Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Díoltas

1. San ochtú bliain déag dá réimeas, an dara lá fichead den chéad mhí, tugadh anuas i bpálás Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, an díoltas seo a bhí geallta aige ar an réigiún thiar ar fad, mar a bhí ráite aige.

2. Ghlaoigh sé chuige le chéile a gharda uile agus príomhoifigigh a airm agus mhínigh dóibh an rún a bhí glactha aige. D'inis sé tríd síos ina fhocail féin an t‑olc go léir a bhí déanta ag muintir an réigiúin sin.

3. Agus d'aontaigh siad go mba cheart bascadh agus bás a imirt ar chách nár ghéill d'ordú an rí.

4. Sea, níor thúisce ráite ná beartaithe é, agus níor thúisce beartaithe é ná ghlaoigh Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, ar Holofarnaes chuige. B'shin ardcheannasaí an airm, fear nach raibh os a chionn ach an rí féin.

5. “Seo mar a ordaíonn an t‑ardrí, tiarna an domhain,” ar seisean leis. “Bí chun bóthair uaim, agus beir leat fir nach bhfuil amhras faoina gcumas, timpeall céad agus a fiche míle de choisithe agus eachra chomh maith - dhá mhíle déag marcach.

6. Gluais leat i gcoinne ciníocha uile an iarthair, nár thug aird ar m'fhocal.

7. Abair leo cré agus uisce a bheith ullamh acu, mar go mbeadsa chucu i bhfearg. Ní bheidh fód caol dá dtír nach leagfaidh saighdiúir liom cos air, agus é tugtha dóibh agamsa mar chreach.

8. Ní bheidh clais ná cumar nach mbeidh lán suas d'fhir ghonta agus beidh na sileáin agus na haibhneacha thar a mbruacha amach lena mbeidh de chorpáin caite iontu.

9. [An méid a fhágfar beo,] cuirfidh mé ina mbraighdeanaigh go dtí deireadh an domhain iad.

10. Seo leat mar sin: gabh tiarnas ar an réigiún sin go léir i mo chomhair. Géillfidh siad duit agus coinneoidh tú smacht orthu go dtiocfaidh an lá chun díoltas a imirt orthu.

11. Aon duine nach ngéilleann duit, ná bíodh léas trócaire i do shúil dó; ná bíodh le fáil aige sa cheantar sin ach slad agus eirleach.

12. Tá deireadh ráite agam. Sin mar a dhéanfaidh mé, nó ní fear beo ná rí láidir mise.

13. Déansa a bhfuil ordaithe agam, gach pioc de, mar is mise do thiarna. Gach pioc riamh, a deirim, agus déan gan mhoill é.”

14. Amach le Holofarnaes as láthair a thiarna, agus ghlaoigh sé chuige a raibh de thaoisigh agus de cheannairí agus d'oifigigh in arm na nAsaíreach,

15. agus cheap sé na saighdiúirí ab fhearr, de réir mar a d'ordaigh a thiarna - céad agus a fiche míle acu agus dhá mhíle déag marcach agus bogha ag gach fear acu.

16. Agus chuir sé eagar orthu mar a chuirtear ar arm chun catha.

17. Chomh maith, bhailigh sé táin mhór de chamaill agus d'asail agus de mhiúileanna chun a gcuid trealaimh a iompar dóibh. Agus chun bia, bhí aige tréad mór bó agus caorach agus gabhar, nach raibh aon chomhaireamh orthu.

18. Bhí lón maith flaithiúil don bhóthar ag gach saighdiúir san arm sin, agus flúirse óir agus airgid de chuid an rí ina phóca.

19. Ghreadadar leo, é féin agus an slua sin go léir, chun an t‑iarthar ar fad a sceitheadh lena gcuid carbad agus capall agus laochra tofa, agus a fhios acu go mbeadh an rí Nabúcadnazar ina ndiaidh.

20. Agus ghluais cosmhuintir i dteannta an airm a bhí mar shaithe lócaistí nó néal deannaigh, bhíodar chomh líonmhar dí-áirithe sin.

21. Thugadar trí lá ag máirseáil ó Nínivé i dtreo mhachaire Bheictilit, agus tar éis dóibh Beictilit a fhágáil ina ndiaidh, rinneadar campa in aice leis an sliabh atá lastuaidh d'uachtar na Siléise.

22. Suas isteach sna cnoic le Holofarnaes ansin, le lán-neart a airm - carbaid agus eachra agus coisithe.

23. Réab sé bealach dó féin trí Phút agus Lúd, agus do chreach sé cine Raisis agus muintir Ísmeáéil a chónaíonn ar imeall an fhásaigh laisteas de cheantar na gCeileach.

24. Thug sé rúid trasna an Eofrataes agus tríd an Measpatáim ansin, agus sháraigh sé na bailte cnoic go léir atá ar feadh an tsileáin Abróna síos go dtí an fharraige.

25. Ina dhiaidh sin, ghabh sé an tSiléis agus rinne sceanairt de chách a sheas ina choinne, chomh fada le críocha Iáfat agus ó dheas i dtreo na hAráibe,

26. go dtí go raibh muintir Mhidián uile i súil ribe aige. Ansin chuir sé a gcuid bothanna trí thine agus d'ardaigh leis a raibh de chaoirigh sna banracha acu.

27. Síos leis ansin ar mhachaire na Damaisce an t‑am a raibh an chruithneacht á baint ann. Níor fhág sé gort gan a dhó, ná tréad caorach nó bó gan a chreachadh, ná cathair gan a scriosadh, ná fearann gan milleadh, ná fear óg gan bás an chlaímh a imirt air.

28. Chuir sin scéin agus critheagla ar an muintir go léir a mhair ar na feoranna, i dTuír agus i Síodón, agus lucht Shúr agus Óicíneá agus Iaimniá. Muintir Azótas agus Aiscileon leis, bhí sceitimíní eagla orthu roimhe.