Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Gníomhartha 23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhain Pól lán na súl as an gcomhairle ansin agus dúirt sé, “A bhráithre, tá mo shaol caite agam i láthair Dé agus coinsias glan gan smál agam go dtí an lá seo.”

2. Ach d'ordaigh an t-ardsagart Ananias do na fir a bhi ina seasamh ina aice é a bhualadh ar an mbéal.

3. Dúirt Pól leis ansin, “A bhalla úd a úrghlanadh le haol! Buailfidh Dia béim ort. Nach bhfuil tú i do shuí ansin le breithiúnas a thabhairt orm de réir an dlí, agus a rá is de go n‑ordaíonn tú mo bhualadh in éadan an dlí?”

4. Dúirt na fir a bhí ina seasamh in aice leis, “An bhfuil sé fút masla cainte a thabhairt d'ardsagart Dé?”

5. Agus dúirt Pól, “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurbh eisean an t‑ardsagart; mar tá sé scríofa, ‘ná labhair go mailíseach ar cheann chreidimh do mhuintire.’”

6. Ach chomh luath agus a d'aithin Pól go raibh cuid acu ina Sadúcéigh, agus cuid acu ina bhFairiséigh, ghlaoigh sé in ard a chinn i gceartlár na comhairle, “A bhráithre, is Fairiséach mise, agus mé de shliocht na bhFairiséach de réir folaíochta; agus cúirt á cur orm i dtaobh an dóchais agus i dtaobh aiséirí na marbh.”

7. Nuair a dúirt sé sin, d'éirigh conspóid idir na Sadúcéigh agus na Fairiséigh, agus scoilteadh an cruinniú ina dhá leath.

8. Mar deir na Sadúcéigh nach bhfuil aiséirí, ná aingeal, ná sprid ann; ach creideann na Fairiséigh iontu seo uile.

9. D'éirigh gáir mhór ansin; agus d'éirigh cuid de na scríobhaithe a bhí in aicme na bhFairiséach agus seo á mhaíomh acu, “Ní fheictear dúinn go bhfuil aon choir ar an duine seo. Cad chuige nach gcuirtí i gcás gur labhair sprid nó aingeal leis?”

10. Agus nuair a bhí an t‑achrann ag éirí dian, bhí eagla ar an treabhann go dtarraingeoidís Pól as a chéile eatarthu, agus d'ordaigh sé do na saighdiúirí dul síos agus é a ardú uathu le treise lámh agus a thabhairt isteach sa bheairic.

11. An oíche ina dhiaidh sin sheas an Tiarna lena thaobh agus dúirt sé leis, “Glac ina mhórmhisneach é, mar beidh ort fianaise a thabhairt orm sa Róimh, mar an fhianaise a thug tú orm in Iarúsailéim.”

12. Nuair a ghealaigh an lá, rinne na Giúdaigh comhcheilg agus thug siad móid agus mionn gan bia ná deoch a bhlaiseadh go raibh Pól maraithe acu.

13. Bhi corradh le daichead fear acu a bhí páirteach sa chomhcheilg seo.

14. Agus chuaigh siad chuig na hardsagairt agus na seanóirí, agus ar siad leo, “Táimid tar éis móid dhaingean a ghlacadh gan bia a bhlaiseadh go dtí go maróimid Pól.

15. Tugaigí sibhse mar sin agus tugadh an chomhairle foráileamh don treabhann é a thabhairt anuas chugaibh, ionann is dá mbeadh sibh lena chás a scrúdú níos beaichte. Agus táimidne réidh ullamh lena mharú sula dtagann sé os bhur gcomhair.”

16. Ach fuair mac dheirfiúr Phóil fios faoin luíochán sin, agus chuaigh sé isteach sa bheairic lena insint do Phól.

17. Agus ghlaoigh Pól ar dhuine de na ceantúirí, agus dúirt sé leis, “Tabhair an t‑ógfhear seo leat go dtí an treabhann, mar tá scéal aige lena insint dó.”

18. Ghlac sé leis é mar sin agus thug sé chuig an treabhann é agus dúirt sé, “D'iarr Pól an príosúnach orm an t‑ógfhear seo a thabhairt chugat, ó tá scéal aige duit.”

19. Rug an treabhann ar a láimh, gur thug i leataobh é gur fhiafraigh de os íseal, “Cad é atá agat lena insint dom?”

20. Agus ar seisean, “D'aontaigh na Giúdaigh le chéile go n‑iarrfaidís ort Pól a thabhairt anuas roimh an gcomhairle amárach, ionann is dá mbeidís lena chás a scrúdú níos beaichte.

21. Ach ná géill tusa dóibh; mar tá corradh le daichead dá bhfir i luíochán roimhe, a bhfuil móid tugtha acu gan ithe ná ól go raibh sé maraithe acu; agus tá siad réidh anois, agus iad ag fanacht leis an ngealltanas uait.”

22. Chuir an treabhann mar sin an t‑ógfhear ar shiúl, agus bhagair sé air, “Ná habair le duine ar bith gur inis tú dom faoi sin.”

23. Ghlaoigh sé chuige beirt de na ceantúirí agus dúirt sé leo, “Bígí réidh an tríú huair den oíche le dul fad le Caesaríá le dhá chéad saighdiúir agus seachtó marcach agus dhá chéad sleádóir.

24. Agus bíodh beithigh chapall agat a dtagann le Pól marcaíocht orthu agus tugaigí slán é chuig Felix an t‑uachtarán.”

25. Agus scríobh sé litir arbh í a suim:

26. “Beannaíonn Claudius Lisias dá shoilse Felix an t‑uachtarán.

27. Rug na Giúdaigh ar an bhfear seo agus bhí siad ar tí a mharaithe, nuair a tháinig mé orthu leis na saighdiúirí agus a tharrthaigh mé é, ó bhí fhios agam gur shaoránach Rómhánach é.

28. Agus thug mé síos chuig an gcomhairle é, le fios a fháil cad é an choir a chuir siad ina leith.

29. Agus thuig mé as go rabhthas á chúiseamh i dtaobh pointí dá ndlí siúd, ach nach raibh cúis ar bith ina éadan a thuill bás ná príosúnacht.

30. Agus nuair a nochtadh dom go mbeadh comhcheilg ann in éadan an duine seo, chuir mé chugaibh gan mhoill é, ag ordú do lucht a chúisimh a bhfuil le rá ina éadan a dhearbhú in bhur láthair féin.”

31. Rinne na saighdiúirí mar ordaíodh dóibh, agus ghlac siad Pól agus thug siad ar aistear oíche chomh fada le hAntipatris é.

32. Agus lá arna mhárach d'fhill siad ar an mbeairic, agus d'fhág siad faoi na marcaigh dul ar aghaidh leis.

33. Agus nuair a shroich siadsan Caesaríá, agus a sheachaid siad an litir don uachtarán, thug siad Pól i láthair freisin.

34. Nuair a bhí an litir léite aige, d'fhiafraigh sé de cad é an cúige ar de é. Nuair a chuala sé go mba as Cilicia é

35. dúirt sé, “Tabharfaidh mé éisteacht duit nuair a thiocfas lucht do chúisimh.” Agus d'ordaigh sé a chur faoi choimeád i bPraetorium Iorua.