Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Gníomhartha 19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. San am a raibh Apollós i gCoraint, shiúil Pól trí uachtar na tíre gur tháinig sé go dtí an Eiféis. Tháinig sé ar dhornán bráithre ansin.

2. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “An bhfuair sibh an Spiorad Naomh nuair a tháinig sibh chun creidimh?” Agus ar siadsan, “Ní bhfuair, mar níor chualamar riamh fiú go raibh a leithéid de Spiorad Naomh ann.”

3. Agus d'fhiafraigh sé díobh ansin, “Cé an sórt baiste ar ghlac sibh leis mar sin?” Agus ar siadsan, “Le baiste Eoin.”

4. Agus arsa Pól, “Bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le baiste na haithrí, agus ag insint do na daoine go gcaithfeadh siad creideamh sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”

5. Nuair a chuala siad sin, ghlac siad le baiste in ainm an Tiarna Íosa.

6. Agus nuair a leag Pól a lámha orthu, tháinig an Spiorad Naomh orthu; agus labhair siad i dteangacha agus rinne siad fáidheadóireacht.

7. Bhi dáréag iontu go hiomlán.

8. Agus chuaigh sé isteach sa tsionagóg ansin, agus labhair sé go neamheaglach i rith trí mhí, ag díospóireacht agus ag pléchúis ríocht Dé;

9. ach nuair a bhí cuid acu cruamhuineálach díchreidmheach, agus iad ag cáineadh na Slí os comhair an chomhthionóil, dhealaigh sé leo ansin, ag tabhairt na ndeisceabal leis, go ndearna díospóireacht ó lá go lá in áras Thiranais.

10. Leanadh den obair sin ar feadh dhá bhliain, ar mhodh gur chuala áitreabhaigh na hÁise uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, briathar Dé.

11. Agus bhíodh míorúiltí neamhchoitianta á ndéanamh ag Dia trí lámha Phóil,

12. mar bhíodh ciarsúir agus éadaí eile a bhí ar a chorpsan á n‑iompar chuig daoine breoite, agus na haicídí á bhfágáil agus na deamhain ag imeacht astu dá thairbhe sin.

13. Ba ansin a ghlac cuid de na Giúdaigh shiúil, lucht deamhain a dhíbirt, orthu féin ainm an Tiarna Íosa a lua os cionn na ndaoine a raibh deamhain ina gcoirp, mar deiridís, “Cuirim ort as ucht an Íosa seo a mbíonn Pól ag seanmóireacht faoi.”

14. Bhi seachtar mac a bhí ag ardsagart Giúdach darbh ainm Scébha ag déanamh mar sin.

15. Ach ba mar seo a d'fhreagair an drochsprid iad, “Tá aithne agam ar Íosa agus eolas agam faoi Phól; ach cé sibh féin?”

16. Agus léim an fear, a raibh an deamhan ann, ina mullach, á gcloí uile, agus ag fáil an lámh uachtair orthu, sa chruth gur theith siad as an teach úd agus iad loite lomnocht.

17. Agus chuala a raibh ina gcónaí san Eiféis de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh iomrá air sin; agus thit eagla orthu uile, agus tugadh adhmholadh d'ainm an Tiarna Íosa.

18. Tháinig mórán freisin a bhí ina gcreidmhigh anois, gur admhaigh agus gur fhoilsigh siad a gcleasa.

19. Agus bhí cuid mhór dá mbíodh ag cleachtadh asarlaíochta a rinne a gcuid leabhar a charnadh le chéile agus a dhó i súile an phobail; agus comhaireadh a luachsan agus measadh ar chaoga míle bonn d'airgead é.

20. Ba é sin an bláth agus an biseach a bhí ar bhriathar an Tiarna.

21. Ba i ndiaidh na n‑imeachtaí sin uile a rinne Pól rún, agus an Spiorad á threorú, an Mhacadóin agus Acáia a shiúl ar a bhealach go hIarúsailéim, agus é á rá, “I ndiaidh bheith ansin, caithfidh mé an Róimh a fheiceáil freisin.”

22. Agus chuir sé beirt dá thimirí, Timótéus agus Erastas, go dtí an Mhacadóin, agus d'fhan sé féin san Áise tamall.

23. Ba i dtrátha an ama sin a tógadh gleo nár bheag i dtaobh na Slí.

24. Mar bhí fear ann darbh ainm Demetrius, a bhí ina ghabha geal, a dhéanadh scrínte airgid d'Artemis, a thugadh obair go leor do na ceardaithe.

25. Chruinnigh sé le chéile iad, agus oibrithe eile den sórt, agus dúirt sé leo, “A fheara, tá a fhios agaibh go mbainimid a bhfuil de shaibhreas againn as an obair seo.

26. Agus feiceann sibh agus cluineann sibh ar tharla, ní san Eiféis amháin ach ar fud na hAise, go bhfuil go leor daoine ann ar mheall Pól iad leis agus ar chuir sé cluain orthu, agus é á rá nach déithe iad na lámh-dhéithe a dhéantar le lámha daoine.

27. Tá contúirt ann mar sin, ní hamháin go dtiocfaidh dímheas ar an gceird is againne ach go ndéanfar neamhní de theampall an bhandé mhóir Artemis, agus go dtiocfaidh milleadh uirthi ina gcaillfidh sí a mórgacht, an bandia sin a mbíonn muintir na hAise agus muintir an domhain uile á hadhradh.”

28. Nuair a chuala siad sin bhí racht feirge orthu agus iad ag béiceadh in ard a gcinn, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!”

29. Mar sin líonadh an chathair uile leis an ngleo; agus thug siad uile le chéile rúchladh isteach san amharclann, ag stróiceadh Ghaius agus Aristarcos leo, daoine as an Macadóin a bhí mar chomhthaistealaithe le Pól.

30. Bhí fonn ar Phól é féin dul isteach i measc an tslua, ach níor lig na deisceabail dó a dhéanamh;

31. agus cuid de lucht stiúrtha na hÁise, a raibh cairdeas acu leis, a chuir teachtairí chuige ag impí air gan é a bheith de dhánacht ann dul isteach san amharclann.

32. Anois bhí gach duine ann ag rá seo agus siúd in ard a chinn; mar ní raibh eagar ar an gcruinniú ná a fhios ag an mórchuid acu cad chuige ar tháinig siad i gceann a chéile.

33. Ach bhí cuid den slua ag glaoch ar Alastair, agus ba iad na Giúdaigh a chuir chun tosaigh é. Agus rinne Alastair comhartha lena láimh, agus fonn air é féin a chosaint os comhair na ndaoine.

34. Ach ní luaithe a d'aithin siad gur Ghiúdach é ná b'shiúd iad uile ag scairteadh d'aon ghuth in ard a gcinn, ar feadh dhá uair, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!”

35. Ach nuair a bhí an slua tugtha chun suaimhnis ag an gcléireach baile, dúirt sé leo, “A fheara na hEiféise, cá bhfuil an fear nach bhfuil a fhios aige go bhfuil sé de chúram ar chathair na nEiféiseach teampall an bhandé mhóir Artemis agus an naomhchloch a thit anuas ón spéir a choimeád?

36. Agus ó nach féidir é seo uile a shéanadh, is ceart daoibh bheith socair staidéartha agus gan aon ní tobann a dhéanamh.

37. Mar tá sibh i ndiaidh na fir seo a thabhairt anseo cé nach bhfuil aon teampall sáraithe acu ná aon mhasla tugtha acu ar ár mbandia-na.

38. Mar sin de, má tá ábhar casaoide in aghaidh aon duine ag Demetrius nó ag na ceardaithe atá aige, tá na cúirteanna dlí ann, agus iad ar oscailt rompu, agus tá prochonsail ann, agus féadann siad an dlí a chur ar a chéile.

39. Ach má tá rud ar bith eile uaibh, déanfar a réiteach ar an tionól rialta.

40. Mar is baolach go mbeifear ag cur cúis chíréibe inár leith faoinar tharla inniu, ó nach féidir linn a chruthú go bhfuil cúis ar bith leis an ngleo seo.”

41. Nuair a bhí an méid sin ráite aige, chuir sé deireadh leis an gcruinniú.