Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Leorghníomh

1. Ar an gceathrú lá fichead den mhí seo chruinnigh clann Iosrael le chéile le troscadh a dhéanamh in éadach róin agus luaithreach ar a gceann.

2. Rinne an pór Iosraelach iad féin a dheighilt ón muintir dheoranta go léir; sheasaíodar ansiúd ag admháil a bpeacaí agus coireanna a sinsear.

3. Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia.

4. Bhí Iéisiúa Bionúi, Caidmíéil, Seabainiá, Búiní, Séiribiá, Báiní agus Canáiní ag glaoch os ard chuig an Tiarna a nDia;

5. agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: “Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol.Moladh leat, a Thiarna ár nDia,Trí shaol na saol!Moladh le d'ainm glórmharA sháraíonn gach moladh agus móradh.

6. Tusa amháin is Tiarna;Rinne tusa na flaithis, flaithis na bhflaitheas, lena gcóiriú go léir,An talamh agus a torthaí go léir,Na farraigí agus a bhfuil ina gcrioslach.Chuir tú anam sna nithe sin go léir;Agus cromann sluaite na bhflaitheas os do chomhair.

7. A Thiarna, is tú an DiaA thogh Abrám,A thug as Úr na gCaildéach amach é,Agus a thug Abrahám mar ainm air.

8. Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é;Rinne tú conradh leisGo dtabharfa dó tír an Chanánaigh,An Hivigh agus an Amóraigh,An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh,Dó féin agus dá shliocht.Chomhlíon tú do ghealltanas,Óir is cóir é thú.

9. Chonaic tú cruachás ár sinsir san Éigipt;Chuala tú a nglao le hais Mhuir na nGiolcach;

10. Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn,In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre;Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo.Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu.

11. Dheighil tú an mhuir rompu;Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir.Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán,Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.

12. Mar cholún néil threoraigh tú iad sa láAgus mar cholún tine san oíche,Leis an mbealach rompu a shoilsiú,An bealach a bhí acu le triall.

13. Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái,Agus labhair tú leo ó na flaithis.Thug tú dóibh treoracha córa,Dlíthe cinnte,Reachtanna agus aitheanta maithe.

14. Thug tú eolas dóibh ar do shabóid naofa;Shocraigh tú aitheanta (agus reachtanna) agus dlí dóibh,Trí Mhaois do shearbhónta.

15. Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh.Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart.D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach,Agus seilbh a thógail ar an talamhA mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.

16. Ach d'éirigh siadsan agus ár sinsir uaibhreach,Agus le barr ceanndáine chuir siad suas do d'aitheanta.

17. Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontaisA rinne tú dóibh.D'éirigh siad ceanndána,Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse.Ach is Dia maithiúnais thú,Lán de chineáltas agus de thrócaire,Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá;Níor thréig tú iad.

18. Nuair a rinne siad lao dóibh féinDe mhiotal leáite agus go ndúirt siad:‘Sin é bhur nDia a thug sibh aníos as an Éigipt,’Agus gur thugadar diamhasla duit go mór,

19. Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach;An colún néil a threoraigh iad sa láNíor fhág sé iad,Ná an colún tine san oíche,Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.

20. Thug tú do dhea-spiorad dóibh lena dteagasc,Agus níor dhiúltaigh tú manna dá mbéala.Thug tú uisce lena dtart a mhúchadh.

21. Chothaigh tú iad ar feadh daichead bliain san fhásach;Ní raibh aon ní de dhíth orthu;Ní dheachaigh caitheamh ar a gcuid éadaigh,Ná at ar a gcosa.

22. Thug tú dóibh ríochtaí agus pobail,Agus bhronn tú gach feorann orthu;Ghabh siad seilbh ar chríocha Shíochon rí Heisbeon,Agus ar chríocha Óg rí Bháiseán.

23. Chuir tú an rath ar a sliochtMar a bheadh réaltaí nimheAgus threoraigh tú isteach iadSa tír a dúirt tú lena sinsir a ghabháil agus a shealbhú.

24. Chuaigh a sliocht isteach agus ghabh an tír,Agus threascair tú rompuNa Canánaigh, áitritheoirí na tíre,Agus thug tú ar láimh dóibh iad,Idir ríthe agus phobal na tíre,Le déanamh leo mar ab áil leosan.

25. Ghabh siad cathracha daingne,Agus tailte méithe;Fuair siad seilbh ar thithe a bhí lán d'ollmhaitheasaí,Ar thaiscumair thochailte, ar fhíonghoirt, agus ar luibhghoirt ológ,Ar chrainn torthaí go flúirseach.Chaitheadar bia, agus bhíodar sáitheach lán;Bhí orthu rian na dea-choda a thug tú dóibh go flaithiúil.

26. Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh;Thug siad droim leis an dlí;Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh,Le hiad a iompú ar ais ortsa,(Agus thug siad diamhaslaí móra).

27. Uime sin rinne tú iad a thabhairt i lámha naimhde,Agus rinne siadsan géarleanúint orthu,i laethanta a ngéarleanúna ghlaoigh siad ortAgus thug tú cluas dóibh ó na flaithis.Le barr trócaire thug tú slánaitheoirí dóibhA d'fhuascail iad ó lámha a naimhde.

28. Ach a luaithe a bhí síocháin acurinne siad peaca arís os do chomhair.Rinne tú iad a thabhairt i lámha a naimhdeagus luigh siadsan orthu go danartha.Ach d'iompaigh siad, ghlaoigh chugat arísAgus thug tú cluas dóibh ó neamh.An minic a dhéanfaidh tú iad a fhuascailt le teann trócaire?

29. Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí;Ach bhorr an t‑uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d'aitheanta;Pheacaigh siad in aghaidh d'orduithe,Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta;Chroith siad a nguaillí go stuacach,Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad.

30. Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta.Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe,Ach ní thabharfaidís aird ort.Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.

31. Ach, le barr grá, níor chuir tú deireadh leo,Níor thréig tú ar fad iad,Mar is Dia lách cineálta thú.

32. Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn,A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla,Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá,Nára beag leat an ainnise go léirA tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh,dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léirÓ ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin.

33. Bhí tú cóir i ngach ní dár tharla dúinn,Óir rinne tusa beart na dílse,Ach sinne beart na coirpeachta.

34. Ár ríthe, ár n‑uachtaráin, ár sagairt, ar sinsir,Níor choinnigh siad do dhlí,Ná níor thug siad aird ar aon aithne ná aon rabhadhDá dtug tú dóibh.

35. Fad bhí siad ina ríochtAgus i lár na flúirse a bhronn tú orthu,Sa tír mhór fhairsingA leath tú rompu,Níor éirígh siad as a ndrochghníomhartha.

36. Seo sinn inár ndaoir inniuAnseo sa tír a thug tú dár sinsir,Le sásamh a bhaint as a thorthaí agus as a nithe fónta;Daoir sinn!

37. Na ríthe a cheap tú os ár gcionn de bharr ar bpeacaí,Is ar mhaithe leo a thugann an tír a thorthaí méithe uaidh.Is acusan freisin atá cumas ar ár gcorp agus ar ár n‑eallach.Nach orainn atá an leatrom géar.”