhí timpeall air; chuadar a chodladh mar bhí tuirse orthu go léir tar éis an charbhais a bhí chomh fada sin.

2. Fágadh Iúidit ina haonar sa bhoth, agus Holofarnaes sínte ar a leaba agus é ar deargmheisce le fíon.

3. Dúirt Iúidit lena hionailt fanacht lasmuigh den seomra leapa agus feitheamh nó go dtiocfadh sí amach mar a rinne gach lá; mar a dúirt sí go mbeadh sí ag dul amach le guí a dhéanamh. Bhí an rud céanna ráite aici le Bagóas.

4. D'imigh gach duine amach dá bhrí sin, agus níor fágadh aon duine, beag ná mór, sa seomra leapa. Bhí Iúidit ina seasamh ansiúd cois na leapa agus dúirt sí léi féin ina croí: “A Thiarna, a Dhia uilechumhachtaigh, féach ag an am seo ar bhearta mo lámh chun glóire Iarúsailéim.

5. Anois an uain le teacht i gcabhair ar d'oidhreacht, agus mo sheift a chur i gcrích leis na naimhde atá éirithe amach inár gcoinne a scriosadh.”

6. Ansin chuaigh suas go cearchaill na leapa os cionn cheann Holofarnaes agus thóg anuas a chlaíomh a bhí ar crochadh ansiúd.

7. Dhruid sí lena leaba agus rug ar mhothall a chinn air agus dúirt: “Treisigh liom inniu, a Thiarna, Dia Iosrael.”

8. Bhuail sí faoi dhó i mbaic an mhuiníl é le lán a nirt, agus theasc sí an ceann dá cholainn.

9. Ansin tharraing sé a chorp den leaba agus strac anuas an ceannbhrat dá chuaillí; d'imigh sí amach ansin tar éis tamaill bhig agus thug ceann Holofarnaes dá hionailt,

10. agus chuir sise ina mála bia é.Ghabh an bheirt acu amach le chéile ansin faoi mar ba ghnáth leo chun urnaí; nuair a scaradar leis an longfort, rinneadar timpeall an ghleanna agus chuadar an cnoc suas go Béitiúilia agus shroicheadar a gheataí.

Ceann Holofarnaes á Bhreith go Béitiúilia

11. Ghlaoigh Iúidit ó chéin chun an lucht faire ag na geataí agus dúirt: “Osclaígí, osclaígí an geata! Tá Dia, ár nDia farainn fós lena neart a imirt in Iosrael, agus a lámh láidir a nochtadh in aghaidh a naimhde, rud a rinne sé inniu féin!”

12. Nuair a chuala muintir na cathrach a guth, bhrostaigh siad anuas go geata an bhaile agus chuir siad gairm ar sheanóirí an bhaile.

13. Tháinig siad go léir idir bheag agus mhór le chéile le barr luais, mar bhí sé dochreidte acu í a fhilleadh; d'oscail siad an geata agus scaoil isteach iad, d'adhain siad tine le solas a thabhairt agus chruinnigh siad ina dtimpeall.

14. Ansin dúirt sí in ard a gutha: “Molaigí Dia! Moladh dó! Molaigí Dia óir níor dhiúltaigh sé a thrócaire do theaghlach Iosrael, ach ár naimhde a scriosadh trí mo láimhse anocht féin!”

15. Ansin thóg sí an ceann as an mála, thaispeáin dóibh é, agus dúirt leo: “Seo é ceann Holofarnaes, ceann feadhna arm na hAsaíre, agus seo é an ceannbhrat ar luigh sé faoi agus é ar deargmheisce. Leag an Tiarna ar lár é le láimh mná.

16. Dar an Tiarna beo, an té sin a chosain mé ar mo bhealach, ba i m'aghaidh a mheall é chun a scriosta, ach, féach, nach ndearna sé aon choir liom chun m'aithise agus mo náirithe.”

17. Bhí ardionadh ar an bpobal ar fad, agus chrom siad go talamh in ómós do Dhia agus dúirt siad d'aonghuth: “Moladh leat, a Dhia linn, óir chuir tú náire ar naimhde do phobail inniu.”

18. Agus dúirt Uizíá le [Iúidit]: “Is beannaithe thú ag Dia, an té is airde, thar mná an domhain go léir; moladh leis an Tiarna Dia, a chruthaigh neamh agus talamh, agus a threoraigh thú lena cheann a theascadh de cheannaire ár naimhde.

19. Ní rachaidh cuimhne ar an muinín a nocht tú ar ceal ó chroíthe daoine go brách fad a bheidh cuimhne acu ar neart Dé.

20. Go ndeonaí Dia é seo a bheith mar onóir bhuan agat agus go seola sé beannachtaí i do bhóthar; óir ní dhearna tú d'anam féin a choigilt nuair a bhí ár gcine sa díog, ach chosain tú sinn ar an tubaiste agus ghabh tú an cosán díreach i láthair ár nDe.” Agus d'fhreagair an pobal ar fad: “Amen! Amen!”