Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Gníomhartha 5 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ach bhí fear ann a raibh Ananias mar ainm air agus dhiol seisean agus a bhanchéile Safira sealbhán talaimh a bhí acu,

2. agus choinnigh sé siar cuid den airgead a fuair sé air (rud nach raibh ceilte ar a bhean), agus níor chuir sé ach cuid de ag cosa na n‑aspal.

3. Ach is é a dúirt Peadar, “A Ananias, cad é mar a líon Sátan do chroí le bréag a dhéanamh leis an Spiorad Naomh agus cuid den airgead a fuair tú ar an talamh a choinneáil siar?

4. Nár leat féin é nuair a bhí sé gan díol? Agus nuair a bhí sé díolta féin, nár cheadmhach duit do rogha rud a dhéanamh leis? Conas a bhí sé de chroí agat a leithéid seo de ghníomh a bheartú? Tá bréag déanta agat ní le duine ach le Dia.”

5. Ni luaithe a chuala Ananias na briathra sin ná thit sé maol marbh. Agus thit móreagla ar ar chuala é.

6. D'éirigh na fir óga agus d'fhill siad taiséadach air agus d'iompair siad amach gur chuir san uaigh é.

7. Chuaigh seal trí huaire thart ansin gur tháinig a bheansan isteach gan fhios a bheith aici faoinar tharla.

8. Agus is é a dúirt Peadar léi, “Inis dom, ar dhíol sibh an talamh ar an oiread sin?” Agus ar sise, “Dhíol agus ar an oiread sin.”

9. Ach dúirt Peadar léi, “Cad chuige a ndeachaigh sibh i gcomhar le chéile le cathú a chur ar Spiorad an Tiarna? B'shiúd cosa lucht adhlactha d'fhir chéile ina seasamh sa doras, agus beidh siad do d'iompar amach freisin.”

10. Ni luaithe sin ráite aige ná thit sí síos ag a chosa agus fuair sí bás. Nuair a tháinig na fir óga isteach fuair siad marbh í, agus d'iompair siad amach í gur chuir san uaigh í le taobh a fir chéile.

11. Agus thit móreagla ar an eaglais uile agus ar ar chuala iomrá ar na nithe sin.

12. Anois is iomaí comhartha agus ionadh a bhíodh á ndéanamh i measc na ndaoine le lámha na n‑aspal. Agus thagaidís uile le chéile i gColúnáid Sholaimh.

13. Ni raibh sé de dhánacht ag aon duine eile dul leo, ach bhí ómós mór ag na daoine dóibh.

14. Agus cuireadh níos mó de lucht an chreidimh leis an Tiarna ná roimhe sin, na sluaite idir fhir agus mhná,

15. sa chruth go mbídís go fiú ag iompar na ndaoine breoite amach faoi na sráideanna, agus á síneadh ansin ar leapacha agus ar shráideoga, mar dhúil is go dtiteadh scáil Pheadair ar chuid acu nuair a thiocfadh sé thart.

16. Chruinnigh na daoine chucu freisin as na bailte móra timpeall Iarúsailéim, ag tabhairt leo na ndaoine a bhí breoite nó a raibh deamhain neamhghlana á gcrá, agus leigheasadh iad uile go léir.

17. Ach d'éirigh an t‑ardsagart agus a lucht leanúna, is é sin, aicme na Sadúcéach, agus iad lán den fhormad,

18. agus ghabh siad na haspail agus chuir siad sa phríosún poiblí iad

19. Ach d'oscail aingeal ón Tiarna doirse an phríosúin san oíche agus thug sé amach as iad, agus dúirt sé leo,

20. “Imigí agus seasaigí amach sa teampall agus labhraígí briathra uile na Beatha seo leis na daoine.”

21. Agus nuair a chuala siad sin, chuaigh siad isteach sa teampall le breacadh an lae agus theagasc siad.Tháinig an t‑ardsagart agus a lucht leanúna ansin gur chruinnigh siad an chomhairle agus seanad uile Iosrael, agus gur chuir siad fios orthu chun an phríosúin.

22. Ach nuair a shroich na hoifigigh an príosún, ní bhfuair siad ansin iad, agus d'fhill siad gur thug an tuairisc seo air,

23. “Fuaireamar an príosún agus é dúnta go daingean faoi ghlas agus na gardaí ina seasamh os comhair na ndoirse, ach nuair a d'osclaíomar é ní bhfuaireamar duine ar bith taobh istigh.”

24. Nuair a chuala ceannfort an teampaill agus na hardsagairt na briathra sin, bhí mearbhall mór orthu, agus gan fhios acu cad é an toradh a bheadh air.

25. Tháinig duine chucu ansin leis an scéal a insint dóibh, “Tá siad ina seasamh sa teampall ag teagasc na ndaoine, na fir a chuir sibhse sa phríosún.”

26. Chuaigh an ceannfort agus na hoifigigh gur thug siad leo iad, ach gan lámh láidir, mar bhí eagla orthu go n‑imreodh na daoine bás orthu le clocha.

27. Thug siad isteach mar sin iad, gur chuir ina seasamh os comhair na comhairle iad. Agus chuir an t‑ardsagart ceist orthu,

28. agus dúirt sé, “D'ordaíomar go dian daoibh gan bheith ag teagasc san ainm sin, agus anois tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh agus rún agaibh éiric a bhaint asainn as fuil an fhir sin.”

29. Ach ba é freagra Pheadair agus na n‑aspal, “Caithfimid umhlú do Dhia agus ní do dhaoine.

30. Thóg Dia ár sinsear Íosa, an té ar mharaigh sibh é agus ar chroch sibh ar chrann é.

31. D'ardaigh Dia chun a láimhe deise é, le bheith ina Ardcheannasaí agus ina Shlánaitheoir, leis an aithrí a thabhairt d'Iosrael agus maithiúnas na bpeacaí.

32. Agus táimidne inár bhfinnéithe air sin, agus is finné air freisin an Spiorad Naomh a thug Dia don dream a umhlaíos dó.”

33. Nuair a chuala siad sin chuaigh siad ar buile agus bhí fonn orthu a gcur chun báis.

34. Ach bhí Fairiséach ar an gcomhairle a raibh Gamáliel mar ainm air, a bhí ina mháistir dlí, a raibh meas ag gach aon duine air, agus d'éirigh seisean ina sheasamh gur thug ordú na fir a chur amach go ceann tamaill.

35. Agus ar seisean leo, “A fheara Iosrael, bígí ar bhur n‑aire cad é a dhéanfas sibh leis na fir seo.

36. Mar d'éirigh Téúdas amach tamall ó shin, agus thug sé le fios don saol gurbh fhear mór é, agus d'éirigh tuairim is ceithre chéad fear amach ina chuideachta, ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna agus níor tháinig ní ar bith de.

37. Ina dhiaidh sin d'éirigh Iúdás an Galailéach in am an daonáirimh agus mheall sé cuid de na daoine le dul leis, ach cailleadh eisean freisin agus scaipeadh an dream a lean é.

38. Dá bhrí sin de, molaim daoibh anois fanacht amach ó na fir seo agus gan baint leo; mar más ón daonnacht amháin atá an beart agus an obair seo, tiocfaidh meath air,

39. ach más ó Dhia é, ní fhéadfaidh sibh a chur ar ceal. Agus ní hé sin amháin, tá baol ann go bhfeice sibh roimh an deireadh go raibh sibh ag cur in éadan Dé!”

40. Ghlac siad mar sin lena chomhairle, agus chuir siad fios ar na haspail, agus bhuail siad iad agus bhagair siad orthu gan labhairt in ainm Íosa, agus scaoil siad ansin iad.

41. Dimigh siad leo ansin as láthair na comhairle, agus lúcháir orthu gur measadh gur fiú iad easonóir a fhulaingt ar son an ainm.

42. Agus gach uile lá dár tháinig, sa teampall agus sa bhaile, ní raibh stad orthu ach ag teagasc agus ag seanmóireacht losa agus ag dearbhú gurbh é an Críost é.