Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Paidir Bhanghaiscígh

1. Ansin bhain Iúidit di anuas go dtí an sacéadach a bhí uimpi, chuir luaithreach ar a ceann, agus shín í féin béal fúithi ar an talamh. An t‑am sin díreach de thráthnóna a bhí an íobairt túise á hofráil os comhair sanctóra Dé in Iarúsailéim, agus d'éigh Iúidit amach in ard a cinn chun an Tiarna:

2. “A Thiarna, a Dhia Shimeon mo dhuine sinsir, fadó chuir ginte masla agus náire agus aithis ar mhaighdean. Scaoil siad a crios agus nocht a ceathrúna agus d'éignigh a broinn. Ach chuir tusa claíomh i láimh Shimeon chun díoltais orthu. Bhí tú tar éis a rá: ‘Ná déantar seo,’

3. agus féach go ndearnadar é. Mar gheall air sin thug tú a gcuid taoiseach suas d'eirleach, agus d'ordaigh tú díol fola ar an leaba a raibh smál a gcuid fill uirthi, agus threascair tú idir íseal is uasal díobh, fiú an t‑uasal ar a chathaoir ríoga.

4. D'ordaigh tú a gcuid ban a dhul mar chreach, agus a gcuid iníonacha mar sclábhaithe, agus a gcuid maoine uile a roinnt ar chine do pháirte, an mhuintir ar dhíograis dóibh do chúis agus ar ghráin leo an aithis sin ar a sliocht, agus gur chugat a ghlaodar ag iarraidh cabhrach.”“A Dhia, a Dhia liom, éist liomsa leis, ar baintreach mé.

5. Tusa faoi deara seo go léir, agus ar tháinig roimhe agus a dtiocfaidh as: tusa a cheap gach a bhfuil ann anois agus gach a dtiocfaidh. Na rudaí a mheabhraigh tusa, tharla siad;

6. na rudaí ba mhian leat, bhíodar chugat agus ‘Féach! táimid anseo,’ ina mbéal acu. An bóthar a ghabhann tú, bíonn sé ceaptha roimh ré; bíonn súil romhat agus breith á tabhairt agat.”

7. “Féach na hAsaírigh seo i mbarr a mustair - iad ag maíomh as a bhfuil de chapaill agus de mharcaigh acu, agus ag déanamh mórtais as neart a gcoisithe. An sciath is an tsleá is an bogha is an crann tabhaill is ábhar muiníne dóibh, mar tá siad dall air seo - gur tusa an Tiarna a chuireann cogaí faoi do chois.

8. An Tiarna is ainm duit!”“Cloíghse an neart sin acu le do chumhacht: glac fearg agus bris a gcuid fórsaí. Mar tá sé de rún acu do thearmann naofa a shárú agus an taibearnacal mar a lonnaíonn d'ainm glórmhar a thruailliú, agus maise d'altóra a threascairt leis an gclaíomh.

9. Féach an sotal seo acu agus tar sa mhullach anuas orthu le d'fhearg. Neartaigh lámh na baintrí seo don ghníomh atá beartaithe agam.

10. Trí chluain mo bheol, tabhair bascadh ar an sclábhaí i dteannta an duine uasail acu, ar an duine uasal i dteannta a gharda. Cloígh an t‑éirí in airde seo acu le tréithláimh mná.

11. Ní ionann do neartsa agus neart na sluaite; ní cumas gaiscíoch do chumas-sa. Ní hea - tusa Dia na mbochtán, agus cosantóir a bhfuil faoin mbráca, agus taca na lag; is tú tearmann a bhfágtar gan chabhair agus slánaitheoir a mbíonn gan dóchas.”

12. “Ó a Dhia, a Dhia mo shinsir, a Dhia a bhí riamh ag Iosrael, a Thiarna neimhe agus talún, a chruthaigh na huiscí fadó, a Rí na cruinne uile, éist le mo ghuí.

13. Cuir i mo bhéal an focal mealltach a bheidh mar chneá is mar ghoin orthu seo, a bhfuil díol dian beartaithe acu i gcoinne do chonartha agus d'árais naofa agus cnoic Shíón agus an tí atá ag do chlann.

14. Sa tslí sin, léirigh do do mhuintir uile agus do gach cine ar domhan gur tusa Dia; gur leat gach cumhacht is cumas, agus gur tú amháin is dídean do phobal Iosrael.”