Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bua agus Caithréim

1. Dúirt Iúidit leo ansin: “Éistigí liom, a bhráithre, agus tógaigí an ceann seo agus cuirigí ar crochadh le forbhalla bhur múrtha é.

2. Le breacadh an lae agus le héirí gréine, tógadh gach duine suas a chuid airm agus gluaiseadh gach fear infheidhme amach as an mbaile; ceapaigí ceann feadhna i gceannas orthu amhail is go mbeadh sibh ar bhur mbealach síos go dtí an machaire in aghaidh urphost na nAsaíreach - ach na déanaigí amhlaidh.

3. Béarfaidh siadsan greim ar a dtrealamh catha, agus imeoidh leo chun an longfoirt, agus glaofaidh siad ar cheannairí arm na hAsaíre; ansin rithfidh siadsan go both Holofarnaes, ach ní bhfaighidh siad ann é. Tiocfaidh scéin orthu ansin, agus teithfidh siad as bhur radharc.

4. Rachaidh sibhse agus an mhuintir go léir ar a bhfuil cónaí i gcríocha Iosrael sa tóir orthu agus leagfaidh sibh ar lár iad agus iad ag teitheadh leo.

5. Ach sula ndéanann sibh na nithe sin go léir, tugaigí Aichíór an tAmónach anseo chugam, agus feiceadh sé agus aithníodh sé an té úd ar bheag leis teaghlach Iosrael agus a sheol chugainn é amhail is dá mba chun a bháis.”

6. Chuir siad fios ar Aichíór dá bhrí sin ó theach Uizíá agus nuair a tháinig sé agus go bhfaca sé ceann Holofarnaes ina láimh ag duine i gcomhthionól an phobail, thit sé ar a bhéal agus ar a fhiacla i bhfantais.

7. Nuair a d'ardaíodar é, chaith sé é féin ag cosa Iúidit, agus chuaigh ar a ghlúine os a comhair á rá: “Go raibh tú beannaithe i ngach both de chuid Iúdá agus i ngach náisiún; an mhuintir a chloisfidh d'ainm, tiocfaidh scanradh orthu.

8. Agus anois, más ea, inis dom céard a rinne tú le roinnt laethanta anuas.” Ansiúd i lár an phobail d'inis Iúidit dó gach rud a rinne sí ón lá a d'fhág sí go dtí an uair a raibh sí ag caint leo.

9. Nuair a bhí deireadh ráite aici, chuir an pobal gáir mhór suas, agus bhain siad macalla áthais as an mbaile.

10. Nuair a chonaic Aichíór a raibh déanta ag Dia Iosrael, chreid sé go daingean i nDia, ghlac le timpeallghearradh, agus ghabh le teaghlach Iosrael go dtí an lá seo féin.

11. Le breacadh an lae chuir siad ceann Holofarnaes ar crochadh leis an mballa. Rug gach fear ar a chuid airm agus amach leo ina mbuíonta faoi bhealaí an tsléibhe.

12. Nuair a chonaic na hAsaírigh iad, chuir siad scéala chun a gceannasaithe, a gceannairí míle, agus a lucht ceannais go léir.

13. Tháinig siad go both Holofarnaes agus dúirt leis an té a bhí bhfeighil a chúraimí go léir: “Dúisigh ár dtiarna; bhí sé de dhánaíocht sna daoir úd teacht anuas chun catha inár gcoinne le go scriosfaí ó thalamh iad!”

14. Chuaigh Bagóas isteach agus bhuail ar dhoras na botha agus é á mheas go raibh Holofarnaes ina chodladh le Iúidit.

15. Ach nuair nár tugadh aon aird air, tharraing sé siar an cuirtín, chuaigh isteach sa seomra leapa agus fuair ansiúd marbh é caite ar an tairseach agus an ceann de agus é sciobtha ar shiúl.

16. Bhéic sé in ard a chinn, agus ghoil, agus chaoin, agus liúigh, agus stróic a chuid éadaigh.

17. Chuaigh sé isteach ansin sa bhoth ina raibh Iúidit ag cur fúithi, agus nuair nach bhfuair sé í rith sé amach chun an tslua ag béiceach:

18. “Chuir na daoir an dallamullóg orainn! Tá táir agus tarcaisne tugtha ag aon Eabhrach mná amháin ar theaghlach an rí Nabúcadnazar. Mar féach, siúd é Holofarnaes faon marbh, agus an ceann de!”

19. Nuair a chuala ceannairí fórsaí na hAsaíre é sin, sracadar a lúireacha, agus suaitheadh go smior iad, agus bhí macalla a mbéicíola agus a liúirí le clos ar fud an longfoirt.