Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Cumhachtaí Móra

1. Oscail do gheataí, a Liobáin,chun go loiscfidh an tine do chéadrais.

2. Déan olagón, a chufróg;óir, tá an céadras tar éis titim,agus tá na mórchumhachtaí basctha.Déan olagón, a dharacha Bháiseán;óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.

3. Éist le holagón na n‑aoirí;óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte.Éist le búiríl na leon óg;óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.

Fáthscéal na nAoirí

4. Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: “Beathaigh an tréad atá le marú.”

5. Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.

6. Óir, ní bheidh trua agam d'áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.

7. Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.

8. In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.

9. “Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.”

10. Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal.

11. Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.

12. Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d'airgead geal.

13. “Caith isteach i gciste an Teampaill é,” arsa an Tiarna liom, “an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.” Ansin thóg mé an tríocha píosa d'airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna.

14. Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.

15. Dúirt an Tiarna liom ansin: “Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair.

16. Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.

17. Mairg don aoire gan éifeacht,a thréigeann a thréad!Go mbuaile an claíomh a ghéagagus a shúil dheas chomh maith.Go searga a ghéag ar fadagus go mbaintear an radharcdá shúil dheas go hiomlán.”