Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Gníomhartha 8 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus d'aontaigh Sáúl lena bhás-san. Ba ar an lá úd a d'éirigh géarleanúint mhór in aghaidh na heaglaise in Iarúsailéim; agus a ruaigeadh iad ar fud réigiún Iúdaea agus Shamária, amach ó na haspail amháin.

2. Rinne fir chráifeacha Stiofán a adhlacadh, agus rinne siad mairgneach mhór air.

3. Ach rinne Sáúl siad ar an eaglais, ag tabhairt bualadh éadain ar na tithe, agus ag tarraingt idir fhir agus mhná astu agus á gcaitheamh i bpriosún.

4. Ba ansin a chuaigh an dream ar cuireadh an ruaig orthu thart ag fógairt an bhriathair.

5. Chuaigh Pilib síos go cathair de chathracha Shamária, gur fhógair dóibh an Críost.

6. Agus thug na sluaite uile le chéile aird ar Philib, nuair a d éist siad lena chaint agus nuair a chonaic siad na comharthaí a rinne sé.

7. Mar thagadh spridí neamhghlana as coirp móráin ag béiceadh go hard; agus leigheasadh mórán a bhí ina gcláirínigh nó a raibh an phairilis orthu.

8. Bhi mar sin ollghairdeas sa chathair úd.

9. Ach bhí fear ann a raibh Síomón mar ainm air a chleachtadh asarlaíocht roimhe sin sa chathair agus a mbíodh an cine Samaratánach ag déanamh iontais de, ó bhíodh sé ag tabhairt le tuiscint gur dhuine mór é féin.

10. D'fhaigheadh sé ómós ó íseal agus ó uasal, agus bhítí á rá, Is é atá san fhear seo an chumhacht dhiaga sin a dtugtar an mhór-chumhacht uirthi.”

11. Agus bhíodh aird acu air, ó bhí siad dallta le fada ag a chuid asarlaíochta.

12. Ach nuair a chreid siad do Philib, agus é ag seanmóireacht dhea-scéal ríocht Dé agus ainm Íosa Críost, ghlac siad le baiste, idir fhir agus mhná.

13. Agus níl go fiú Síomón é féin nár chreid, agus i ndiaidh glacadh le baiste d'fhan sé i gcuideachta Philib. Agus bhí iontas air faoi na mórchomharthaí agus na míorúiltí a chonaic sé á ndéanamh.

14. Ansin, nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim gur ghlac Samária le briathar Dé, chuir siad Peadar agus Eoin chucu,

15. agus tháinig siadsan anuas agus rinne siad urnaí os a gcionn go nglacfadh siad an Spiorad Naomh;

16. mar níor thuirling sé ar aon duine acu go dtí sin, ó nach ndearnadh ach amháin a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa.

17. Leag siad a lámha orthu ansin agus ghlac siad an Spiorad Naomh.

18. Ba é sin an t‑am a thairg Síomón airgead dóibh, nuair a chonaic sé an Spiorad á thíolacadh trí leagan lámha na n‑aspal,

19. agus dúirt sé, “Tugaigí an chumhacht chéanna sin domsa freisin, ionas go nglacfaidh gach duine a leagaim lámha air an Spiorad Naomh.”

20. Ach arsa Peadar leis, “Drochrath ar do chuid airgid agus ort féin leis, as síleadh go bhféadfá tiolacadh Dé a cheannach le hairgead!

21. Nil cuid ná comhroinn agat sa ghnó seo, mar níl do chroí mar is ceart i súile Dé.

22. Déan aithreachas mar sin sa dhrochbheart sin agat, agus bí ag guí an Tiarna mar dhúil is go mb'fhéidir mírún do chroí a mhaitheamh duit.

23. Mar feicimse go bhfuil tú i ndomlas an tsearbhais agus i gcuing na héagóra.”

24. Agus ba é a d'fhreagair Síomón, “Bí ag guí Dé ar mo shon gan aon ní dár luaigh tú a theacht orm.’”

25. Ansin nuair a bhí a bhfianaise tugtha acu agus briathar Dé ráite acu, d'fhill siad ar Iarúsailéim, agus d'fhógair siad an soiscéal i mórán de bhailte beaga na Samaratánach.

26. Ach dúirt aingeal de chuid an Tiarna le Pilib, “Éirigh agus imigh ó dheas, ag tarraingt ar an mbóthar as Iarúsailéim go Gása. Is bóthar fásaigh é sin.

27. Agus d'éirigh sé agus shiúil sé leis. Agus b'shiúd an tÉtiópach, coillteán, a bhí ina aire stáit ag Candacé, banríon na nÉtiópach, a mbíodh cúram a seodchistese uile air, a bhí i ndiaidh dul suas chun Iarúsaléim a adhradh Dé

28. agus a bhí anois ag filleadh abhaile; agus b'shiúd é ina shuí ina charbad, ag léamh leabhar an fháidh Ísáia.

29. Agus arsa an Spiorad le Pilib, “Éirigh amach in airicis an charbaid seo.”

30. Rith Pilib mar sin go dtí é, gur chuala é ag léamh Ísáia fáidh, agus gur fhiafraigh de, “An dtuigeann tú a bhfuil á léamh agat?”

31. Agus ar seisean, “Conas mar a thuigfinn é mura mbeadh duine agam lena mhíniú dom?” Agus thug sé cuireadh do Philib teacht aníos agus suí lena thaobh.

32. Anois ba iad seo briathra an tsleachta a bhí á léamh aige:“Mar chaora á tiomáint chun a maraithe,nó mar uan a bhíos balbh le fear a lomtha,is amhlaidh nach n‑osclaíonn sé a bhéal.

33. Coinniodh a cheart uaidh ina uirísliú.Cé a inseos cé ar díobh é?Mar tá a anam á ardú de thalamh an domhain.”

34. Agus d'fhiafraigh an coillteán de Philib, “Cé sin a bhfuil an fáidh ag labhairt air, air féin, nó ar dhuine éigin eile?”

35. Ba ansin a d'oscail Pilib a bhéal, agus d'inis sé dea-scéal Íosa dó, ag tosú ón mbriathar seo an scrioptúir.

36. Agus tháinig siad go háit a raibh uisce ann agus iad ag taisteal na slí leo, agus arsa an coillteán, “Seo uisce! An bhfuil aon bhac orm ó bheith do mo bhaisteadh?”

38. Agus thug sé ordú uaidh go stadfadh an carbad, agus chuaigh an bheirt acu síos isteach san uisce, idir Philib agus an choillteán, agus bhaist sé é.

39. Agus nuair a tháinig siad aníos as an uisce, d'fhuadaigh Spiorad an Tiarna Pilib leis; agus ní bhfuair an coillteán aon amharc air ní ba mhó, agus d'imigh sé ar a bhealach abhaile faoi lúcháir.

40. Ach fuarthas Pilib agus é in Asótas, agus shiúil sé ar aghaidh leis ag seanmóireacht an tsoiscéil sna bailte móra go dtí gur shroich sé Caesaríá.