Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d'áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.

Scriosfar Íola agus Fáithe Bréige

2. “Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.

3. Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.

4. “Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d'fhonn daoine a mhealladh.

5. Déarfaidh gach duine díobh: ‘Ní fáidh ar bith mise ach fear a shaothraíonn an talamh; óir, bhí talamh i mo sheilbh agam ó m'óige.’

6. Agus má fhiafraítear de: ‘Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?’ freagróidh sé: ‘Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.’ ”

An Claíomh: An tIarmhar

7. “Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire,in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,”a deir Tiarna na Slua.“Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad!Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.

8. Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,”a deir Tiarna na Slua,“go gciorrófar agus go ndísceofardhá thrian den phobal,ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.

9. Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine;glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead;promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór.Glaofaidh siad ar m'ainmagus tabharfaidh mé freagra orthu.Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’;agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”