Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Gníomhartha 15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ach tháinig daoine áirithe as Iúdaea a chuir an teagasc seo roimh na bráithre, “mura nglacann sibh le nós an timpeallghearrtha a bhíodh ag Maois, ní fhéadann an slánú síoraí a bheith agaibh.”

2. Agus ó nár bheag an corraí agus an chonspóid a bhí ag Pól agus ag Barnabas leo, ceapadh Pól agus Barnabas agus daoine leo as an gcuid eile le dul suas go hIarúsailéim chuig na haspail agus na cruifreacha leis an gceist seo a shocrú.

3. D'imigh siad mar sin agus an eaglais á gcomóradh, agus chuaigh siad trí Fhéinícia agus trí Shamária freisin, agus iad ag tabhairt tuairisce ar iompú na nGintlithe chun creidimh, agus chuir siad lúcháir mhór ar na bráithre uile.

4. Nuair a shroich siad Iarúsailéim, chuir an eaglais agus na haspail agus na cruifreacha fáilte rompu, agus d'fhoilsigh siad a ndearna Dia maraon leo féin.

5. Ach d'éirigh cuid d'aicme na bhFairiséach a ghlac leis an gcreideamh agus dúirt siad go raibh sé riachtanach a dtimpeallghearradh agus a ordú dóibh dlí Mhaois a choinneáil.

6. Bhi na haspail agus na cruifreacha cruinn leis an bpointe seo a iniúchadh.

7. Agus i ndiaidh mórán plé a bheith acu faoi, d'éirigh Peadar ina sheasamh agus dúirt sé leo, “A bhráithre, is feasach daoibh go ndearna Dia rogha asaibh i bhfad ó shin, go gcluinfeadh na Ginlithe briathar an tsoiscéil ó mo bhéalsa agus go gcreidfeadh siad.

8. Agus thug Dia, a bhfuil fhios aige go fiú na smaointe is uaigní sa chroí, fianaise orthu, mar thug sé an Spiorad Naomh dóibh go díreach mar a thug sé dúinne é;

9. agus ní dhearna sé aon idirdhealú idir sinne agus iad, ach ghlan sé a gcroíthe leis an gcreideamh.

10. Cad chuige mar sin a mbíonn sibh ag cur cathú ar Dhia, ag leagan cuinge ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár seacht sinsear a fhulaingt?

11. Ach is é a chreidimid go slánófar sinn trí ghrásta an Tiarna Íosa go díreach mar a shlánófar iad siúd.”

12. Agus d'fhan an comhthionól uile ina dtost; agus d'éist siad le Barnabas agus le Pól agus iad ag aithris na gcomharthaí agus na n‑iontas a bhí déanta ag Dia tríothu i measc na nGintlithe.

13. Nuair a bhí deireadh ráite acu, thug Séamas freagra mar seo, “A bhráithre, éistigí leis seo uaim.

14. Tá Síomón tar éis a insint daoibh conas a thaobhaigh Dia na Gintlithe don chéad uair, le pobal a thógáil astu a mbeadh a ainm orthu.

15. Agus tagann briathra na bhfáithe leis sin mar atá scríofa,

16. ‘Fillfidh mé arís ina dhiaidh seo,agus beidh áras cónaí Dháibhí a bhí tite á atógáil agam,agus athchóireoidh mé a fhothracha,agus cuirfidh mé ina sheasamh é,

17. ionas go mbeidh iarraidh ag an gcuid eile den Ádhamhchlann ar an Tiarna,agus na Gintlithe uile a dtugtar m'ainm orthu,

18. tá an Tiarna á rá sin, an té a d'fhoilsigh na nithe seo ón gcianaimsir.’

19. Dá bhrí sin, is é mo bhreithiúnas air, gan sinn aon ualach a chur ar a n‑iompaíonn chun Dé de na Gintlithe;

20. ach litir a scríobh chucu á gcosc ó shalú íol agus ó striapachas agus óna ndearnadh a thachtadh agus ó fhuil.

21. Mar tá a lucht seanmóireachta ag Maois i ngach cathair riamh anall, ó léitear é gach sabóid sna sionagóga.”

22. Tuigeadh ansin do na haspail agus do na cruifreacha, maraon leis an eaglais uile, nár mhiste fir a thoghadh as a measc féin agus a gcur go hAntíoc i gcuideachta Phóil agus Bharnabais. Agus chuir siad Iúdás dá ngairtí Barsabas agus Sailas, a bhí ina gceannairí i measc na mbráithre,

23. agus iad ag iompar na litreach seo leanas: “Cuireann na bráithre, idir na haspail agus na cruifreacha, a mbeannacht chuig na bráithre de na Gintlithe atá in Antíoc agus sa tSír agus i gCilicia.

24. Ó tháinig scéal chugainn go bhfuil daoine áirithe dínne i ndiaidh buairt a chur oraibh lena mbriathra, agus bhur n‑intinn a shuaitheadh, siúd is nár ordaíomar dóibh aon ní den sórt a dhéanamh,

25. tuigeadh dúinn nár mhiste teacht le chéile agus daoine a thoghadh agus a chur chugaibh i gcuideachta ár ndilchairde Barnabas agus Pól,

26. beirt a chuir a mbeo i gcontúirt ar son ár dTiarna Íosa Críost.

27. Táimid i ndiaidh Iúdás agus Sailas a chur chugaibh mar sin, agus gheobhaidh sibh an scéal céanna ina mbéalsan.

28. Mar is é a tuigeadh don Spiorad Naomh agus dúinne nár chóir aon tromualach a chur oraibh thar an méid sin a bhfuil riachtanas leis:

29. sibh ag staonadh ónar íobraíodh d'íola agus ó fhuil agus ónar tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht. Is maith a dhéanfaidh sibh ach fanacht amach uathu san. Slán agus beannacht agaibh.”

30. Mar sin cuireadh chun bealaigh iad, agus chuaigh siad síos go hAntíoc; agus chruinnigh siad na daoine le chéile gur thug siad an litir dóibh.

31. Agus nuair a bhí sí léite acu, chuir an t‑aitheasc lúcháir orthu.

32. Agus labhair Iúdás agus Sailas, a bhí ina bhfáithe iad féin, an iomad briathra ag tabhairt misnigh do na bráithre agus neartaigh siad iad.

33. Agus nuair a bhí tamall caite acu, scar siad go síochánta leis na bráithre gur fhill ar an dream a chuir uathu iad.

35. Ach d'fhan Pól agus Barnabas in Antíoc, ag teagasc agus ag seanmóireacht bhriathar Dé, iadsan agus mórán daoine eile leo.

36. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin arsa Pól le Barnabas, “Tar liom anois, go bhfillimid agus go dtugaimid cuairt ar gach cathair inar fhoilsíomar briathar Dé, go bhfeicimid cad é an bhail atá orthu.”

37. Agus ba mhian le Barnabas Eoin dá ngairtí Marcas a thabhairt leo freisin.

38. Ach mheas Pól gurbh fhearr dóibh gan an duine sin a thabhairt leo a thréig i bPamfilia iad agus nach ndeachaigh leo i gcionn na hoibre.

39. Agus d'éirigh achrann searbh eatarthu, i dtreo gur scar siad le chéile; ghlac Barnabas Marcas le bheith leis agus sheol sé leis go dtí an Chipir,

40. ach thogh Pól Sailas, agus d'imigh seisean, agus na bráithre á chur faoi choimirce ghrásta Dé.

41. Agus shiúil sé ar fud na Síre agus Cilicia, ag neartú leis na heaglaisí.