Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Oracail Mheisiasacha

1. Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas:

2. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón,a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.”

3. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Fillfidh mé ar Shíónagus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim.Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim,Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”

4. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arísi gcearnóga Iarúsailéim;beidh bata ag gach duine díobh ina láimhde dheasca a sheanaoise.

5. Agus beidh cearnóga na cathrachlán de bhuachaillí agus de chailíníagus iad ag súgradh iontu.”

6. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Más geall le míorúilt é seole hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin,an gá gurb ionadh liomsa é?”- a deir Tiarna na Slua.

7. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Sábhálfaidh mé mo phobalón domhan thoir agus ón domhan thiar.

8. Tabharfaidh mé ar ais iadchun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim.Beidh siad ina bpobal agamsaagus beidh mise i mo Dhia acusango dílis agus go cóir.”

9. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Músclaígí bhur misneach,sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seoleis na briathra seo ó bhéal na bhfáitheatá ag déanamh tairngreachta,ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua,ionas go n‑atógfaí an Teampall.

10. Óir, roimh na laethanta seoní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí,agus, mar gheall ar a chuid naimhde,ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuineagus é ag dul i mbun a ghnó;mar bhí mé tar éis an uile dhuinea chur in aghaidh a chomharsan.

11. Ach anois ní chaithfidh méle hiarmhar an phobail seofaoi mar a chaith mé leo tráth,”a deir Tiarna na Slua.

12. “Beidh rath agus bláth ar a síol;tabharfaidh an fhíniúin a caoraagus an talamh a thorthaí;fearfaidh na spéartha a ndrúcht,agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seoi seilbh na maitheasaí seo go léir.

13. Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún,a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael,sin mar a shábhálfaidh mé sibhnó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh;ná bíodh aon eagla oraibh mar sinach músclaígí bhur misneach.”

14. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Faoi mar a bheartaigh médochar a dhéanamh daoibhnuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,”a deir Tiarna na Slua,“agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,

15. sin mar atá sé beartaithe agam athuairrath a chur ar Iarúsailéimagus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo.Ná bíodh eagla oraibh.

16. Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh:labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa;ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais,a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh;

17. ná beartaíodh aon duine agaibholc ina chroí in aghaidh a chomharsan;agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige;óir, is fuath liom na nithe sin go léir,”a deir an Tiarna.

18. Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:

19. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiúagus an seachtú agus an deichiú míina n‑ábhar áthais agus lúcháireagus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá.Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”

20. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Tiocfaidh ciníocha eile fós, áitritheoirí cathracha móra.

21. Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháingo ceann eile, á rá: ‘Téimis láithreachchun impí a dhéanamh ar an Tiarnaagus chun Tiarna na Slua a lorg.Táimse féin ag dul.’

22. Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréanchun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéimagus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.”

23. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fearas gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige,greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá:‘Lig dúinn dul in éineacht leat,óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ”