Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Gníomhartha 16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus tháinig sé go Listra agus Derbé freisin. Bhí deisceabal ansin, arbh ainm dó Timótéus, mac máthar Banghiúdaí a bhí ina creidmheach; ach ba Ghréagach a athair.

2. Bhi an dea-fhocal le rá ag na bráithre i Listra agus in Icónium ina thaobh.

3. Bhi fonn ar Phól Timótéus a bheith leis; agus ghlac sé é agus thimpeallghearr sé é as siocair na nGiúdach a bhí sna háiteanna úd, mar bhí a fhios acu uile gur Ghréagach a bhí ina athair.

4. Chuaigh siad mar sin ó chathair go cathair, ag tabhairt dóibh na reachtanna sin, ar tháinig na haspail agus na cruifreacha in Iarúsailéim orthu, lena gcoimeád.

5. Neartaíodh mar sin le creideamh na n‑eaglaisí, agus iad ag méadú ina líon ó lá go lá.

6. Shiúil siad mar sin réigiún Phrigia agus Galátia, ó chuir an Spiorad cosc leo ó bheith ag labhairt an bhriathair san Áise.

7. Nuair a tháinig siad os comhair Mhisia, thug siad iarraidh ar dhul go Bitinia, ach níor lig Spiorad Íosa dóibh sin a dhéanamh;

8. mar sin de, chuaigh siad thar Mhisia agus síos go Tróas.

9. Agus bhí aisling ag Pól san oíche ina bhfaca sé fear as an Macadóin ina sheasamh roimhe agus ag cur impí air agus á rá, “Tar anall go dtí an Mhacadóin agus cuidigh linn.”

10. Agus ní luaithe a bhí an aisling feicthe aige ná thugamar iarraidh ar dhul ar aghaidh linn go dtí an Mhacadóin, ag teacht ar an tuairim gur ghlaoigh Dia orainn leis an soiscéal a sheanmóireacht dóibh siúd.

11. Sheolamar mar sin ó Thróas; agus cóir linn caoldíreach go Samotrácé, agus an lá ina dhiaidh sin go Néapolis,

12. agus as sin go Filipí, príomhchathair cheantar na Macadóine, agus coilíneacht de chuid na Róimhe. D'fhanamar sa chathair sin tamall de laethanta;

13. agus lá na sabóide chuamar cois na habhann taobh amuigh den gheata, áit ar shíleamar a mbeadh teach urnaí ann; agus shuíomar ansin ag comhrá leis na mná a bhí cruinnithe le chéile.

14. Bhí ar na mná a bhí ag éisteacht linn bean a raibh Lidia mar ainm uirthi, ceannaí datha corcra as cathair Thíatíra, a bhíodh ag adhradh Dé. Bhog Dia a croise le haire a thabhairt ar an méid a bhí á rá ag Pól.

15. Nuair a baisteadh í féin agus a teaghlach, d'agair sí orainn, agus dúirt sí, “Má mheasann sibh go bhfuil mé dílis don Tiarna, tagaigí agus fanaigí i mo theachsa.” Agus níor ghlac sí le diúltú uainn.

16. Casadh orainn ar ár mbealach go teach na hurnaí banchumhal a raibh sprid fháistineachta inti a shaothraíodh mórán airgid dá máistrí agus í ag déanamh feasa.

17. Lean sí Pól agus sinne, agus í ag glaoch in ard a cinn, “Seirbhísigh an Ard-Dé mhóir iad na fir seo, a fhoilsíos daoibh slí an tslánaithe.”

18. Agus bhíodh sí á dhéanamh mórán laethanta. Ach ghoill sin ar Phól, agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leis an sprid, “Ordaím duit in ainm Íosa Críost teacht amach aisti.” Agus tháinig sé amach ar an bpointe.

19. Ach nuair a chonaic a máistrí-se go gcaithfidís deireadh dúile a bhaint den airgead a bhí siad ag gnóthú aisti, rug siad ar Phól agus Shailas agus tharraing siad chuig na huachtaráin iad i sráid an mhargaidh;

20. agus thug siad os comhair na gceannfort iad agus dúirt siad leo, “Is Giúdaigh iad na fir seo agus tá ár gcathair á cur trí chéile acu.

21. Molann siad dúinn glacadh le nósanna nár dhleathach dúinne a nglacadh ná a gcleachtadh ó táimid inár Rómhánaigh.”

22. Thug an slua ionsaí fúthu freisin; agus stróic na ceannfoirt na héadaí díobh agus d'ordaigh a mbualadh leis an tslat.

23. Agus nuair a bhí mórán buillí buailte acu orthu, chaith siad isteach i bpríosún iad, ag ordú don séiléir faire mhaith a choinneáil orthu.

24. Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap.

25. Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo,

26. agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte.

27. Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.

28. Ach ghlaoigh Pól in ard a ghutha leis, “Ná déan dochar ná dolaidh duit féin, mar táimid uile go léir anseo i láthair.”

29. Agus d'ordaigh sé solas a lasadh agus rith sé isteach, agus thit sé agus é ar aon bhallchrith le heagla roimh Phól agus Shailas,

30. agus thug sé amach iad gur fhiafraigh díobh, “A fheara, cad é a chaithfeas mé a dhéanamh le teacht slán?”

31. Agus ar siadsan leis, “Creid sa Tiarna Íosa, agus slánófar thú féin agus do theaghlach.”

32. Agus labhair siad briathar Dé leis agus lena raibh sa teach.

33. Agus ghlac sé iad an tráth úd den oíche agus nigh sé a gcneácha, agus ghlac sé baiste ar an toirt, é féin agus a theaghlach.

34. Thug sé isteach chun a thí féin ansin iad, agus chuir sé bia ar bord rompu; agus bhí lúcháir air féin agus ar a theaghlach faoin gcreideamh a bhí aige i nDia.

35. Ach nuair a ghealaigh an lá, chuir na ceannfoirt a ngiollaí bata uathu, á rá, “Scaoil na fir úd.”

36. Agus thug an séiléir tuarascáil na mbriathra sin do Phól, agus dúirt sé, “Tá na ceannfoirt i ndiaidh scéal a chur chugam sibh a scaoileadh; tagaigí oraibh amach mar sin agus imígí libh go slán síochánta.”

37. Ach ba é an focal a labhair Pól leo, “Tá siad i ndiaidh ár mbuailte os comhair an phobail; agus ar mhian leo anois ár gcur díobh gan fhios? Agus ní hé sin amháin é ach ár gcur i bpríosún, sinne atá inár saoránaigh Rómhánacha nár cruthaíodh aon choir inár n‑éadan? Ní hea! A chead acu teacht iad féin agus ár dtreorú amach as.”

38. Thug na giollaí tuarascáil na mbriathar sin do na ceann­foirt, agus bhí a sá eagla orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha iad;

39. agus tháinig siad ag iarraidh pardúin orthu. Agus thug siad amach leo iad agus chuir siad impí orthu an chathair a fhágáil.

40. Chuaigh siad mar sin amach as an bpríosún, agus thug siad cuairt ar Lidia; agus chonaic siad na bráithre agus labhair siad leo le misneach a chur iontu agus d'imigh siad leo ansin.