Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bua na nGiúdach ar a Naimhde

1. Oracal.Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

2. “Féach! Déanfaidh mé corn meisciúil de Iarúsailéim i gcomhair náisiúin uile na comharsanachta; agus ní taise do Iúdá é nuair a chuirfear Iarúsailéim faoi léigear.

3. Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.

4. “Ar an lá sin, a deir an Tiarna, cuirfidh mé alltacht ar gach uile chapall agus deargbhuile ar na marcaigh. Ach féachfaidh mé anuas le taitneamh ar theaghlach Iúdá nuair a chuirfidh mé daille ar chapaill uile na náisiún eile.

5. Déarfaidh clann Iúdá ina gcroíthe ansin: ‘Údar nirt d'áitritheoirí Iarúsailéim is ea Tiarna na Slua, a nDia.’

6. Ar an lá sin, déanfaidh mé ciseán tine i lár coille agus tóirse lasrach i measc punann de chlanna Iúdá; loiscfidh siad náisiúin uile na comharsanachta ar dheis agus ar chlé. Ach beidh Iarúsailéim á háitriú agus í suite go daingean ina hionad féin i gcónaí.

7. “Sábhálfaidh an Tiarna bothanna Iúdá ar dtús i dtreo nach sáróidh glóir theaghlach Dháiví agus áitritheoirí Iarúsailéim glóir Iúdá.

8. Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.

9. “Ar an lá sin, tá sé beartaithe agam na náisiúin uile a thiocfaidh in aghaidh Iarúsailéim a dhísciú.

Aithrí, Caoineadh, Naomhú na nGiúdach

10. “Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.

11. Ar an lá sin, déanfar caoineadh mór in Iarúsailéim cosúil leis an gcaoineadh a dhéantar ar son Hadad Rimeon ar mhá Mhigideo.

12. Agus déanfaidh an tír caoineadh,gach teaghlach ar leith:muintir theaghlach Dháiví ar leith,agus a mná leo féin;muintir theaghlach Nátán ar leith,agus a mná leo féin;

13. muintir theaghlach Léiví ar leith,agus a mná leo féin;teaghlach Shimeí ar leith,agus a mná leo féin;

14. na teaghlaigh eile go léir,gach teaghlach ar leith,agus a mná leo féin.