D'éirigh sí dá bhrí sin, agus ghléas sí í féin le barr maise banúla; ghabh a hionailt roimpi amach agus leath os comhair Holofarnaes na seithí boga a fuair sí ó Bhagóas dá gnáthúsáid le go luífeadh sí orthu agus í ag caitheamh bia.