Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Scrolla Eitilte

1. D'ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach scrolla ag eitilt.

2. “Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Feicim scrolla ar eitilt,” arsa mise, “tá sé fiche banlámh ar fad agus deich mbanlámh ar leithead.”

3. Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse.

4. Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”

Bairille an Oilc

5. Thaispeáin an t‑aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: “Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.”

6. “Cad é seo?” arsa mise. “Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,” ar seisean. Ansin dúirt sé: “Is é seo [an t‑olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.”

7. Ardaíodh an clúdach luaidhe den bhairille ansin agus bhí bean ina suí istigh ann.

8. “Is í seo an Urchóid,” ar seisean agus sháigh sé síos sa bhairille í agus theann sé an clúdach luaidhe ar a bhéal.

9. D'ardaigh mé mo shúile ansin agus cad a chonaic mé ach beirt bhan ag nochtadh chugainn agus an ghaoth ag séideadh faoina sciatháin - óir, is amhlaidh a bhí sciatháin acu cosúil le sciatháin na coirre báine. Thóg siad an bairille suas idir an talamh agus an spéir.

10. “Cá bhfuil an bairille á thabhairt acu?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom.

11. “Go dtí tír na Sionáire,” ar seisean liom, “chun teampall a thógáil dó ann. Nuair a bheidh sé ullamh dó, cuirfear síos ar a bhonn féin é.”