Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Beirt Fhathach i nGleic

1. Bhí rí na hAsaírigh fadó, Nabúcadnazar, a raibh cónaí air i gcathair mhór Nínivé. Sa dara blian déag ina rí dhó, chuir sé cogadh ar Arfacsad, rí na Méideach, a chónaigh in Eacbatana.

2. Bhí seisean tar éis múrtha cosanta a thógáil timpeall ar chathair Eacbatana a bhí seachtó banlámh ar airde, agus caoga banlámh ar tiús. Clocha snoite a bhí sna múrtha sin, sé faoi thrí bhanlámh i ngach cloch acu.

3. Bhí túir le hais na ngeataí a raibh a mbarr céad banlámh san aer agus a bhí trí fichid ar leithead thíos ina mbonn.

4. Na geataí féin a rinne sé, seachtó banlámh ar airde a bhíodar, agus daichead trasna, i dtreo go bhféadfadh mórfhórsaí míleata an rí, saighdiúirí coise agus uile, máirseáil tríothu amach in eagar.

5. Sea, chuir Nabúcadnazar rí cath ar Arfacsad sa mhachaire mór i ndúiche Ráige.

6. Agus sheas ar aon taobh leis na treibheanna go léir sna sléibhte agus cois Eofrataes agus cois Tígrise agus cois Hídeaspaes, agus an méid de mhuintir an mhachaire a bhí faoi Airíoch, rí Eiliomáis - an-chuid ciníocha ar fad acu a chuir a nguaillí le guaillí na gCaildéach sa slogadh.

7. Chuir Nabúcadnazar fios ar mhuintir na Peirse agus ar ar chónaigh as sin siar chomh maith, sa tSiléis agus sa Damaisc, sa Liobáin agus san Aintiliobáin agus cois farraige,

8. i measc na gciníocha ar Chairmeil agus i nGileád, in uachtar na Gailíle agus ar mhachaire mór Easdraelón,

9. sa tSamáir agus sna bailte máguaird, lastall den Iordáin agus sna haird as sin ó dheas - Iarúsailéim agus an Bheatáin agus Cealos agus Cáidéis agus Abhainn na hÉigipte, ansin Tafnas agus Ramasaes agus ceantar Ghoisin ar fad;

10. thar Táinis agus Meimfis ó dheas arís, fad na hÉigipte uile síos go dtí críocha na hAetóipe.

11. Ach sa réimse sin tíre ba bheag a mbeann ar a ndúirt Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, leo. Níor bhaol go rachaidís chun cogaidh ina theannta, mar ní raibh scáth dá laighead orthu roimhe. Cad a bhí ann ach fear mar chách eile, dúradar, agus chuireadar uathu abhaile a chuid teachtairí, gan de thoradh ar a dturas ach an tarcaisne.

12. Ghabh racht feirge Nabúcadnazar leis an dúiche sin ar fad agus thug sé na mionna móra, chomh cinnte is bhí sé ina rí agus ríchathaoir faoi, dúirt sé, go mbainfeadh sé díoltas amach ar na críocha sin uile, sa tSiléis agus sa Damaisc agus sa tSír, gan duine a dhul beo óna chlaíomh i Móáb ná Amón ná Iúdáia, ná san Éigipt féin síos amach go dtí an dá chósta dhi.

13. Ar aon nós, amach leis i gcoinne Arfacsad lena raibh leis, agus é seacht mbliana déag ina rí an bhliain sin. Rinne sé slad agus eirleach ar arm Arfacsad - eachra agus carbaid agus uile.

14. Ghabh sé gach cathair dá raibh aige, fiú Eacbatana féin, agus níor fhág sé túr ann gan a shárú, ná sráid gan a creachadh, go dtí go raibh an chathair álainn sin ina tranglam briste aige.

15. Tháinig sé suas le hArfacsad féin i sléibhte Ráige; bás an ainmhí a thug sé air le sleánna fiaigh, agus chuir deireadh go deo leis.

16. Abhaile le Nabúcadnazar ansin, é féin agus a raibh tar éis troid ina theannta, slua ollmhór saighdiúirí, agus ligeadar a scíth ar feadh céad lá is fiche, gan imní ná easnamh orthu, an rí agus an t‑arm le chéile.