Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na hAdharca agus na Gaibhne

1. D'ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc.

2. “Cad iad seo?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. “Is iad seo na hadharca atá tar éis Iúdá agus Iosrael agus Iarúsailéim a scaipeadh,” ar seisean liom.

3. Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom.

4. “Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d'ardaigh a n‑adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”

An Fear Tomhais

5. D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.

6. “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.”

7. Ansin d'fhan an t‑aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige

8. agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.

9. ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”

Dhá Aitheasc do na Deoraithe

10. Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh,a deir an Tiarna,óir táim tar éis sibhse a scaipeadhfaoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.

11. Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin,tusa a chonaíonn sa Bhablóin;

12. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua,an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil,i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh:- óir aon duine a bhaineann libhse,baineann sé le himreasc a shúile -

13. Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh,agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu.Beidh a fhios agaibhse ansingurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.

14. Abair amhrán agus déan gairdeas,a iníon Shíón;óir, féach, táimse ag teachtchun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna.

15. Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin;beidh siad ina bpobal aige,agus cónóidh sé in bhur measc,agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Sluaa chuir chugat mé.

16. Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá,mar a chomhroinn féin sa talamh naofa,agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair.

17. Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna;óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.