Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Gníomhartha 22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí leis na briathra seo uaim do mo chosaint féin.”

2. Agus nuair a chuala siad é ag caint leo sa teanga Eabhrach, is móide a d'fhan siad ina dtost. Agus dúirt sé:

3. “Is Giúdach mé, a tháinig ar an saol i dTarsus i gCilicia, ach a oileadh sa chathair seo ag cosa Ghamáliel, ar tugadh oideachas dó go cruinn beacht i ndlí ár sinsear, agus an dúthracht chéanna ar son Dé agus atá ionaibh uile an lá seo.

4. Chuir mé géarleanúint ar an tSlí seo go bás, agus mé ag ceangal fear agus ban agus á gcaitheamh i bpríosún,

5. agus fágaim a fhianaise sin ar an ardsagart agus ar chomhairle uile na seanóirí. Fuair mé litreacha chuig na bráithre uathusan, agus rinne mé aistear go dtí an Damaisc leis an dream a bhí ansin a ghabháil freisin, agus iad a thabhairt i ngeimhle go hIarúsailéim go gcuirtí pionós orthu.

6. “Nuair a bhí mé ar m'aistear agus mé ag teacht cóngarach don Damaisc, i dtrátha lár an lae lonraigh mórsholas ó neamh go tobann i mo thimpeall.

7. Agus thit mé go talamh, agus chuala mé an glór ag rá liom, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéarleanúint?’

8. Agus d'fhreagair mé, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt sé liom, ‘Is mise Íosa as Nasair a mbíonn tú á ghéarleanúint’.

9. Anois an dream a bhí i mo chuideachta chonaic siad an solas, ach níor chuala siad glór an té sin a bhí ag labhairt liom.

10. Agus d'fhiafraigh mé, ‘Cad é a dhéanfas mé, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom, ‘Éirigh, agus gabh isteach go dtí an Damaisc, agus inseofar ansin duit cad é atá i ndán duit a dhéanamh.’

11. Agus nuair nach raibh aon amharc agam de bharr mórghile an tsolais úd, ghlac an dream a bhí liom ar ghreim láimhe mé gur thángamar isteach go dtí an Damaisc.

12. “Agus bhí duine darbh ainm Ananias, a bhí ina fhear cráifeach de réir an dlí, a raibh dea-iomrá air ag na Giúdaigh uile a bhí ina gcónaí ann,

13. a tháinig chugam, agus a sheas le mo thaobh agus a dúirt liom, ‘A bhráthair Sáúl, bíodh amharc do shúl agat.’ Agus san am sin fuair mé m'amharc agus chonaic mo shúile é.

14. Agus dúirt sé, ‘D'ordaigh Dia ár sinsear duitse fios a thola a fháil, agus Fíréan na bhfíréan a fheiceáil agus fuaim bhriathra a bhéil a cluinstin;

15. mar beidh tú mar fhinné aige os comhair daoine ar a bhfaca agus arar chuala tú.

16. Agus anois cad é an mhoill sin ort? Éirigh agus glac baiste, agus nigh díot do pheacaí, ag glaoch ar a ainmsean.’

17. “Nuair a bhí mé ag urnaí sa teampall tar éis filleadh ar Iarúsailéim, thit támhnéal orm

18. ina bhfaca mé é ag rá liom, ‘Déan deifir agus éalaigh leat as Iarúsailéim, mar ní ghlacfaidh siad le d'fhianaise i mo thaobh.’

19. Agus dúirt mé, ‘A Thiarna, tá a fhios acu féin go mbínn ag bualadh an dreama a chreid ionat i ngach sionagóg agus á gcur i bpríosún.

20. Agus nuair a bhíothas ag doirteadh fhuil Stiofáin, d'fhinné, bhí mise i mo sheasamh ag amharc air, agus mé ag aontú leis, agus ag coimeád éadaí lucht a mharaithe.’

21. Agus ar seisean liom, ‘Imigh; mar tá fúm tú a chur i bhfad as seo chuig na Gintlithe.’”

22. D'éist siad leis chomh fada leis an bhfocal sin; ach ansin d'ardaigh siad a nglórtha agus dúirt siad, “Ba chóir a leithéid de dhuine a scriosadh de dhroim an talaimh! Mar ní ceart a fhágáil in a bheatha.”

23. Agus nuair a chuaigh siad ag béiceadh agus ag cur a gcuid éadaí ag foluain ar ghaoth agus ag caitheamh deannaigh suas san aer,

24. d'ordaigh an treabhann a thabhairt isteach chun na beairice, agus eolas a bhaint as leis an sciúirse, de gheall ar a fháil amach cad é a thug orthu gáir mar sin a thógáil ina éadan.

25. Ach nuair a bhíothas ag teannadh na dtéad air, d'fhiafraigh Pól den cheantúira a bhí ina sheasamh dá chomhair, “An bhfuil sé dleathach agaibh fear atá ina shaoránach Rómhánach a sciúrsáil, agus gan coir ina éadan?”

26. Nuair a chuala an ceantúir sin, chuaigh sé chuig an treabhann agus dúirt sé leis, “Cad é sin a bhfuil tú lena dhéanamh? Mar tá an fear seo ina shaoránach Rómhánach.”

27. Tháinig an treabhann chuige mar sin agus dúirt sé leis, “Ceist agam ort; an saoránach Rómhánach tú?” Agus d'fhreagair sé, “Is ea.”

28. D'fhreagair an treabhann, “Is ar shuim mhór airgid a cheannaigh mise an tsaoránacht seo.” Arsa Pól, “Is amhlaidh atá mise i mo shaoránach ó bhroinn.”

29. Dá bhrí sin d'imigh siad ar gcúl ar áit na mbonn, na fir a bhí ar tí a chéasta le heolas a bhaint as; agus bhí a shá eagla ar an treabhann, nuair a thuig sé gur shaoránach Rómhánach é agus go raibh sé ceangailte aige.

30. Ach lá arna mhárach, ó bhí fonn air fios na fírinne a fháil, cad chuige a raibh na Giúdaigh á chúiseamh, scaoil sé é, agus d'ordaigh sé do na hardsagairt agus don chomhairle uile teacht le chéile, agus thug sé Pól anuas leis gur chuir ina sheasamh os a gcomhair é.